Sadiq Khan: ‘Is cuid de theaghlach na hEorpa muid i gcónaí’ 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Méara Londan Sadiq Khan agus Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani  

“Tá an Ríocht Aontaithe ag fágáil an Aontais Eorpaigh ach is cuid de theaghlach na hEorpa muid i gcónaí” - b’shin a bhí le rá ag Méara Londan Sadiq Khan agus é i mbun cuairte ar an bParlaimint sa Bhruiséil an 28 Márta. Dúirt sé go mbeadh comhoibriú ann i gcónaí idir an dá pháirtí i dtaca le cúrsaí slándála agus cosanta chomh maith le hairgeadas agus cultúr: “Ní chun leas Londan, na Ríochta Aontaithe ná an Aontais Eorpaigh a bheadh sé Londain nó an Ríocht Aontaithe a phionósú.”

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe leis an Uasal Khan, chuir Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani a chomhbhrón in iúl le híospartaigh an ionsaithe i Londain an tseachtain seo caite: “Meabhrú tragóideach a bhí san ionsaí go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh oibriú as lámha a chéile chun dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht agus stop a chur le radacú.”


Labhair an tUachtarán Tajani freisin faoin mórshiúl a bhí ann i Londain ag an deireadh seachtaine chun ceiliúradh a dhéanamh ar 60 bliain de Chonradh na Róimhe: “I sráideanna Londan, léirigh na mílte daoine a gcuid tacaíochta don Aontas Eorpach. Thug sé seo léargas dúinn de chathair atá fíor-oscailte, fíor-ilchultúrtha agus fíor-Eorpach.”