Clásal um chosaint fhrithpháirteach: céard go díreach atá i gceist leis?
Leis an gclásal um chosaint fhrithpháirteach, tá d’oibleagáid ar bhallstáit AE cabhair a sholáthar do bhallstát eile a ndéantar ionsaí armtha ar a chríoch. Tar éis ionsaithe Pháras i Samhain 2015 d'iarr rialtas na Fraince ar chúnamh ó thíortha eile AE; b'shin an chéad uair ar baineadh úsáid as an gclásál ó tugadh isteach é sa bhliain 2009. Tá éiginnteacht ann faoin bpróiseas áfach agus rinne feisirí Eorpacha é a phlé an 20 Eanáir. Caithfear vóta ar rún a bhaineann leis an gclásál an 21 Eanáir.
Ó thús 2015, tá saincheist na sceimhlitheoireachta tar éis a bheith mar mhír rialta ar chlár oibre fheisirí na Parlaiminte agus is dealraitheach, sna blianta amach romhainn, go mbeidh bagairt sheasta ann ón sceimhlitheoireacht san AE.
Tugadh an clásal um chosaint fhrithpháirteach isteach mar chuid den Chonradh ar an Aontas Eorpach sa bhliain 2009, tá sé ar fáil in airteagal 42(7) den chonradh. De réir an chlásail sin, tá d’oibleagáid ar bhallstáit cabhair agus cúnamh a sholáthar, a mhéid is mó agus is féidir de réir a gcumhachtaí, do bhallstát AE eile a ndéantar ionsaí armtha ar a chríoch.
Tá oibleagáid na cosanta frithpháirtí de cheangal ar na ballstáit ar fad, ach tá an clásál i gcomhréir le gealltanais na mballstát ar bhaill d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) iad. Níor leagadh nós imeachta foirmiúil amach go fóill áfach agus ní shonraítear in airteagal 42(7) go gcaithfidh ballstáit cabhair mhíleata a chur ar fáil. Ní chuireann an clásál isteach ar neodracht ballstát áirithe (Éire, an Fhionlainn, an Ostair agus an tSualainn) mar sin.
Cén saghas cúnaimh a chaithfear a chur ar fáil?
Tar éis do rialtas na Fraince iarratas oifigiúil ar chúnamh a dhéanamh an 17 Samhain, bhí cainteanna déthaobhacha ann leis na ballstáit eile faoin saghas dlúthpháirtíochta a bheadh ann chun dul i ngleic le bagairt na sceimhlitheoireachta. Tá sé curtha in iúl ag roinnt ballstát go mbeidís sásta páirt a ghlacadh sna hoibríochtaí i gcoinne an Stáit Ioslámaigh san Iaráic agus sa tSiria. Tá ballstáit eile chun tacaíocht a thabhairt d'fhórsaí na Fraince i reigiúin eile - Mailí, cuir i gcás - d'fhonn ligean don Fhrainc trúpaí a athlonnú. Mar go bhfuil na cainteanna faoi chabhair fhéideartha ar siúl ar leibhéal na mballstát, tá ról teoranta ag an Aontas Eorpach agus an clásál á chur i bhfeidhm. É sin ráite áfach, d'fhéadfadh an tAontas an próiseas a éascú agus a chomhordú.
I rún a glacadh sa Pharlaimint i Samhain 2012, tugadh cuireadh d'Ardionadaí an Aontais treoirlínte nithiúla a chur ar fáil a mhéid a bhaineann leis an gclásal um chosaint fhrithpháirteach. Bhí díospóireacht ann le linn an tseisiúin iomlánaigh an 20 Eanáir faoi ról AE sa phróiseas. Cuirfear rún a bhaineann leis an gclásál chun vóta an 21 Eanáir. Caith súil ar an ngrafaic faisnéise thuas chun tuilleadh eolais a fháil.
Cliceáil anseo chun súil a chaitheamh ar an vóta iomlánach an 21 Eanáir.
Airteagal 42(7)
- Má dhéantar ionsaí armtha ar a chríoch ar bhallstát, caithfidh na ballstáit rannpháirteacha eile cúnamh agus cabhair a thabhairt dó le gach meán is féidir leo, i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe. Ní dhéanfaidh sé sin dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta ballstát áirithe.
- Beidh na ceangaltais agus an comhar sa réimse sin comhchuí leis na ceangaltais arna ngabháil ar láimh laistigh d'Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh a leanann de bheith mar bhunsraith dá gcosaint chomhchoiteann i gcás na stát atá ina gcomhaltaí de agus mar eagras dá cur chun feidhme.
Tuilleadh faisnéise
- (oscail i gclib nua) Beoshruth den vóta (thart ar 12.30 CET an 21 Eanáir)
- (oscail i gclib nua) Conradh ar an Aontas Eorpach
- (oscail i gclib nua) An comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta: ról na Parlaiminte
- (oscail i gclib nua) Rún na Parlaiminte maidir leis an gclásál um chosaint fhrithpháirteach
- Opens in a new window Bileog eolais (Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa)
- Céimeanna an nós imeachta