Comhaontú Brexit: cruinniú ag ceannairí polaitiúla na Parlaiminte leis an bPríomh-Idirbheartaí Barnier 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Michel Barnier agus Antonio Tajani leis an dréacht-chomhaontú um tharraingt siar an 15 Samhain 2018  

Tá ról ríthábhachtach ag feisirí Eorpacha sa phróiseas Brexit agus cuirfear an comhaontú idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach chun vóta i bParlaimint na hEorpa.

Mar gheall ar “dhul chun cinn cinntitheach” a bheith déanta san idirbheartaíocht faoi imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, chuir Príomh-Idirbheartaí an Aontais Michel Barnier an dréacht-chomhaontú um tharraingt siar faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán an 15 Samhain. Tar éis an chruinnithe, labhair an tUasal Barnier, an tUachtarán Antonio Tajani agus Comhordaitheoir Brexit na Parlaiminte Guy Verhofstadt leis na meáin.


Ag tagairt dó don chomhaontú, dúirt an tUachtarán Tajani: “Thar aon rud eile, baineann Brexit leis an ngnáthdhuine. Baineann sé le cearta ár saoránach, le caomhnú na síochána i dTuaisceart Éireann, agus le fostaíocht a chosaint ar iarmhairtí imeacht na Ríochta Aontaithe.”


Táthar ag súil go gcuirfear an comhaontú chun vóta i bParlaimint na hEorpa ag tús na bliana seo chugainn.