Tajani: 'Dúshlán mór d'Éirinn a bheidh in imeacht na Breataine ó AE' 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

An Taoiseach Enda Kenny le hUachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani an 2 Márta  

Ag cur fáilte dó roimh an Taoiseach Enda Kenny sa Bhruiséil an 2 Márta, dúirt Uachtarán na Parlaiminte gur "dúshlán mór d'Éirinn agus do mhuintir na hÉireann a bheidh in imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach". Chuir an tUachtarán in iúl go bhfuil tuiscint ag feisirí Eorpacha "ar an dlúthcheangal polaitiúil agus eacnamaíoch atá ann idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe". Dúirt an Taoiseach gur "athraíodh Éire ó bhonn de bharr a ballraíochta san Aontas Eorpach".

Leag an Taoiseach béim chomh maith ar an "tionchar a bheidh ag an bParlaimint ar cibé conradh a thiocfaidh amach as na díospóireachtaí Breatimeachta".