Trí scór bliain de Chonradh na Róimhe: ‘Tá aontú na hEorpa níos tábhachtaí ná riamh’ 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Uachtarán na Comhairle Donald Tusk agus Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani tar éis dóibh Dearbhú na Róimhe a shíniú  

Tháinig feisirí Eorpacha agus ceannairí rialtais an Aontais Eorpaigh le chéile sa Róimh an 25 Márta chun comóradh a dhéanamh ar chonarthaí bunaidh an Aontais a síníodh sa chathair trí scór bliain ó shin. Ag labhairt dó ag na himeachtaí ceiliúrtha sa Róimh, dúirt Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani: “Déanaimid ceiliúradh inniu ar an lá sin a d’aiséirigh fonn na saoirse ó luaithreach an chogaidh.” Dúirt sé freisin gur “earra luachmhar” atá in AE ach nach féidir “talamh slán a dhéanamh de”.

An 25 Márta, comóradh trí scór bliain ó síníodh Conradh na Róimhe lena mbunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Le síneadh an chonartha, leagadh an bhunsraith don Eoraip mar a aithníonn muid inniu í, agus cuireadh tús leis an tréimhse síochána is faide a bhí ann riamh i stair scríofa na hEorpa. Tháinig feisirí Eorpacha agus ceannairí rialtais na mballstát le chéile sa Róimh an 24-26 Márta chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí ceiliúrtha oifigiúla.


Ag searmanas an 25 Marta, shínigh ceannairí 27 mballstát de chuid an Aontais Eorpaigh agus de chuid institiúidí an Aontais “dearbhú na Róimhe”. Shínigh an tUachtarán Antonio Tajani ar son na Parlaiminte é. Ag labhairt dó ag an searmanas sin, leag an tUachtarán béim ar an tábhacht a bhaineann le Conradh na Róimhe: “Chonaic na daoine sin a bhí sa seomra seo seasca bliain ó shin an t-uafás agus an scrios a d’fhág an náisiúnachas ina dhiaidh. Ba í aisling na hEorpa aontaithe an bóthar a bhí le leanúint chun crá croí an chogaidh a fhágáil taobh thiar dínn go deo.”

Mórshiúl sa Róimh an 25 Márta  

‘Ní leor scuaibín péinte a chur ar an mballa’

Chuir sé in iúl áfach go bhfuil neart oibre fós le cur i gcrích agus gur cúis imní dó é a mhíshásta atá líon mór de shaoránaigh na hEorpa: “Ní féidir linn gluaiseacht chun cinn gan an Eoraip agus a muintir a thabhairt le chéile. Is tosaíocht é sin a chuirfidh mé chun cinn le linn mo théarma oifige. Ní leor scuaibín péinte a chur ar an mballa, tá athruithe móra de dhíth.”



Dúirt an tUasal Tajani go bhfuil “fíor-ionstraimí” ag teastáil chun freastal ar imní na ndaoine atá buailte ag an dífhostaíocht agus “daoine óga a bhfuil a dtodhchaí i sáinn”. Dúirt sé freisin go gcaithfear freastal orthu siúd a mhothaíonn faoi bhagairt ón sceimhlitheoireacht nó ón inimirce neamhdhleathach, agus orthu siúd, san Eoraip féin agus lasmuigh de, “a iarrann ar an Eoraip seasamh go láidir leis na luachanna sin ar mór againn iad”.


‘An costas a bheadh ann in éagmais na hEorpa’


D’iarr sé ar cheannairí na mballstát agus ar uachtaráin na n-institiúidí AE eile “cur leis an mórthionscnamh seo agus an leas is fearr a bhaint as an acmhainneacht sin nach bhfuil saothraithe go fóill againn”. Dúirt sé freisin nár cheart dúinn “dearmad a dhéanamh riamh ar an gcostas a bheadh ann in éagmais na hEorpa”.


Ag labhairt dó faoi thábhacht geopholaitiúil an Aontais Eorpaigh, chuir sé in iúl nach bhfuil aon stát Eorpach amháin láidir go leor chun caibidlíocht a dhéanamh ina aonar le leithéidí na Stát Aontaithe, na Síne nó na Rúise: “Is i dteannta a chéile amháin is féidir linn ár gceannasacht a chur i bhfeidhm i gceart.”


In ainneoin na ndeacrachtaí reatha atá os comhair na hEorpa, dúirt an feisire Iodálach, ar toghadh é ina Uachtarán ar an bParlaimint siar i mí Eanáir, gur chóir a bheith bródúil as a bhfuil bainte amach againn le trí scór bliain agus “as an oidhreacht a fhágfaimid ag an nglúin atá ag teacht inár ndiaidh: saoirse taistil, saoirse staidéir, saoirse oibre mar aon leis an tsaoirse dul i mbun gnó agus a bheith nuálach”.


Bhí an Chéad Leas-Uachtarán Mairead McGuinness, na leas-uachtaráin agus cathaoirligh ghrúpaí na Parlaiminte i láthair ag na himeachtaí ceiliúrtha sa Róimh freisin. Bhí cruinniú acu le hUachtarán na hIodáile Sergio Mattarella, Uachtarán Sheanad na hIodáile Pietro Grasso agus Uachtarán Theach Teachtaí na hIodáile Laura Boldrini.


Ghlac na feisirí páirt i ndíospóireachtaí faoi thodhchaí an Aontais Eorpaigh agus i mórshiúl chun 60 bliain de Chonradh na Róimhe a cheiliúradh. Bhí cruinniú ag ceannairí rialtais na mballstát, agus ag uachtaráin institiúidí na hEorpa - Antonio Tajani, Donald Tusk agus Jean-Claude Juncker - leis an bPápa Proinsias i gcathair na Vatacáine chomh maith.


Céard é Conradh na Róimhe?


Síníodh Conradh na Róimhe an 25 Márta 1957 agus cuireadh ar bun leis Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa lenar tugadh le chéile sé thír (an Bheilg, an Fhrainc, Iarthar na Gearmáine, an Iodáil, an Ísiltír agus Lucsamburg) chun oibriú i dtreo comhtháthú agus fás eacnamaíoch, trí bhíthin na trádála. Cruthaíodh leis cómhargadh ar bhonn shaorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipiteal, agus síníodh conradh eile faoinar bunaíodh an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach (Euratom).


Bhí mar aidhm le Conradh na Róimhe freisin na fothaí a leagan síos d’aontas buandlúite idir pobail na hEorpa, feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre na nEorpach agus acmhainní a chomhthiomsú d’fhonn an tsíocháin agus an tsaoirse a chaomhnú. Chuaigh tíortha eile isteach sa Chomhphobal diaidh ar ndiaidh - Éire agus an Ríocht Aontaithe sa bhliain 1973 - agus bunaíodh Aontas Eorpach an lae inniu le Conradh Maastricht a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 1993.


Rinneadh Conradh na Róimhe a leasú roinnt uaireanta, agus anois tugtar an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh air. Síníodh Conradh na Róimhe an 25 Márta 1957 agus bhí feidhm aige ón 1 Eanáir 1958.