Roinn an leathanach seo: 

Plé ar thionchar reifreann na Ríochta Aontaithe sa Pharlaimint  

Agus é ag cur tús le seisiún neamhghnách de chuid na Parlaiminte sa Bhruiséil, dúirt

an tUachtarán Martin Schulz gurb é seo an chéad uair riamh a tionóladh seisiún iomlánach ar fhógra chomh gearr. Dúirt sé freisin áfach gur rud nach bhfacthas riamh roimhe seo a bhí i vóta thoghthóirí na Ríochta Aontaithe. Tar éis don Choimisinéir Jonathan Hill éirí as, chuir Schulz a bhuíochas in iúl as an obair a rinne sé sa Choimisiún agus san fheachtas sa Ríocht Aontaithe ar son ballraíochta in AE.

Labhair an tAire Jeanine Hennis-Plasschaert ar son uachtaránacht na hÍsiltíre ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh: "Ar mhaithe linn féin ar fad ní mór a chinntiú go mbainfidh fiúntas leis an gcaidreamh idir AE agus an Ríocht Aontaithe as seo amach agus go mbeidh sé chun sochair don dá thaobh. Ní bhainfidh éinne tairbhe as sáinn pholaitiúil a bheith ann ar feadh i bhfad. Ag an am céanna áfach, ní mór dúinn roinnt ama a thabhairt don Ríocht Aontaithe d'fhonn go mbeidh sí in ann teacht chuici féin agus na cinntí atá ag teastáil a dhéanamh. Anois tá sé de dhúshlán ar an Eoraip cur ina luí ar mhuintir na hEorpa gur é an rogha is fearr atá againn ná seasamh le chéile. Ní rud doshamhlaithe atá i scoilteadh na hEorpa agus ba chóir go mbeadh imní orainn ar fad faoi sin."

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker go gcaithfear "meas a léiriú do chinneadh mhuintir na Breataine" ach gur chóir go mbainfidh iarmhairtí leis an vóta. D'iarr sé ar rialtas na Ríochta Aontaithe soiléiriú a thabhairt ar chúrsaí a luaithe is féidir d'fhonn nach mbeidh an iomarca éiginnteachta ann agus chuir sé in iúl nach gcuirfí tús le comhcainteanna rúnda nó neamhfhoirmiúla leis an rialtas i Londain. I gcáineadh a bhí dírithe ar cheannaire Pháirtí Neamhspleáchais na Ríochta Aontaithe Nigel Farage, dúirt sé: "Tá tú ar son tarraingthe siar ó AE, vótáil muintir na Breataine ar son tarraingthe siar, cad ina thaobh a bhfuil tú anseo mar sin?"

Vótáil níos mó ná 73% d'aos óg na Ríochta Aontaithe ar son ballraíochta leanúnaí in AE. Ag labhairt dó le toghthóirí óga, dúirt cathaoirleach ghrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh Manfred Weber: "Ní fhágfaidh muid in bhur n-aonar sibh." Dúirt an feisire Gearmánach go raibh lucht an phobalachais tar éis an reifreann an bhuachan agus gur chóir go mbeadh "náire" ar Nigel Farage de bharr nithe a mhaígh sé le linn an fheachtais nach bhfuil aon fhianaise ann le tacú leo, más fíor. Chuir Weber in iúl freisin go raibh deireadh le "laethanta an cheansaithe" agus gur chóir do pholaiteoirí deireadh a chur leis an gcaitheamh anuas go léir ar an mBruiséil: "Tá muidne ag súil go gcuirfear Airteagal 50 i bhfeidhm agus go mbeidh comhchainteanna sciobtha agus féaráilte ann."

Dúirt cathaoirleach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe Gianni Pittella: "Ní féidir le polaitíocht inmheánach an Pháirtí Choimeádaigh giall a dhéanamh den Aontas Eorpach. Ní mór d'údaráis na Breataine muid a chur ar an eolas a luaithe agus is féidir faoi fhonn na Ríochta Aontaithe AE a fhágáil. Deirim go soiléir inniu go seasfaidh grúpa na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe go han-láidir i gcoinne chur isteach an chomhshocraithe fhioscaigh i ndlí AE. Is maith an rud é an sholúbthacht bhuiséadach ach ní mór tuilleadh a dhéanamh d'fhonn infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a spreagadh. Cuirfidh an Eoraip freagra ar fáil ar na ceisteanna seo, sin nó beidh deireadh léi."

Tar éis do mhuintir na Breataine a dtuairimí a chur in iúl, ní mór súil a chaitheamh ar an todhchaí; b'shin a bhí le rá ag Syed Kamall, cathaoirleach an Ghrúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa. Dúirt an feisire Sasanach freisin go gcaithfear cloí le conarthaí AE agus go bhfuil gá le roinnt soiléireachta maidir leis an gclár ama a bhaineann leis na comhchainteanna um tharraingt siar. Chuir sé in iúl freisin go mbeidh gá le dlúthchaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus AE sna blianta amach romhainn.

Dúirt cathaoirleach na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe Guy Verhofstadt gur deacair an rud é glacadh le cinneadh nach bhfuil tú ina fhabhar. É sin ráite caithfear meas a léiriú do chinneadh na Ríochta Aontaithe, dar leis. D'áitigh an t-iarphríomh-aire Beilgeach go raibh bolscaireacht agus bréaga lucht an fheachtais "Leave" tar éis eagla agus meon diúltach a chothú. D'éireodh cúrsaí ní ba mheasa má leantar leis an éiginnteacht, a dúirt sé: "Ní féidir stop a chur leis an éiginnteacht ach trí Airteagal 50 a chur i bhfeidhm. Ní cóir don 27 mballstát fanacht de bharr go bhfuil páirtí na dTóraithe trína chéile."

Dúirt Gabriele Zimmer, cathaoirleach an ghrúpa den Chlé Aontaithe Eorpach/Chlé Ghlas Nordach, nach raibh feisirí a grúpasa chun a gceadú a thabhairt leis an rún mar go raibh "easpa féincháinte" ann. Dúirt sí freisin go raibh an ghéarchéim airgeadais agus "an dóigh uafásach" a caitheadh leis an nGréig, an Iodáil agus le tíortha eile tar éis droch-chuimhní a thabhairt do thoghthóirí an Aontais. "Níl sé léirithe ag AE gur féidir leis saoránaigh na hEorpa a chosaint ó chontúirtí an domhandaithe," a dúirt sí. Chuir sí in iúl freisin go bhfuil imní ar an-chuid de na daoine a vótáil i gcoinne AE faoi chúrsaí fostaíochta, faoi chúram sláinte agus faoi phinsin.

Ag labhairt dó ar son ghrúpa na nGlasach/EFA, dúirt Philippe Lamberts: "Inniu tá deis againn tionscadal nua a chur ar aghaidh ach ná bíodh ionadh orainn má tá amhras ann ón Danmhairg agus ó Éirinn chomh fada leis an nGréig. Ní mór filleadh ar ais ar bhunchlocha thionscadal na hEorpa, agus síocháin agus rath inbhuanaithe a chinntiú. An bhfuil sé de chumas orainn a chinntiú go bhfuil dínit ann don chine daonna ar fad, do dhaoine laistigh agus taobh amuigh den Aontas? Tá muidne cinnte go bhfuil sin de chumas orainn!"

Dúirt Nigel Farage, cathaoirleach an Ghrúpa d'Eoraip na Saoirse agus an Daonlathais Dhírigh, nach mbeadh na daoine sin a bhí ag gáire faoi nuair a toghadh é ina fheisire Eorpach don chéad uair 17 mbliana ó shin ag gáire níos mó. "Mar thionscadal polaitiúil, tá sibh ag diúltú glacadh leis an gcaoi a bhfuil cúrsaí," a dúirt sé. Thuar sé go bhfágfadh ballstáit eile an tAontas tar éis don Ríocht Aontaithe sin a dhéanamh; agus má dhiúltaíonn AE le comhaontú trádála ciallmhar leis an mBreatain chuir Farage in iúl go mbeadh tionchar i bhfad ní ba mheasa aige sin ar na ballstáit eile ná ar an Ríocht Aontaithe: "Bheadh rud ar bith níos fearr ná an socrú lofa atá ag an Ríocht Aontaithe faoi láthair."

Bhí cathaoirleach an ghrúpa d'Eoraip na Saoirse agus an Daonlathais Dhírigh Marine Le Pen den tuairim go raibh reifreann na Ríochta Aontaithe ar an "ócáid is stairiúla ar fad ó thitim Bhalla Bheirlín. Dúirt sí gur "buille sa phus" a bhí sa vóta agus gur léirigh sé nach próiseas do-athraithe atá i dtionscadal na hEorpa. Chuir sí in iúl freisin gur chóir cinneadh thoghthóirí na Breataine a chur i bhfeidhm go luath.

Chuir Diane Dodds, feisire de chuid an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh i dTuaisceart Éireann, in iúl nach féidir cinneadh mhuintir na Ríochta Aontaithe a athrú. Cháin sí ceannairí an Aontais Eorpaigh as an gcluas bhodhar atá tugtha acu d'ábhar míshásaimh mhuintir na Breataine le fada an lá. "Ach tá sibh ag éisteacht inniu," a dúirt sí. Shoiléirigh sí áfach nach raibh an Bhreatain tar éis droim láimhe a thabhairt don Eoraip.

Labhair an tAire Jeanine Hennis-Plasschaert arís nuair a tháinig deireadh leis an gcéad bhabhta den díospóireacht: "Tá gá, ag an bpointe seo, le hEoraip atá níos fearr. Is léir go mbeidh orainn gníomhú. Braitheann an tAontas seo s'againne ar thacaíocht na saoránach agus ní féidir talamh slán a dhéanamh den tacaíocht sin. Ní rachaidh na comhdhúshláin atá os ár gcomhair as radharc, níl sé de chumas ar thír ar bith ar thalamh an domhain aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo ina cadhan aonair."

D'áitigh Jean-Claude Juncker nach ar an gCoimisiún a bhí an milleán as toradh an reifrinn. Chuir sé in iúl nach raibh baint ag an reifreann leis an mbeartas déine ná le teorainneacha mar nach bhfuil an Ríocht Aontaithe ina ball de limistéar an euro ná de limistéar Schengen. Is bréagadóir é an tUasal Farage a bhfuil an fhírinne cumtha aige, a dúirt sé.

Ag labhairt di an athuair dúirt an feisire Diane Dodds ó Chontae an Dúin go raibh atmaisféar na díospóireachta tar éis "na steiréitíopaí ar fad atá ag muintir na Breataine faoin Eoraip a threisiú". Ní éireoidh le bagairtí ná le bulaíocht, a dúirt sí. Chuir sí in iúl freisin go raibh sí ag iarraidh go mbeadh an Ríocht Aontaithe agus AE in ann caidreamh nua a bhunú, caidreamh lenar féidir "geilleagraí saibhre agus an tsíocháin a chothú i ndomhan atá ag éirí níos dainséaraí i gcónaí".

Dúirt Marcel de Graaff, feisire Ísiltíreach de chuid an ghrúpa d'Eoraip na Náisiún agus na Saoirse, gur "lá fuascailte iontach" a bhí sa 23 Meitheamh agus go raibh deireadh ag teacht le "tionscadal místuama". D'iarr sé ar an Uachtarán Juncker agus ar na coimisinéirí ar fad éirí as. Ní mór deireadh a chur láithreach leis an comhtháthú eacnamaíoch agus polaitiúil, a dúirt sé.

Dar le Nigel Farage tá cuma mhaith ag teacht ar chúrsaí sa Ríocht Aontaithe tar éis an reifrinn. Tá saol polaitiúil na tíre ina chíor thuathail áfach ach dúirt Farage gur maith an rud é go raibh an Príomh-Aire Cameron agus an Coimisinéir Hill tar éis éirí as. Chuir an feisire Sasanach in iúl freisin go mbeadh sé ag súil go mór le "Lá na Saoirse" a cheiliúradh an 23 Meitheamh seo chugainn.

Is feisire é Alyn Smith de chuid Pháirtí Náisiúnta na hAlban, dúirt seisean: "Is Albanaigh bródúla muid, is Eorpaigh bródúla muid. Ba mhaith liom go mbeadh tír againn le dearcadh idirnáisiúnta, tír atá cuidiúil, éiceolaíoch agus féaráilte, tír Eorpach. Chomh maith le muintir Thuaisceart Éireann, muintir Londain, agus an-chuid daoine ón mBreatain Bheag agus ó Shasana, tá muintir na hAlban ag iarraidh fanacht laistigh den ghrúpa náisiún atá againn. Éilím oraibh gan easurraim a léiriú don stádas seo. Níor lig an Albain síos sibh. Impím oraibh, a chairde, gan an Albain a ligean síos anois."

Labhair an feisire Martina Anderson ar son Shinn Féin: "Ní chaithfidh muintir thuaisceart na hÉireann cloí le vóta na Ríochta Aontaithe. Seasfaidh muid le vóta thuaisceart na hÉireann, a vótail ar son "Remain" díreach cosúil le hAlbain. An rud is lú atá ó mhuintir na hÉireann ná teorainn AE i gceartlár na tíre."

D'iarr Guy Verhofstadt de chuid na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe ar fheisirí teachtaireacht láidir a chur chuig ionadaithe na Comhairle Eorpaí agus tacú leis an rún a chuir an chuid is mó de ghrúpaí na Parlaiminte le chéile. Ag labhairt dó le Nigel Farage, dúirt sé: "Faoi dheireadh thiar thall beidh muid in ann deireadh a chur leis an gcur amú airgid is mó i mbuiséad an Aontais, do thuarastal!"

"Seo an rud is measa a tharla riamh i stair chomhtháthú na hEorpa" - b'shin a bhí le rá ag an bhfeisire Polannach Rzsyard Legutko de chuid an Ghrúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa. Dúirt sé go raibh gá le machnamh, sa Choimisiún agus sa Pharlaimint, d'fhonn cúrsaí a chur i gceart. N'fheadar an mbeadh ceannairí AE in ann foghlaim óna gcuid botún, a dúirt sé.

Ar son na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe, dúirt Gianni Pittella: "Is ócáid stairiúil é seo agus tá gá le roinnt soiléireachta. An bhfuil soiléireacht faighte againn ó lucht na Breatimeachta? Tá smaointe soiléire againne faoin méid atá ag teastáil d'fhonn an Eoraip a tharrtháil sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma."

Bhí deis ag cathaoirleach ghrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh labhairt arís freisin. Dúirt Manfred Weber gur léir ón díospóireacht go dtacaíonn an Pharlaimint le tionscadal na hEorpa. D'iarr sé ar ionadaithe na Comhairle Eorpaí teachtaireacht láidir a chur trasna in ionad dul in abar in aighneas inmheánach.