Roinn an leathanach seo: 

  • Caithfear meas a léiriú ar shláine an mhargaidh inmheánaigh, an aontais chustaim agus na gceithre shaoirse
  • Caithfear caitheamh go cothrom le saoránaigh AE atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus le saoránaigh na Breataine san Aontas Eorpach
  • Caithfear a chinntiú nach ndéanfar maolú ar chearta saoránach mar a leagadh amach i gComhaontú Aoine an Chéasta
Tionóladh an díospóireacht sa Pharlaimint an 14 Márta ©AP Images/European Union-EP ©AP Images/European Union-EP  

I vóta iomlánach an 14 Márta, thug feisirí Eorpacha a gceadú le rún i dtaca le creat comhlachais a d’fhéadfadh a bheith ann don chaidreamh leis an Ríocht Aontaithe tar éis Brexit.

Agus bunphrionsabail an rialtais i Londain á gcur san áireamh, d’fhéadfadh comhaontú comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a bheith ina chreat iomchuí don chaidreamh idir an dá thaobh sa todhchaí - sin a chuirtear in iúl i rún a d’fhaomh feisirí na Parlaiminte an 14 Márta. Thug 544 feisirí a dtoiliú leis an rún, dhiúltaigh 110 feisirí dó agus staon 51 feisirí ón vóta.

 

D’fhéadfaí an caidreamh seo a bhunú ar cheithre cholún:

 

  • caidreamh trádála agus eacnamaíoch (comhaontú saorthrádála),
  • slándáil inmheánach,
  • comhoibriú i mbeartas eachtrach agus cosanta,
  • comhar téamach, mar shampla maidir le taighde trasteorann nó tionscadail nuálaíochta.

 

Éilíonn feisirí go gcuirfí rialachas seasmhach san áireamh sa chreat, le sásra láidir  um réiteach díospóidí.

 

Chuir Grúpa Stiúrtha Brexit na Parlaiminte an rún le chéile, agus leagtar béim ann ar na gnéithe eisceachtúla a bhaineann le héiceachóras an Aontais Eorpaigh - comhrialacha ceangailteacha, comhinstitiúidí agus sásraí comhchoiteanna maoirseachta, forfheidhmithe agus breithiúnacha. Mar gheall air sin, fiú i gcás tíortha neamh-AE atá ailínithe go dlúth leis an Aontas agus a bhfuil reachtaíocht chomhionann acu, ní cheart go mbeadh siad in ann leas a bhaint as cearta den chineál céanna, as buntáistí nó as rochtain ar an margadh díreach mar atá ag tíortha atá ina mbaill den Aontas.

 

Le creat ar bith don chaidreamh amach anseo, ba cheart go mbeadh sé i gcomhréir le sláine an mhargaidh inmheánaigh, an aontais chustaim agus na gceithre shaoirse, gan cur chuige earnáil ar earnáil a cheadú. Ba chóir go mbeadh sé i gcomhréir freisin le neamhspleáchas chinnteoireacht agus le dlíchóras an Aontais, ról Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh san áireamh.

 

Comhaontú um tharraingt siar agus an idirthréimhse

 

Cuirtear fáilte sa rún roimh an dréacht-chomhaontú um tharraingt siar a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an 28 Feabhra agus roimh na moltaí maidir le socruithe idirthréimhseacha.

 

Athdhearbhaítear a thábhachtaí atá sé caitheamh go cothrom le saoránaigh AE atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus le saoránaigh na Breataine san Aontas Eorpach.

 

Cuirtear fáilte sa rún chomh maith roimh dhréachtphrótacal an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hÉirinn agus le Tuaisceart Éireann, lena n-áirítear rogha an tsocraithe tacaíochta a leagadh amach sa Tuarascáil Chomhpháirteach i Nollaig, a chuireann réiteach cúltaca nithiúil ar fáil chun a áirithiú nach dtarlóidh teorainn chrua agus nach ndéanfar dochar don chomhoibriú Thuaidh-Theas. Leagann feisirí Eorpacha béim freisin ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh rialtas na Breataine cinnte de nach ndéanfar maolú ar chearta saoránach mar a leagadh amach i gComhaontú Aoine an Chéasta.

 

An chéad chéim eile

 

Sa rún, leagtar amach ionchur na Parlaiminte roimh chruinniú mullaigh na 27 gceann stáit nó rialtais an 22-23 Márta. Ag an gcruinniú sin, meastar go nglacfaidh an Chomhairle Eorpach treoirlínte don idirbheartaíocht ar chaidreamh na Ríochta Aontaithe leis an Aontas Eorpach amach anseo. Beidh ar Pharlaimint na hEorpa aon chomhaontú um tharraingt siar, comhaontú comhlachais nó comhaontú idirnáisiúnta leis an Ríocht Aontaithe a fhormheas.