Rialacha nua chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc

Thug feisirí Eorpacha a gceadú an 19 Aibreán le rialacha atreisithe nua chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc. Tuilleadh faisnéise san alt thíos.

Financement du terrorisme : Judith Sargentini et Krišjānis Kariņš
Na feisirí Eorpacha Judith Sargentini agus Krišjānis Kariņš

D’fhonn cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun gníomhaíochtaí coiriúla a mhaoiniú, agus chun rialacha trédhearcachta a neartú agus cosc a chur ar cheilt mórscála cistí, tá treoir nua á hullmhú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh. Cuireadh na pleananna chun vóta sa Pharlaimint in Strasbourg an 19 Aibreán.

 

Tar éis do thromlach mór fheisirí na Parlaiminte a gceadú a thabhairt leis an dréacht-treoir, beidh rochtain fheabhsaithe ag Eorpaigh ar chláir d’úinéireacht thairbhiúil, ionas gur féidir feabhas a chur ar an trédhearcacht maidir le húinéireacht cuideachtaí. Go dtí seo bhí daoine in ann rochtain a fháil ar na cláir ar bhonn “leas dlisteanach”, iriseoirí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha cuir i gcás.

 

‘Airgead truaillithe a choinneáil amach as córas baincéireachta na hEorpa’

 

Faoin reachtaíocht nua, beidh siad inrochtana do chách. Chomh maith leis sin, déanfar na cláir a idirnascadh feasta chun an comhar idir na ballstáit a éascú. Tá forálacha ann freisin maidir le faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil iontaobhas, agus faoi chuntais bhainc agus thaisceadáin.

 

Is iad na feisirí Krišjānis Kariņš (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an Laitvia) agus Judith Sargentini (na Glasaigh/EFA, an Ísiltír) a bhí i gceannas ar stiúradh na reachtaíochta tríd an bParlaimint. Ag labhairt dó roimh an vóta, dúirt an tUasal Kariņš: “Má tá coirpeach á lorg ag Europol i mballstát amháin, beidh siad in ann faisnéis a fháil faoi na tíortha eile ina bhfuil cuntais bhainc aige nó aici. [...] Is é an cuspóir atá againn ná airgead truaillithe a choinneáil amach as córas baincéireachta na hEorpa. Ba chóir go mbeadh a fhios ag na bainc faoi pé duine atá freagrach as gach cuntas. Baineann dhá fhadhb le hairgead salach: cuireann sé an geilleagar ó rath, agus maoinítear an sceimhlitheoireacht a bhuí leis.”

 

Sceimhlitheoireacht a mhaoiniú ar bhuiséad an-bheag

 

Dar le Sargentini: “Rinneamar cinnte de go mbeidh sé deacair gnó a dhéanamh san Eoraip mura bhfuil tú sásta cur in iúl cé hé an t-úinéir.” Cuireann an feisire Ísiltíreach in iúl freisin gur féidir an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú ar bhuiséad an-bheag anois: “Is féidir gluaisteán a fháil ar cíos nó é a ghoid fiú agus ansin slua a leagan. Ní chosnaíonn sé sin aon rud.” Tá neart bealaí le sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, de réir Kariņš - gníomhaíochtaí aindleathacha, an margadh dubh, trádáil arm nó earraí eile, nó gáinneáil ar dhaoine: “Ansin téann an t-airgead sin isteach sa chóras baincéireachta Eorpach agus sciúrtar é.”

 

Tugtar aghaidh leis an reachtaíocht seo freisin ar na rioscaí a bhaineann le cártaí réamhíoctha agus le hairgeadraí fíorúla. Laghdófar an tairseach maidir le sealbhóirí cártaí réamhíoctha a shainaithint, ó €250 go €150. Bhí údaráis na mballstát go mór ar son an athraithe seo dar le Sargentini: “Thug údaráis na Fraince le fios gur baineadh úsáid as cártaí anaithnide chun gluaisteáin a fháil ar cíos a úsáideadh in ionsaithe sa Fhrainc.”

 

Malartú airgeadra fhíorúil

 

Chomh maith leis sin, beidh ar ardáin don mhalartú airgeadra fhíorúil agus ar sholáthraithe tiachóg taisceánach rialuithe díchill chuí don chustaiméir a chur i bhfeidhm, rud a fhágann go mbeadh deireadh leis an anaithnideacht a bhaineann le malartuithe den sórt sin. Dúirt Sargentini: “Táimid ag rá anois gur chóir go mbeadh ar sholáthraithe ardán agus orthu siúd a choimeádann bitcoin ina sparán eolas a bheith acu faoina gcustaiméirí, díreach mar a bhíonn ag na bainc. Is rud réabhlóideach go leor é.”

 

Leis an reachtaíocht nua seo, féachtar leis an airgeadas coiriúil a chur go tóin poill ach gan cur as do ghnáthfheidhmiú na margaí airgeadais agus na gcóras íocaíochta. Dúirt Karinš: “Táimid ag iarraidh fadhbanna a chothú do choirpigh in ionad do ghnáth-Eorpaigh nó do dhaoine ionraice.” Dar le Sargentini: “Nílimid ag iarraidh daoine a ghríosú le hairgead tirim a úsáid arís.”

 

An chéad chéim eile

 

Tiocfaidh an treoir athchóirithe i bhfeidhm ar an 3ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ansin, beidh bliain go leith ag na ballstáit chun na rialacha nua a thrasuí sa dlí náisiúnta.

 

Cliceáil anseo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi ról na Parlaiminte sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta.

Tuilleadh faisnéise