Físeán: beartas comhshaoil an Aontais go dtí 2030 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Caithfidh feisirí vóta an 8 Iúil 2021 ar a seasamh i dtaca le beartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh sa tréimhse roimh 2030. Amharc ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim.

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a thogra maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 anuraidh, bliain ina raibh éigeandáil sláinte agus comhshaoil dhomhanda a nochtadh i bhfoirm paindéim thubaisteach agus géarchéim éiceolaíoch, ar géarchéim í atá ag éirí níos measa. Caithfidh feisirí Eorpacha vóta iomlánach an 8 Iúil 2021 ar thuarascáil an fheisire Éireannaigh Grace O’Sullivan maidir le tosaíochtaí na Parlaiminte a mhéid a bhaineann le beartas aeráide go dtí 2030.


Díreach cosúil leis an gcuid eile den domhan, beidh ar an Eoraip aghaidh a thabhairt sna blianta amach romhainn ar iarmhairtí eacnamaíocha agus sochaíocha na géarchéime aeráide, ar dhíghrádú an éiceachórais agus ar fhadhb an ró-thomhaltais. Deanfaidh Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais iarracht dul i ngleic leis na fadhbanna seo.


Tuilleadh léitheoireachta: Bearta AE chun tionchar athrú na haeráide a mhaolú


Eoraip aeráidneodrach faoi lár an chéid


I vóta an 28 Samhain 2019, d'fhógair feisirí Eorpacha go bhfuil géarchéim aeráide ann agus d’iarr siad ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go bhfuil tograí reachtacha agus buiséadacha uile an Aontais ailínithe go huile is go hiomlán le cuspóirí chomhaontú Pháras agus leis an gcuspóir i leith an téimh dhomhanda a theorannú faoi 1.5°C.


Ó 1973, eisíonn an Coimisiún Cláir Ghníomhaíochta don Chomhshaol ilbhliantúla a leagan amach tograí reachtacha agus spriocanna atá le tarlú go luath le haghaidh beartas comhshaoil AE. Leagan an clár amach cuspóirí maidir le ceisteanna amhail cosaint an dúlra, fás inbhuanaithe, truailliú a chomhrac agus conas daoine a chur ar an eolas faoi fhadhbanna éiceolaíocha. Glacadh an seachtú clár siar sa bhliain 2013 faoin teideal ‘Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid’. Leagfaidh an t-ochtú clár (go dtí 2030) béim ar cheisteanna amhail conas dlús a chur leis an aistriú ionsar neodracht aeráide, úsáid fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus geilleagar lánchiorclach a chruthú faoi lár an chéid.


Geilleagar inbhuanaithe


De réir thuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil ón mbliain 2020, tá deis uathúil ann don Aontas sna deich mbliana atá amach romhainn ceannaireacht dhomhanda a thaispeáint maidir leis an inbhuanaitheacht agus dul i ngleic leis na dúshláin phráinneacha inbhuanaitheachta nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe agus nach féidir a shárú ach trí athrú sistéamach a áirithiú. Mar a luadh sa tuarascáil, ceann de na bunfhactóirí is suntasaí is cúis le dúshláin chomhshaoil agus inbhuanaitheachta na hEorpa is ea go bhfuil dlúthbhaint acu le gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus stíleanna maireachtála na nEorpach.


Chun dul i ngleic le díghrádú an chomhshaoil agus aidhm fhadtéarmach AE a bhaint amach i leith maireachtáil a dhéanamh faoi theorainneacha ár bpláinéid, tá feisirí Eorpacha ag iarraidh go n-oibreoidh an tAontas chun “geilleagar inbhuanaithe na dea-bhaile” a chruthú a thugann níos mó ar ais don phláinéad ná mar a thógann sé as, agus ba cheart do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030 a bheith mar bhonn leis. Leis an aistriú chuig geilleagar na dea-bhaile, cuirfear daoine agus a ndea-bhail ag croílár an cheaptha beartais agus na cinnteoireachta.


I dtuarascáil na bhfeisirí a chuirfear chun vóta an 8 Iúil, cuirtear in iúl gur cheart damáiste don chomhshaol a leigheas ag an bhfoinse agus gur cheart gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Faoin 31 Márta 2024, tá feisirí ag iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma ar an gClár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil agus go gcuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í. Leagfar amach sa mheastóireacht mheántéarma an dul chun cinn atá bainte amach.


Tá feisirí Eorpacha ag iarraidh chomh maith go mbainfear leas as an gcumas atá ag teicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear an intleacht shaorga atá dírithe ar an duine, soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe agus teicneolaíochtaí sonraí, chun tacú leis an mbeartas comhshaoil. Cuireann feisirí in iúl freisin go gcaithfear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise a chéimniú amach, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil gan mhoill agus faoi 2027 ar a dhéanaí.


Trédhearcacht agus monatóireacht


Beidh ról tábhachtach ag an gClár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil chun Aontas aeráidneodrach agus inbhuanaithe agus na cuspóirí atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach. Mar chuid den Chlár nua beidh sásra faireacháin nua chun a áirithiú go leanfaidh an tAontas de bheith ar an mbóthar ceart chun a chuspóirí comhshaoil a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2021, creat i bhfoirm scórchlár a thíolacadh chun faireachán agus rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta.


Tuilleadh léitheoireachta: