
Tar éis d’AE agus don Bhreatain teacht ar shocrú maidir leis an gcaidreamh a bheidh eatarthu amach anseo, tháinig comhaontú trádála agus comhair i bhfeidhm go sealadach an 1 Eanáir 2021.
Tar éis d’AE agus don Bhreatain teacht ar shocrú maidir leis an gcaidreamh a bheidh eatarthu amach anseo, tháinig comhaontú trádála agus comhair i bhfeidhm go sealadach an 1 Eanáir 2021.
Ní hionann Brexit agus deireadh an chomhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Tá comhchainteanna ar siúl faoi láthair maidir le todhchaí an chaidrimh idir an dá pháirtí.
Ceadaíodh an comhaontú um tharraingt siar sa Pharlaimint an 29 Eanáir le 621 vóta ‘Tá’ agus 49 vóta ‘Níl’. Staon 13 fheisire ón vóta.
I ndíospóireacht an 21 Deireadh Fómhair 2020, leag feisirí béim ar a thábhachtaí atá sé teacht ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe nach dtiocfaidh salach ar leasanna ná ar luachanna AE.
Roimh vóta an 29 Eanáir ar an gcomhaontú um tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, labhair Comhordaitheoir Brexit na Parlaiminte Guy Verhofstadt linn faoin gcaidreamh leis an tír amach anseo.
In agallamh beo ar Facebook, dúirt an comhordaitheoir Brexit Guy Verhofstadt go bhfuil gá le tarraingt siar ordúil chun a chinntiú nach mbeidh foréigean ann arís ar oileán na hÉireann.
Bheadh tionchar ag Brexit gan mhargadh ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh ar fud AE. Chun teorainn a chur leis an dochar a dhéanfadh Brexit neamhordúil, tá roinnt bearta glactha ag feisirí.
An mbeifear in ann teacht ar chomhréiteach sula bhfágann an Ríocht Aontaithe an tAontas? Rinne feisirí plé an 18 Meán Fómhair 2019 ar an staid reatha maidir leis an idirbheartaíocht Brexit.
Tá ról thar a bheith tábhachtach ag Parlaimint na hEorpa sna comhchainteanna atá ar siúl faoi imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach. Tuilleadh san fhíseán thíos.
I vóta iomlánach an 14 Márta, thug feisirí Eorpacha a gceadú le rún i dtaca le creat comhlachais a d’fhéadfadh a bheith ann don chaidreamh leis an Ríocht Aontaithe tar éis Brexit.
Chuir an Taoiseach Leo Varadkar tús an 17 Eanáir le sraith díospóireachtaí idir ceannairí AE agus feisirí Eorpacha faoi thodhchaí na hEorpa.
Tá ról ríthábhachtach ag feisirí Eorpacha sa phróiseas Brexit agus cuirfear an comhaontú idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach chun vóta i bParlaimint na hEorpa.
Tá fáilte curtha ag Parlaimint na hEorpa roimh thuarascáil chomhpháirteach an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe maidir leis an dul chun cinn san idirbheartaíocht Brexit.
Ní dhearna dul chun cinn leordhóthanach san idirbheartaíocht go fóill a mhéid a bhaineann le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh.
I ndíospóireacht iomlánach an 3 Deireadh Fómhair, rinne feisirí Eorpacha an easpa dul chun cinn san idirbheartaíocht Brexit a cháineadh.
Cén saghas teorann a bheidh ann in Éirinn as seo amach? Agus imní ar phobail ar an dá thaobh, tá feisirí Eorpacha den tuairim go bhfuil sé fíorthábhachtach teorainn chrua a sheachaint.
“Tá cás na hÉireann thar a bheith tábhachtach dúinn san Aontas Eorpach” - b’shin a bhí le rá ag Guy Verhofstadt agus é i mbun cuairte ar Éirinn an 20-21 Meán Fómhair.
“Tá an Ríocht Aontaithe ag fágáil an Aontais Eorpaigh ach is cuid de theaghlach na hEorpa muid i gcónaí” - b’shin a bhí le rá ag Méara Londan Sadiq Khan agus é i mbun cuairte ar an bParlaimint sa Bhruiséil an 28 Márta. Dúirt sé go mbeadh comhoibriú ann i gcónaí idir an dá pháirtí i dtaca le cúrsaí slándála agus cosanta chomh maith le hairgeadas agus cultúr: “Ní chun leas Londan, na Ríochta Aontaithe ná an Aontais Eorpaigh a bheadh sé Londain nó an Ríocht Aontaithe a phionósú.”
Tá feisirí Eorpacha ag obair ní amháin chun cearta shaoránaigh an Aontais Eorpaigh sa Ríocht Aontaithe a chosaint ach cearta shaoránaigh na Breataine i mballstáit eile AE chomh maith.
Trí Airteagal 50 de Chonradh Liospóin a fheidhmiú an 29 Márta, réitíodh an bealach don phróiseas Breatimeachta.
Bhí cruinniú ag Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani an 20 Aibreán le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Theresa May. Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe i Londain, chuir an tUachtarán in iúl gur é an tosaíocht is mó a bheidh ag feisirí le linn na gcainteanna Breatimeachta ná cearta saoránach a chosaint: “Thar aon rud eile cosnóimid a gcuid leasanna go láidir.” I vóta an 5 Aibreán, thug tromlach mór na bhfeisirí a gceadú le rún le treoirlínte na Parlaiminte don phróiseas idirbheartaíochta.
Tá litir sínithe ag Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Theresa May ag cur in iúl go bhfuil sé i gceist ag an tír imeacht as an Aontas Eorpach. Trí Airteagal 50 de Chonradh Liospóin a fheidhmiú an 29 Márta, réitíodh an bealach don phróiseas Breatimeachta. Ón lá inniu, beidh dhá bhliain ag an Ríocht Aontaithe agus an Aontas Eorpach comhaontú um tharraingt siar a chur i gcrích. Beidh ar an dá pháirtí ceisteanna trádála a shocrú chomh maith ach meastar go dtógfaidh sé sin níos mó ama.
Agus é ag cur tús le seisiún neamhghnách de chuid na Parlaiminte sa Bhruiséil, dúirt
Ag cur fáilte dó roimh an Taoiseach Enda Kenny sa Bhruiséil an 2 Márta, dúirt Uachtarán na Parlaiminte gur "dúshlán mór d'Éirinn agus do mhuintir na hÉireann a bheidh in imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach". Chuir an tUachtarán in iúl go bhfuil tuiscint ag feisirí Eorpacha "ar an dlúthcheangal polaitiúil agus eacnamaíoch atá ann idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe". Dúirt an Taoiseach gur "athraíodh Éire ó bhonn de bharr a ballraíochta san Aontas Eorpach".
Trí Airteagal 50 de Chonradh Liospóin a fheidhmiú an 29 Márta, réitíodh an bealach don phróiseas Breatimeachta. Beidh dhá bhliain ag an Ríocht Aontaithe agus an Aontas chun comhaontú um tharraingt siar a chur i gcrích, agus cuirfear comhaontú ar bith a thagann amach as an bpróiseas idirbheartaíochta chun vóta iomlánaigh sa Pharlaimint. Déanfar tosaíochtaí Breatimeachta na Parlaiminte a phlé le linn an tseisiúin iomlánaigh an 5 Aibreán agus cuirfear dréachtrún ar an ábhar chun vóta chomh maith.
Suirbhé Eorabharaiméadair: tá muintir na hEorpa ag éileamh go mór go ndéanfaidh an tAontas Eorpach beart níos mó i 15 réimse beartais mhóra.
Dar le torthaí an tsuirbhé Eorabharaiméadar 2017 ba chóir don Aontas a bheith níos gníomhaí chun dul i ngleic le fadhbanna ar nós na sceimhlitheoireachta, na himirce agus na fostaíochta.
Tháinig feisirí Eorpacha agus ceannairí rialtais an Aontais Eorpaigh le chéile sa Róimh an 25 Márta chun comóradh a dhéanamh ar chonarthaí bunaidh an Aontais a síníodh sa chathair trí scór bliain ó shin. Ag labhairt dó ag na himeachtaí ceiliúrtha sa Róimh, dúirt Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani: “Déanaimid ceiliúradh inniu ar an lá sin a d’aiséirigh fonn na saoirse ó luaithreach an chogaidh.” Dúirt sé freisin gur “earra luachmhar” atá in AE ach nach féidir “talamh slán a dhéanamh de”.