Vóta: togra le haghaidh rialáil a dhéanamh ar shonraí paisinéirí ar eitiltí idirnáisiúnta

Mar thoradh ar ionsaithe an 11 Meán Fómhair 2001 d'iarr údaráis Mheiriceá rochtain ar shonraí pearsanta aerphaisnéirí ar eitiltí trasatlantacha d'fhonn cur lena gcumas ábhair sceimhlitheoirí a aimsiú. Tá an córas PNR nó Taifead Ainmneacha Paisinéirí tar éis a bheith go mór chun tosaigh ar chlár oibre na Parlaiminte le tamall anuas. Tháinig feisirí agus rialtais na mballstát ar chomhaontú sealadach i ndáil le rialacha nua roimh Nollaig; déanfar an comhaontú a phlé sa Pharlaimint an 13 Aibreán.

Tá sé léirithe ag na hionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla sa Bhruiséil an 22 Márta go bhfuil gá san Eoraip le comhoibriú níos fearr ó thaobh na frithsceimhlitheoireachta de. Mar chuid de fhreagairt na hEorpa ar an bhfadhb seo tá togra ann i ndáil le rialáil a dhéanamh ar shonraí paisinéirí ar eitiltí idirnáisiúnta a thagann isteach in AE.


Leis an togra PNR táthar ag iarraidh sonraí aerphaisinéirí idirnáisiúnta a bhailiú, a úsáid agus a choinneáil ar bhonn níos sistéamaí. Tháinig feisirí ar chomhaontú ar an togra le hionadaithe na Comhairle i Nollaig 2015. Is faisnéis neamhfhíoraithe iad sonraí taifead ainmneacha paisinéirí a sholáthraíonn na paisinéirí agus a dhéanann aeriompróirí a thiomsú agus ansin, a choinneáil. Áirítear faisnéis ann amhail ainmneacha, dátaí taistil, bealaí taistil, suíocháin, bagáiste, sonraí teagmhála agus modhanna íocaíochta.


Bíonn taisteal idirnáisiúnta i gceist le han-chuid den choireacht eagraithe agus de ghníomhaíochtaí na sceimhlitheoirí. Leis na rialacha molta seo dhéanfaí rialáil ar shonraí paisinéirí ar eitiltí idirnáisiúnta ó agus go dtí AE. Bheadh sé de cheart ag ballstáit rialáil a dhéanamh ar phaisinéirí ar eitiltí laistigh den Aontas freisin, más maith leo. Bheadh sé de dhualgas ar aerlínte na sonraí ábhartha a chur ar fáil agus choinneofaí ar taifead iad ar feadh cúig bliana. D'fhonn príobháideachas na bpaisinéirí a chosaint áfach ní bheadh cuid de na sonraí seo ar fáil tar éis leathbhliana.


Ról na Parlaiminte


Rinneadh togra maidir le húsáid a bhaint as sonraí paisinéirí ar an leibhéal Eorpach a dhiúltú sa Pharlaimint siar sa bhliain 2013. Ní raibh feisirí cinnte go raibh gá leis an gcóras PNR agus bhí siad buartha faoi raon feidhme an togra agus faoin tionchar ar chearta bunúsacha. Tar éis ionsaithe Pháras agus na Bruiséile áfach cuireadh dlús le freagairt na hEorpa ar bhagairt na sceimhlitheoireachta.


Is faoin ngnáth nós imeachta reachtach a dhéileáiltear leis an togra seo, rud a chiallaíonn gurb iad an Pharlaimint agus an Chomhairle a dhéanann cinneadh ina gcáil mar chomhreachtóirí. Cuireadh tús leis an idirbheartaíocht idir fheisirí agus ionadaithe na Comhairle i Meán Fómhair na bliana seo caite agus tháinig an dá institiúid ar chomhaontú ag tús mhí na Nollag. Cuirfear tús le díospóireacht sa Pharlaimint ar an gcomhaontú thart ar 15.45 (Am Lár na hEorpa) an 13 Aibreán. Cuirfear chun vóta é an 14 Aibreán thart ar 12.45.


Tar éis don Chomhairle agus don Pharlaimint glacadh leis an treoir i ndáil le sonraí aerphaisinéirí, beidh ar na ballstáit forálacha náisiúnta a ghlacadh d'fhonn cloí léi laistigh de dhá bhliain.


Caith súil ar an díospóireacht agus ar an vóta ar líne.