Roinn an leathanach seo: 

  • Fáilte curtha ag feisirí Eorpacha roimh thuarascáil chomhpháirteach idirbheartaithe AE agus na Ríochta Aontaithe
  • Caithfear an idirbheartaíocht a dhéanamh de mheon macánta
  • Roinnt ceisteanna fós le réiteach sula dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú
Feisirí Eorpacha i mbun díospóireachta an 13 Nollaig  

Tá fáilte curtha ag Parlaimint na hEorpa roimh thuarascáil chomhpháirteach an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe maidir leis an dul chun cinn san idirbheartaíocht Brexit.

I rún a cuireadh chun vóta an 13 Nollaig, chuir feisirí na Parlaiminte fáilte roimh thuarascáil ar dhul chun cinn na hidirbheartaíochta Brexit. D’fhoilsigh caibidleoirí an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe an tuarascáil an 8 Nollaig. Vótáil 556 feisire ‘Tá’, 62 ‘Níl’ agus staon 68 feisire ón vóta.

 

Sa vóta, chuir feisirí in iúl gur chóir do cheannairí rialtais na 27 ballstát a chinneadh ag an gcruinniú mullaigh an 15 Nollaig na comhchainteanna a bhogadh ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile.

 

D’éiligh siad, áfach, nár féidir leis an idirbheartaíocht dul ar aghaidh sa dara babhta mura gcloíonn rialtas na Ríochta Aontaithe go hiomlán leis na gealltanais atá tugtha aige sa tuarascáil chomhpháirteach agus mura n-áirítear iad ar fad sa dhréacht-chomhaontú um tharraingt siar. Chuir siad in iúl freisin go bhfuil an baol ann go mbainfeadh ráitis cosúil leis an gceann a rinne David Davis le déanaí “an bonn ón meon macánta a bunaíodh le linn na hidirbheartaíochta”.

 

Leagtar amach sa rún roinnt ceisteanna atá fós le réiteach d’fhonn go bhfaighidh an comhaontú deiridh toiliú na bhfeisirí:

 

  • ba chóir go mbeadh páirtithe/céilí sa todhchaí clúdaithe sa socrú maidir le cearta saoránach,
  • ba chóir nach mbeadh an nós imeachta riaracháin dearbhaitheach ródhian i gcás shaoránaigh AE agus na Ríochta Aontaithe atá ag cur isteach ar “stádas buanchónaithe”,
  • ba chóir go mbeadh cinntí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le cearta saoránach ceangailteach, ní mór sainmhíniú a thabhairt ar ról an Ombudsman a chruthófar chun déileáil le gearáin saoránach,
  • ní mór cearta saorghluaiseachta shaoránaigh na Ríochta Aontaithe a bhfuil cónaí orthu i mballstáit AE27 a ráthú,
  • caithfear gealltanais na Ríochta Aontaithe maidir le Tuaisceart Éireann a chur i bhfeidhm.

 

Chun go mbeidh teorainn ama leis an idirthréimhse, tá feisirí Eorpacha ag iarraidh go mbeidh feidhm ag acquis iomlán an Aontais Eorpaigh (cearta saoránach san áireamh) agus ag an maoirseacht uile i gcás na Ríochta Aontaithe. Léirítear sa rún go gcaithfear cruth an chaidrimh amach anseo - rud a phléifear ag an dara céim den idirbheartaíocht - a bhunú ar phrionsabail iontaofa agus shoiléire, i bhfoirm comhaontú comhlachais idir an Ríocht Aontaithe agus AE mar shampla.

 

Cúlra

 

Tá feisirí na Parlaiminte tar éis dhá rún maidir leis an idirbheartaíocht a ghlacadh, an 5 Aibreán 2017 agus an 3 Deireadh Fómhair 2017. Faoi chathaoirleacht Guy Verhofstadt (Liobrálaithe agus Daonlathaithe, an Bheilg) chuir grúpa stiúrtha na Parlaiminte i dtaca le himeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas na tuarascálacha le chéile. Ní féidir leis an gcomhaontú um tharraingt siar na Ríochta Aontaithe teacht i bhfeidhm gan ceadú na Parlaiminte a fháil, cuirfear an comhaontú i gcrích faoi dheireadh Mhárta 2019.

 

Díospóireacht

 

Rinneadh rún ghrúpa stiúrtha Brexit na Parlaiminte a phlé i ndíospóireacht an 13 Nollaig le Céad Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Frans Timmermans agus le Príomhchaibidleoir an Aontais Michel Barnier.