Infheistíocht an Aontais i réigiúin na hEorpa

Cuideoidh infheistíocht ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh le réigiúin na hEorpa teacht slán ó phaindéim Covid-19 agus leas a bhaint as an aistriú digiteach agus an aistriú glas.

Amharc ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

Níl réigiúin an Aontais Eorpaigh ag forbairt ag an luas céanna agus is é an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach ceann de phríomhthosaíochtaí AE. I bhfianaise dhrochiarmhairtí phaindéim Covid-19, tá an tAontas chun €243 bhilliún (i bpraghasanna 2018) a infheistiú i mbeartas forbraíochta réigiúnaí agus comhtháthaithe faoi 2027. I measc nithe eile, leagfar béim ar ghníomhú ar son na haeráide, cláir shóisialta agus forbairt uirbeach inbhuanaithe.


Athchóiriú ar bheartas réigiúnach an Aontais


Ag an seisiún iomlánach an 23 Meitheamh 2021, ghlac feisirí Eorpacha trí chiste chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú. Is iad na cistí sin ná Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus Sprioc an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh (Interreg). Ghlac feisirí rialachán eile a dhéileálann leis na forálacha atá i gcoiteann ag na cistí sin uile. Foilseofar na rialacháin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 30 Meitheamh agus tiocfaidh siad i bhfeidhm an lá dar gcionn.


Ag tacú le fás cliste agus inbhuanaithe i réigiúin na hEorpa


Leis an mbeartas comhtháthaithe úr, táthar ag iarraidh nósanna imeachta a shimpliú, infheistíocht a dhéanamh ar bhonn níos éifeachtaí agus a áirithiú go mbeidh sé i gcomhréir le spriocanna an Aontais i dtaca leis an aistriú digiteach agus an aistriú glas. Ba cheart chomh maith tacú leis an téarnamh iarphaindéime. Beidh ar na cistí 30% ar a laghad dá n-acmhainní a chaitheamh le gníomhú ar son na haeráide, leis an ngeilleagar ciorclach agus le hinfheistíochtaí i bhfás inbhuanaithe agus i gcruthú post. Foráiltear freisin do bhearta sonracha le haghaidh gnólachtaí beaga agus meánmhéide agus do na réigiúin is forimeallaí.


Mar chuid den téarnamh iarphaindéime, tacóidh na cistí freisin le cultúr, turasóireacht inbhuanaithe, digitiú agus teacht aniar níos fearr a bheith sa chóras sláinte poiblí. Cuirfear ar a laghad 8% d’acmhainní Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa ar fáil d’fhorbairt uirbeach inbhuanaithe. Ní chlúdaítear infheistíochtaí a bhaineann le cumhacht núicléach ná le breoslaí iontaise sa tacaíocht seo. Mar sin féin, go dtí an 31 Nollaig 2025, féadfar cabhair airgid ón gciste a thabhairt do thionscadail arb é atá mar aidhm leo ná gás nádúrtha a chur in ionad an ghuail.


Is cuid de bhuiséad fadtéarmach an Aontais don tréimhse 2021-2027 iad Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, agus tiocfaidh maoiniú chomh maith ón bplean téarnaimh NextGenerationEU. Cé go gcumhdaítear gach réigiún ar fud na hEorpa leis an gcéad cheann, tá an Ciste Comhtháthaithe dírithe ar thíortha AE ar lú a n-olltáirgeacht intíre per capita ná 90% de mheán an Aontais. Le buiséad de €243 bhilliún (i bpraghsanna 2018), le chéile beidh an dá chiste seo ar an uirlis infheistíochta is mó san Aontas. Is faoi na cistí seo a thagann thart ar an gceathrú cuid de bhuiséad 2021-2027.


Tacaíocht do thionscadail trasteorann


Beidh buiséad de €8.05 billiún (i bpraghsanna 2018) ar fáil do Interreg sa tréimhse 2021-2027. Is méadú 3% é sin le hais na tréimhse roimhe seo. Tá 72.2% de na hacmhainní seo le caitheamh ar chomhar trasteorann, agus is iad na réimsí eile a gheobhaidh cabhair airgid ná comhar trasnáisiúnta (18.2%), comhar idir-réigiúnach (6.1%) agus comhar i leith na réigiún is forimeallaí (3.5%).


Ar ndóigh aon tír atá ag iarraidh maoiniú a fháil ón trí chiste seo, beidh orthu coinníollacha áirithe a chomhlíonadh i.e. déanamh de réir Chairt an Aontais um Chearta Bunúsacha, Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus Chomhaontú Aeráide Pháras, chomh maith le comhionannas inscne a chur chun cinn agus a bheith gníomhach in aghaidh an idirdhealaithe.


Maoiniú eile do réigiúin an Aontais


Chomh maith leis na cistí thuas, tá cistí eile AE ann a infheistíonn i réigiúin na hEorpa. Agus é mar aidhm ag an Aontas aeráidneodracht a bhaint amach faoi lár an chéid, cuirfidh an Ciste um Aistriú Cóir €17.5 billiún ar fáil chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar gcúl san aistriú chuig geilleagar níos glaise. San áireamh sa phacáiste, tá €7.5 billiún ó chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus €10 mbilliún breise ó ionstraim téarnaimh AE. Le bheith incháilithe, ní mór do thionscadail díriú ar éagsúlú eacnamaíoch, athrú eacnamaíoch nó cruthú post, nó ní mór dóibh rannchuidiú le haistriú chuig geilleagar a bheidh inbhuanaithe, aeráidneodrach agus ciorclach.


Chomh maith leis sin, cuirfear acmhainní breise airgeadais ar fáil do réigiúin na hEorpa chun borradh a chur faoin téarnamh eacnamaíoch as an bpaindéim. Is tionscnamh éigeandála é ReactEU chun cistí a chur ar fáil do na réigiúin agus na hearnálacha inar troime buille na paindéime.