Airteagal 50: tús leis an bpróiseas Breatimeachta 

An leagan is deireanaí: 
 
Cruthaithe:   
 

Roinn an leathanach seo: 

Caith súil ar an ngrafaic faisnéise thuas chun tuilleadh a fhoghlaim faoi Airteagal 50  

Tá litir sínithe ag Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Theresa May ag cur in iúl go bhfuil sé i gceist ag an tír imeacht as an Aontas Eorpach. Trí Airteagal 50 de Chonradh Liospóin a fheidhmiú an 29 Márta, réitíodh an bealach don phróiseas Breatimeachta. Ón lá inniu, beidh dhá bhliain ag an Ríocht Aontaithe agus an Aontas Eorpach comhaontú um tharraingt siar a chur i gcrích. Beidh ar an dá pháirtí ceisteanna trádála a shocrú chomh maith ach meastar go dtógfaidh sé sin níos mó ama.

Tar éis do thromlach thoghthóirí na Ríochta Aontaithe léiriú an 23 Meitheamh 2016 gur mian leo an tAontas Eorpach a fhágáil, tá feisirí Eorpacha agus ceannairí AE ag díriú ar na himpleachtaí polaitiúla agus praiticiúla a bhaineann le 'Breatimeacht'. Tar éis do rialtas na Ríochta Aontaithe Airteagal 50 de Chonradh Liospóin a fheidhmiú an 29 Márta, cuirfear tús anois le comhchainteanna idir an Ríocht Aontaithe agus AE chun caidreamh nua idir an dá pháirtí a shocrú. Beidh ról lárnach ag an bParlaimint ag gach céim den phróiseas.


Leagtar amach ceart ballstáit a chinneadh tarraingt siar ón Aontas Eorpach in Airteagal 50 de Chonradh Liospóin. Leagtar amach na socruithe chomh maith faoin bpróiseas idirbheartaíochta idir an dá thaobh chun comhaontú a thabhairt i gcrích i ndáil le tarraingt siar an bhallstáit agus le caidreamh an bhallstáit leis an Aontas sa todhchaí. Tar éis do bhallstát Airteagal 50 a ghníomhachtú, bíonn dhá bhliain ag an dá pháirtí chun caibidlíocht a dhéanamh. Má chineann an Chomhairle Eorpach d’aon toil, i gcomhaontú leis an mballstát i dtrácht, is féidir an tréimhse sin a fhadú. Ar ndóigh, tá seans ann nach mbeadh an dá pháirtí in ann teacht ar chomhaontú.


Próiseas an cholscartha


Mar chuid de phróiseas an cholscartha, beidh dhá bhliain ag an Ríocht Aontaithe agus an Aontas Eorpach chun teacht ar chomhaontú ina leagfar amach na socruithe dá tharraingt siar “ag féachaint don chreat dá ghaolmhaireacht sa todhchaí leis an Aontas”. Beidh na socruithe maidir le caidreamh na Ríochta Aontaithe leis an Aontas Eorpach mar chuid de chomhaontú eile, agus tá seans ann go dtógfaidh sé níos mó ama chun an comhaontú seo a chur i gcrích.


Má éiríonn leis an bpróiseas caibidlíochta, beidh ar an Ríocht Aontaithe an comhaontú a dhaingniú. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, an comhaontú a cheadú thar ceann an Aontais Eorpaigh. Bheadh ar ar a laghad 72% de na ballstáit vótáil i bhfabhar an togra (gan an Ríocht Aontaithe san áireamh).


Bheadh ceadú na mballstát agus na Parlaiminte ag teastáil chomh maith i gcás an chomhaontaithe maidir le gaolmhaireacht na Ríochta Aontaithe leis an Aontas sa todhchaí. Leagfar amach sa chomhaontú seo socruithe i ndáil le comhar idir an dá pháirtí in earnálacha na cosanta, an taighde, an oideachais, an chomhshaoil agus sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta.


Na tosaíochtaí


Clúdófar na ceisteanna seo a leanas sa chomhaontú um tharraingt siar:

  • Cearta shaoránaigh an Aontais Eorpaigh sa Ríocht Aontaithe
  • Cearta shaoránaigh na Ríochta Aontaithe i mballstáit eile AE
  • Ceangail airgeadais na Ríochta Aontaithe mar bhallstát AE
  • Teorainneacha, go mór mór an teorainn idir Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann
  • Suí ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach)
  • Ceangail idirnáisiúnta na Ríochta Aontaithe mar bhallstát, Comhaontú Pháras um athrú aeráide mar shampla.


An próiseas caibidlíochta


Tar éis do rialtas na Ríochta Aontaithe Airteagal 50 de Chonradh Líospóin a ghníomhachtú an 29 Marta, tionólfar cruinniú mullaigh de chuid na Comhairle Eorpaí chun na treoirlínte do na cainteanna Breatimeachta a ghlacadh. Beidh an tIar-Choimisinéir Eorpach Michel Barnier i gceannas ar fhoireann idirbheartaíochta an Aontais Eorpaigh ach is faoi Chomhairle AE atá sé na treoirlínte a shoiléiriú nó a uasdátú. D’fhéadfadh an próiseas caibidlíochta tosnú laistigh de chúpla seachtain.


Ag labhairt dó sa Pharlaimint le déanaí, chuir an tUasal Barnier in iúl go mbeidh roinnt bunphrionsabal chun tosaigh sna comhchainteanna:

  • Dodhealaitheacht na gceithre shaoirse (saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil)
  • Má chuirtear comhaontú idirthréimhseach i gcrích, bhainfeadh tréimhse ama glan soiléir leis
  • An stádas is buntáistí i gcónaí ná ballraíocht AE
  • Ní mór do chaidreamh nua ar bith a bheith bunaithe ar chothrom na Féinne agus ar mheas ar rialacha iomaíochta
  • Tá sé inmhianaithe go mbeadh dlúthchomhar ann a mhéid a bhaineann le cúrsaí cosanta agus slándála.

Mura n-éiríonn leis an dá pháirtí teacht ar chomhaontú agus mura gcuirtear síneadh ama leis an bpróiseas idirbheartaíochta, scoirfidh conarthaí AE d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe dhá bhliain tar éis do rialtas Londan Airteagal 50 a ghníomhachtú, agus tiocfaidh deireadh le ballraíocht na tíre san Aontas Eorpach go huathoibríoch. Mura n-éiríonn leis an dá pháirtí teacht ar chomhaontú trádála, rialófar trádáil na Breataine leis an Aontas Eorpacha faoi rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (WTO).


Ról na Parlaiminte


Ní féidir leis an gcomhaontú um tharraingt siar teacht i bhfeidhm gan ceadú na Parlaiminte a fháil. Roimh i bhfad, meastar go nglacfaidh feisirí na Parlaiminte rún le treoirlínte na Parlaiminte don phróiseas idirbheartaíochta. Ceapadh an feisire Beilgeach Guy Verhofstadt mar chomhordaitheoir Breatimeachta na Parlaiminte. Roinnfidh coistí na Parlaiminte a gcuid saineolais leis i rith an phróisis. Beidh feisirí in ann tionchar a imirt ar na comhchainteanna freisin trí rúin a ghlacadh ina leagfar amach seasamh na Parlaiminte.