Roinn an leathanach seo: 

  • Ní dhearnadh dul chun cinn leordhóthanach san idirbheartaíocht go fóill, mar sin ní féidir tús a chur leis an bplé maidir leis an gcaidreamh amach anseo.
  • Caithfear na gealltanais a thug an Príomh-Aire Theresa May i bhFlórans a chur ag obair go praiticiúil.
  • Is iad na tosaíochtaí i gcónaí ná cearta saoránach, an socrú airgeadais agus cás na hÉireann.
Rinneadh staid na himeartha sna comhchainteanna Brexit a phlé i ndíospóireacht sa Pharlaimint an 3 Deireadh Fómhair  

Ní dhearna dul chun cinn leordhóthanach san idirbheartaíocht go fóill a mhéid a bhaineann le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

Agus ní féidir tús a chur mar sin le hidirbheartaíocht maidir le hidirthréimhse ná le caidreamh na Ríochta Aontaithe leis an Aontas sa todhchaí - b’shin a bhí le rá ag feisirí na Parlaiminte i ndíospóireacht iomlánach an 3 Deireadh Fómhair.

Tar éis na díospóireachta, thug tromlach mór na bhfeisirí a gceadú le rún maidir le staid na himeartha sna comhchainteanna Brexit. (Vótáil 557 feisire ‘Tá’, 92 ‘Níl’ agus staon 29 feisire ón vóta.) Ach amháin má dhéantar dul chun cinn suntasach sa chúigiú babhta de chomhchainteanna, cuirtear in iúl sa rún gur chóir do cheannairí rialtais na mballstát a n-athbhreithniú ar a bhfuil tarlaithe sa chaibidlíocht go dtí seo a chur ar athló mar ní dhearna “dul chun cinn leordhóthanach” sa chéad chéim den phróiseas caibidlíochta go fóill. Tionólfar cruinniú mullaigh na Comhairle Eorpaigh sa Bhruiséil an 19-20 Deireadh Fómhair.

 

D'fháiltigh feisirí roimh an soiléiriú a thug an Príomh-Aire Theresa May ina hóráid i bhFlórans an 22 Meán Fómhair, ach dúirt siad go gcaithfidh rialtas na Ríochta Aontaithe moltaí a chur ar fáil, gan a thuilleadh moille, i dtaca leis na ceisteanna seo a leanas:

 

  • cearta uile shaoránaigh an Aontais Eorpaigh sa Ríocht Aontaithe agus cearta uile shaoránaigh na Ríochta Aontaithe ar an mór-roinn (4.5 mhilliún duine san iomlán) a chosaint,
  • oibleagáidí airgeadais uile na Ríochta Aontaithe a urramú,
  • na deacrachtaí a bhaineann leis an teorainn idir Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart a réiteach, ar bhealach a chloíonn go hiomlán le Comhaontú Aoine an Chéasta.

 

Chomh maith leis sin, ní féidir tús a chur leis an gcéad bhabhta idirbheartaíochta eile mura ndearbhaítear go léireofar aird ar dhlí AE go dtí go bhfágann an Ríocht Aontaithe an tAontas go hoifigiúil.

 

Díospóireacht

 

Ag labhairt dó ag tús na díospóireachta an 3 Deireadh Fómhair, dúirt Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani: “Ina haitheasc i bhFlórans, léirigh an Príomh-Aire May go bhfuil sí sásta páirt a ghlacadh in idirphlé agus go dtuigeann sí an méid atá idir chamáin. Mholfainn di an dea-thoil seo a chlaochlú i bpleananna nithiúla, rud atá ag teastáil chun fíorchéim chun cinn a thógáil san idirbheartaíocht leis an Aontas Eorpach. Le vóta na bhfeisirí ar an rún inniu, is léir anois go bhfuil an Pharlaimint ar fad ar aon fhocal le Príomhchaibidleoir an Aontais Michel Barnier.”

 

Chuir an tUasal Tajani in iúl freisin gur léir ón díospóireacht go bhfuil an-fhonn ag AE go mbeadh idirphlé tairbheach ann leis an Ríocht Aontaithe, ach gur léir go bhfuil imní nach beag ann freisin de bharr na moilleanna a bhí ann sna comhchainteanna go dtí seo: “Sna míonna atá amach romhainn, tá súil agam go mbeidh go leor dul chun cinn ann d’fhonn go mbeifear in ann na réamhchoinníollacha a chomhlíonadh chun tús a chur le plé maidir le caidreamh an Aontais leis an Ríocht Aontaithe amach anseo.”

 

Ag labhairt dó le linn na díospóireachta, dúirt Comhordaitheoir Brexit na Parlaiminte Guy Verhofstadt: “Ní dhearnadh dul chun cinn leordhóthanach go fóill. Tá an-imní orainn, go mór mór a mhéid a bhaineann le cearta saoránach. Tá moladh simplí againn chun é seo a réiteach: lig do shaoránaigh AE sa Ríocht Aontaithe na cearta atá acu faoi láthair a choimeád, déanaimis an rud ceannann céanna i gcás shaoránaigh na Breataine a bhfuil cónaí orthu ar an mór-roinn. N’fheadar cén fáth go bhfuil seo fós á phlé againn? D’fhéadfá é seo a chur i gcrích láithreach, agus ba chóir sin a dhéanamh.”

Príomhchaibidleoir an Aontais Michel Barnier ag glacadh páirte sa díospóireacht sa Pharlaimint © European Union 2017 - EP  

Ba é grúpa stiúrtha na Parlaiminte i dtaca le himeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas a chuir an rún le chéile. Bhí Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker agus Príomhchaibidleoir Brexit an Aontais Michel Barnier i láthair ag an díospóireacht.

 

Cliceáil ar an nasc thíos chun súil a chaitheamh ar ráitis na bhfeisirí agus na gcainteoirí eile:

 

Jean- Claude Juncker (Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh)

 

Michel Barnier (Príomhchaibidleoir an Aontais Eorpaigh)

 

Matti Maasikas (Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh)

 

Manfred Weber (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an Ghearmáin)

 

Gianni Pittella (Sóisialaithe agus Daonlathaithe, an Iodáil)

 

Raffaele Fitto (Coimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa, an Iodáil)

 

Guy Verhofstadt (Liobrálaithe agus Daonlathaithe, an Bheilg)

 

Martina Anderson (Clé Aontaithe Eorpach/Clé Ghlas Nordach, an Ríocht Aontaithe)

 

Lamberts (Glasaigh/EFA, an Bheilg)

 

Nigel Farage (Eoraip na Saoirse agus an Daonlathais Dhírigh, an Ríocht Aontaithe)

 

Janice Atkinson (Eoraip na Náisiún agus na Saoirse, an Ríocht Aontaithe)

 

Leagann an rún seasamh na Parlaiminte amach roimh chruinniú mullaigh na gceannairí rialtais a bheidh ar siúl sa Bhruiséil an 20 Deireadh Fómhair. Ag an gcruinniú sin, déanfaidh an Chomhairle (i bhformáid AE27) athbhreithniú ar a bhfuil tarlaithe sa chaibidlíocht go dtí seo. Ní féidir leis an gcomhaontú um tharraingt siar na Ríochta Aontaithe teacht i bhfeidhm gan ceadú na Parlaiminte a fháil.