Sceimhlitheoireacht: reachtaíocht níos doichte chun cosc a chur ar mhonarú pléascán baile

Le rialacha nua atá á n-ullmhú sa Pharlaimint faoi láthair, teorannófar rochtain an phobail ar réamhtheachtaithe pléascán ar féidir mí-úsáid a bhaint astu le haghaidh monarú pléascán baile.

Vial with warning pictogram. ©AP Images/European Union-EP
Tá na rialacha reatha i bhfeidhm ó 2013 agus baineann neart laigí leo ©AP Images/EU-EP

Ó tharla na hionsaithe i réigiún Pháras i mí Eanáir 2015, cuireadh dlús le comhrac an Aontais Eorpaigh i gcoinne na sceimhlitheoireachta. Mar chéim eile sa chomhrac sin, i vóta an 16 Aibreán 2019, thug feisirí Eorpacha a gceadú le rialacha níos déine maidir le húsáid ceimiceán chun pléascáin mhídhleathacha bhaile a mhonarú.


Is pléascáin bhaile a úsáideadh i bhformhór mór na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta san Aontas Eorpach le déanaí, lena n-áirítear i Maidrid in 2004, i Londain in 2005, i bPáras in 2015, sa Bhruiséil in 2016, agus Manchain agus Parsons Green in 2017.


Is substaintí ceimiceacha iad réamhtheachtaithe pléascán ar féidir iad a úsáid chun críocha dlisteanacha ach ar féidir mí-úsáid a bhaint astu freisin le haghaidh monarú pléascán baile; faightear iad i nglantaigh, leasacháin, breoslaí speisialta, bealaí agus ceimiceáin uiscebhunacha.


Tá na rialacha maidir le margú agus úsáid na substaintí seo a neartú ag an Aontas Eorpach, ach mar go mbaintear úsáid astu chun críocha dlisteanacha chomh maith - i ngníomhaíochtaí talmhaíochta nó mianadóireachta nó chun tinte ealaíne a mhonarú - tabharfar sainmhíniú soiléir ar “úsáideoirí gairmiúla” isteach.


Tá na rialacha reatha i bhfeidhm ó 2013 agus tá srian ar dhíol substaintí amhail sárocsaíd hidrigine agus aigéad nítreach. Baineann neart laigí leis na rialacha áfach. Ag labhairt dó tar éis vóta an choiste um shaoirsí sibhialta, dúirt an feisire Andrejs Mamikins: “Tá sé léirithe ag ionsaithe sceimhlitheoireachta a bhí ann le déanaí nach bhfuil tír AE ar bith in inmhe sceimhlitheoireacht a chomhrac ina aonar. Ar bhonn tosaíochta, measaim go gcaithfear infhaighteacht substaintí pléascacha a rialú ar leibhéal an Aontais.” Tá an tUasal Mamikins i gceannas ar stiúradh na reachtaíochta maidir le réamhtheachtaithe pléascán tríd an bParlaimint.


I láthair na huaire, is mór an difear idir na córais cheadúnaithe agus chlárúcháin sna ballstáit. Leis an rialachán nua seo, cuirfear rialacha uile-AE i bhfeidhm maidir le heisiúint ceadúnas do dhaoine den phobal a bhfuil leas dlisteanach acu i réamhtheachtaithe pléascán atá srianta a fháil. Déanfar grinnfhiosrúchán slándála ar chúlra an iarratasóra, lena n-áirítear faisnéis maidir le ciontuithe coiriúla.


Ós rud é gur le haigéad sulfarach a monaraíodh pléascáin aindleathacha a úsáideadh i roinnt ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh san Eoraip le blianta beaga anuas, tá an Coimisiún Eorpach ag moladh gur cheart é a chur ar liosta na substaintí atá srianta.


Beidh feidhm ag na rialacha nua seo i gcás díolachán ar líne agus as líne.