Comhaontú Glas: infheistíocht AE a chaitheamh ar ghníomhaíochtaí inbhuanaithe 

Preasráiteas 
Seisiún iomlánach 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

  • Ba cheart do na ballstáit go léir a bheith níos iomaíche ar bhonn éiceolaíochta agus eacnamaíochta de 
  • Is é ‘Ná déan dochar suntasach’ an prionsabal ba cheart a bheith mar threoir don chaoi le hinfheistíochtaí a dhéanamh 
  • Caithfidh infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha araon a bheith ag réiteach le chéile chun cabhrú leis an mbearna san infheistíocht ghlas a dhúnadh 
Tá feisirí Eorpacha ag iarraidh a chinntiú go n-aistrítear ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil inbhuanaithe go dtí cinn atá © EP2012  

An 13 Samhain 2020, caitheadh vóta ar mholtaí na Parlaiminte faoin maoiniú don aistriú glas ionsar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe agus neodrach ó thaobh carbóin de.

I rún neamhcheangailteach maidir leis an bPlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe agus maidir le conas is féidir an Comhaontú Glas a mhaoiniú – a ritheadh le 471 vóta i bhfabhar, 134 vóta i gcoinne agus 83 ag staonadh – chuir na feisirí i bhfáth gur cheart gurbh é a bheadh mar cheann de na cuspóirí ag an bPlean ná a chinntiú go n-aistrítear ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil inbhuanaithe go dtí cinn atá. Áitíonn siad gur cheart don aistriú glas díriú isteach ar na héagsúlachtaí atá idir na ballstáit cheana a laghdú, go háirithe iad sin a d’fhéadfadh éirí níos measa, agus ar bhorradh a chur faoin gcumas iomaíochta, agus gur cheart go mbeadh poist ar ardcháilíocht agus poist inbhuanaithe ann mar thoradh air sin.

Prionsabail infheistíochta

Tá sé comhaontaithe ag na feisirí Eorpacha gur cheart go mbeadh gach infheistíocht phoiblí ag luí leis an bprionsabal nach ndéantar aon dochar suntasach, ar prionsabal é sin a bhfuil feidhm aige maidir le cuspóirí sóisialta agus maidir le cuspóirí comhshaoil, mar shampla an bhearna phá idir na hinscní a laghdú. Níor cheart go mbeadh infheistíocht phoiblí á fáil ach amháin ag na cláir náisiúnta agus réigiúnacha sin is mó a bheidh in ann na cuspóirí sin a chomhlíonadh. Chuige sin, tá na feisirí ag áitiú go mbeidh táscairí inbhuanaitheachta comhchuibhithe ann chomh maith le modheolaíocht chun an tionchar a thomhas. Ba cheart freisin na critéir atá leagtha síos sa rialachán maidir le tacsanomaíocht a chur san áireamh sula ndéanfar a dhearbhú go bhfuil na critéir don aistriú glas á gcomhlíonadh ag infheistíocht. Chomh maith leis sin, ba cheart pleananna téarnaimh náisiúnta a ailíniú le Pleananna Fuinnimh agus Aeráide Náisiúnta.


Is díol sásaimh do na feisirí go bhfuil an plean téarnaimh atá ag éirí as Covid-19, agus na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta atá bunaithe air sin, ceaptha an tAontas a chur ar an mbealach ceart chun aeráid-neodracht a bhaint amach faoi 2050, faoi mar atá leagtha síos i ndlí aeráide an Aontais. Is díol sásaimh dóibh freisin go bhfuil na spriocanna eatramhacha do 2030 san áireamh ansin, chomh maith leis an aidhm go mbeifear ag aistriú ionsar gheilleagar atá ciorclach agus neodrach ó thaobh na haeráide de.


Tá siad ag éileamh go gcuirfear deireadh de réir a chéile le haon infheistíocht phoiblí agus phríobháideach i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanann díobháil don chomhshaol agus is cúis le truailliú, agus go ndéanfar an méid sin aon uair atá roghanna malartacha atá indéanta go heacnamaíoch ar fáil. Ag an am céanna, tuigeann na feisirí go bhfuil an ceart ag gach ballstát a mheascán fuinnimh féin a roghnú agus cuireann siad i bhfáth gur cheart go mbeadh machaire réidh ann do chuideachtaí an Aontais le linn an phróisis a ghabhann leis an aistriú ionsar aeráidneodracht agus go leanfaidh na cuideachtaí sin de bheith iomaíoch, go háirithe nuair a bhíonn iomaíocht mhíchothrom ann ó thíortha eile lasmuigh den Aontas.

An plean infheistíochta a mhaoiniú


Níl na feisirí lándeimhin de go mbeidh an Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe in ann €1 trilliún a shlógadh faoi 2030, ós rud é nach bhfuil cuma rómhaith ar an ngeilleagar i ndiaidh ghéarchéim Covid-19, agus ba mhaith leo a fháil amach cén chaoi a mbeidh buiséad fadtéarmach nua an Aontais in ann rannchuidiú le spriocanna an Phlean a chomhall. Is ábhar buartha dóibh go bhféadfadh sé go mbeadh bearna san infheistíocht ghlas ann ag deireadh thréimhse an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile agus teastaíonn uathu go mbeadh pleananna ann chun an bhearna sin a dhúnadh trí infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí. Ag an am céanna, iarrann feisirí ar an gCoimisiún a áirithiú nach dtacóidh an buiséad fadtéarmach nua le gníomhaíochtaí a bheadh díobhálach do chuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais ná nach n-infheisteoidh sé iontu.


Cuireann siad i bhfáth go gcaithfidh infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha bheith ag réiteach le chéile agus nár cheart an earnáil phríobháideach a phlódú amach. Is díol sásaimh do na feisirí an cinneadh ón mBanc Eorpach Infheistíochta go ndéanfar 50% dá chuid oibríochtaí a chaitheamh le gníomhaíocht aeráide agus le hinbhuanaitheacht chomhshaoil ó 2025 ar aghaidh. Molann siad cur chuige ón íochtar aníos a úsáid agus gur cheart don Bhanc idirphlé idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha a chur chun cinn agus comhordú a dhéanamh leis na geallsealbhóirí éagsúla.