Brexit: an tionchar ar Éirinn

Cén saghas teorann a bheidh ann in Éirinn as seo amach? Agus imní ar phobail ar an dá thaobh, tá feisirí Eorpacha den tuairim go bhfuil sé fíorthábhachtach teorainn chrua a sheachaint.

Cén tionchar ar Éirinn a bheidh ag imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach?

Le thart ar 275 phointe trasnaithe teorann, tá a dhá oiread trasnú teorann ann idir Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann ná mar atá ar theorainn thoir an Aontais Eorpaigh ar fad, ó thuaisceart na Fionlainne go dtí an Ghréig.

 

Téann an teorainn 500 ciliméadar trasna na hÉireann, agus tar éis vóta thoghthóirí na Ríochta Aontaithe i Meitheamh 2016, teorainn sheachtrach AE a bheidh inti roimh i bhfad. Tá cás na hÉireann ar cheann de thrí thosaíocht an Aontais Eorpaigh san idirbheartaíocht Brexit. Is iad na tosaíochtaí eile ná cearta saoránach agus an socrú airgeadais.

 

An tionchar ar Éirinn a mhaolú

 

Go luath tar éis don Phríomh-Aire Theresa May Airteagal 50 de Chonradh Liospóin a fheidhmiú an 29 Márta 2017, chuir feisirí Eorpacha a n-imní in iúl faoin tionchar a bheidh ag imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach ar oileán na hÉireann. Leag siad béim freisin ar an ngá tacú le Comhaontú Aoine an Chéasta agus leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann.

 

Meastar gur í Éire an ballstát AE is mó a bheidh thíos le Brexit, agus mar go mbaineann cúinsí ar leith le hoileán na hÉireann, tá feisirí na Parlaiminte tar éis cur in iúl go gcaithfear gach iarracht a dhéanamh an tionchar ar an dá thaobh den oileán a mhaolú.

 

Ní ghlacfar le teorainn chrua

 

I rún a cuireadh chun vóta sa Pharlaimint an 5 Aibreán 2017, chuir feisirí in iúl go gcaithfear leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann agus nach nglacfar le teorainn chrua idir Tuaisceart Éireann agus an Phoblacht. I rún eile a cuireadh chun vóta an 3 Deireadh Fómhair, leagadh béim arís ar an dá phointe sin.

 

Thug toghthóirí ar fud oileán na hÉireann a gceadú an 22 Bealtaine 1998 le Comhaontú Aoine an Chéasta. Scór bliain níos déanaí níl túir faire ná seicphointí le feiceáil níos mó agus meastar go dtrasnaíonn thart ar 30,000 comaitéir an teorainn ar bhonn laethúil. Ní cuid de limistéar Schengen iad Éire ná an Ríocht Aontaithe agus tá comhlimistéar taistil i bhfeidhm idir an dá thír.

 

Faigheann othair ó Dhún na nGall cóireáil radaiteiripe in Ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin i gcathair Dhoire agus déantar obráidí croí ar pháistí ón Tuaisceart in Ospidéal Mhuire na Leanaí i gCromghlinn, Baile Átha Cliath. Próiseáiltear sa Phoblacht thart ar aon trian den bhainne a táirgtear i dTuaisceart Éireann, agus próiseáiltear 40% de chirceoil na Poblachta ó thuaidh.

 

Grúdaítear Guinness ag Geata San Séamas i mBaile Átha Cliath ach cuirtear i mbuidéil agus i gcannaí é ag ionad Diageo in oirthear Bhéal Feirste. Tá margadh leictreachais aonair i bhfeidhm ar fud oileán na hÉireann, agus ó tháinig Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm tá Turasóireacht Éireann freagrach as an oileán ar fad a chur chun cinn thar lear.

 

‘Níor chóir d’Éirinn íoc as Brexit’

 

Ag labhairt dó i mBaile Átha Cliath an 21 Meán Fómhair, dúirt Comhordaitheoir Brexit na Parlaiminte Guy Verhofstadt: “San idirbheartaíocht, tá tús áite á tabhairt do chás na teorann in Éirinn agus do na cheisteanna uile a bhaineann leis sin. [...]  Níor chóir d’Éirinn íoc as imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas. Níor chóir caitheamh le hÉirinn ar nós uirlis mhargála, agus níor chóir caitheamh le ballstát ar bith eile mar sin ach oiread.” Dúirt sé: “Is ionann seasamh na hÉireann agus seasamh na hEorpa. Is ionann seasamh na hEorpa agus seasamh na hÉireann.”

 

Chuir sé in iúl freisin nach nglacfar le teorainn chrua idir Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann: “Táimse den tuairim go bhfuil teorainneacha níos fearr nuair nach bhfuil iontu ach línte ar léarscáil. Teorainneacha a athrú ina línte ar léarscáil: ar go leor bealaí, sin é bun agus barr an Aontais Eorpaigh. Agus is cinnte gur fíor sin i gcás Thuaisceart Éireann agus Phoblacht na hÉireann. Bhí an teorainn seo ina cúis le hanord, le fuath agus le foréigean. Rinneadh líne ar léarscáil den teorainn agus is iontach an gaisce é sin.”

 

Tá gach duine a shaolaítear i dTuaisceart Éireann i dteideal shaoránacht na hÉireann, agus ar an gcaoi sin, shaoránacht an Aontais Eorpaigh. Sa rún a cuireadh chun vóta sa Pharlaimint an 3 Deireadh Fómhair, cuirtear in iúl nár chóir “do chonstaic ná do shrian ar bith” stop a chur le daoine ó Thuaisceart Éireann a gcearta saoránachta a fheidhmiú. Cuirtear in iúl freisin go mbeidh gá le “réiteach uathúil” má táthar chun teorainn chrua a sheachaint.

 

Tá sé curtha in iúl ag an Aontas Eorpach nach bpléifear an caidreamh a bheidh ann leis an Ríocht Aontaithe amach anseo go dtí go mbeidh dul chun cinn leordhóthanach déanta san idirbheartaíocht maidir le cearta saoránach, an socrú airgeadais agus cás na hÉireann. Ní féidir leis an gcomhaontú um tharraingt siar na Ríochta Aontaithe teacht i bhfeidhm gan ceadú na Parlaiminte a fháil.

 

Tuilleadh faisnéise faoi ról na Parlaiminte sa phróiseas Breatimeachta.