Brexit: díospóireacht maidir leis an staid mar atá ó thaobh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe  

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Jean-Claude Juncker, Michel Barnier agus feisirí Eorpacha i mbun díospóireachta sa Pharlaimint an 18 Meán Fómhair 2019  

An mbeifear in ann teacht ar chomhréiteach sula bhfágann an Ríocht Aontaithe an tAontas? Rinne feisirí plé an 18 Meán Fómhair 2019 ar an staid reatha maidir leis an idirbheartaíocht Brexit.

Mar a sheasann cúrsaí anois, tá an Ríocht Aontaithe chun an tAontas Eorpach a fhágáil an 31 Deireadh Fómhair 2019. Má táthar chun síneadh breise a chur le tréimhse Airteagal 50, bheadh ar an rialtas i Londain iarratas a dhéanamh agus bheadh ar cheannairí an 27 mballstát aontú dáta Brexit a chur siar.


Tháinig idirbheartaithe an dá pháirtí ar chomhaontú i Samhain 2018 maidir leis an dréacht-chomhaontú um tharraingt siar ach níor daingníodh go fóill é. Diúltaíodh don dhréacht-chomhaontú trí huaire i dTeach na dTeachtaí. Tar éis dó tús a chur lena phríomh-aireacht d’fhógair Boris Johnson go ndéanfadh sé iarracht an comhaontú um tharraingt siar a athoscailt.


I ndíospóireacht iomlánach an 18 Meán Fómhair, rinne feisirí Eorpacha plé ar an staid reatha maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe. Ghlac siad rún chomh maith ag athdhearbhú a gcuid tacaíochta do sheasamh an Aontais Eorpaigh. Léirigh feisirí a n-ullmhacht chun filleadh ar chúlstop i gcás Thuaisceart Éireann amháin ach ag cur i bhfáth nach dtabharfaidh siad toiliú do chomhaontú um tharraingt siar d’uireasa chúlstop.


‘Fíorbhaol go mbeidh Brexit gan mhargadh ann’


Ag labhairt dó le linn na díospóireachta sa Pharlaimint, dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker: “Tá fíorbhaol go mbeidh Brexit gan mhargadh ann. Ag deireadh thiar thall, braithfidh sé ar chinneadh rialtas na Ríochta Aontaithe. Ní chinneadh ná an rogha is fearr leis an Aontas Eorpach é imeacht gan mhargadh, agus ní bheidh go deo. Mar gheall air sin, is é an rud is fearr anois, measaim, ná díriú ar an méid gur féidir linn a dhéanamh chun an comhaontú seo a chur i gcrích.”


Labhair Manfred Weber (an Ghearmáin) ar son Pháirtí an Phobail Eorpaigh: “I láthair na huaire, ní hé go bhfuil an Bhreatain ag fágáil an Aontais Eorpaigh, tá jabanna agus gnólachtaí ag fágáil na Ríochta Aontaithe. Tá aiféala ar go leor againn anseo sa Pharlaimint faoi thoradh Brexit. Caithim a rá leat, áfach, i rith na toghchánaíochta, bhí cás láidir againn nuair a dúramar le muintir na hEorpa gur amaideach an rud é Brexit agus go mbaineann an-chuid neamhchinnteachta leis. Mar sin, chabhraigh sibh linn ar go leor bealaí.”


Is é ceann de na nithe is casta san idirbheartaíocht Brexit ná an cúlstop chun a chinntiú nach ndéanfar an teorainn idir Tuaisceart Éireann agus Éirinn níos crua. Dúirt Michel Barnier, príomh-idirbheartaí an Aontais Eorpaigh maidir le Brexit: “Nílimid ag iarraidh go mbeidh teorainn fhisiciúil arís ann idir Tuaiseart Éireann agus Poblacht na hÉireann. Ba mhian linn sláine mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh a chosaint chomh maith leis an ngeilleagar uile-oileáin.”

Michel Barnier, príomh-idirbheartaí an Aontais Eorpaigh maidir le Brexit, ag labhairt sa Pharlaimint an 18 Meán Fómhair 2019  

‘Gnáthdhaoine ag íoc as botúin a gcuid polaiteoirí’


Is í an feisire Spáinneach Iratxe García Pérez cathaoirleach nua na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe, d’iarr sí ar an bPríomh-Aire Boris Johnson cearta shaoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe a ráthú: “Níor cheart go mbeadh ar ghnáthdhaoine íoc as botúin a gcuid polaiteoirí.” Chuir sí in iúl freisin go mbeadh grúpa na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe sásta tacú le muintir na Ríochta Aontaithe má chinneann siad athrú intinne a dhéanamh maidir le Brexit.


Bhí comhordaitheoir Brexit na Parlaiminte Guy Verhofstadt (Renew Europe, an Bheilg) den tuairim go bhféadfadh an dá pháirtí teacht ar chomhaontú fós ach cháin sé láimhseáil na Ríochta Aontaithe ó thaobh chearta na saoránach de. Ag labhairt dó faoin gcaidreamh trádála leis an Ríocht Aontaithe sa todhchaí, dúirt sé: “Ní ghlacfaidh an Pharlaimint seo le comhaontú go deo ina mbeadh buntáistí uile na saorthrádála ag an mBreatain, le taraifí nialais, ach gan ailíniú lenár gcaighdeáin éiceolaíocha, shláinte agus shóisialta.”


Labhair Philippe Lamberts (an Bheilg) ar son na nGlasach: “Níor roghnaigh muidne Brexit ach caithfear urraim a bheith againn do rogha thromlach na dtoghthóirí sa Ríocht Aontaithe. An léiriú is fearr air sin ná go bhfuilimid ag idirbheartaíocht le dea-intinn.”


‘Tuilleadh dea-thola agus solúbthachta’


Ag labhairt dó ar son an Ghrúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa, dúirt an feisire Sasanach Geoffrey Van Orden: “Ba mhian le rialtas na Breataine teacht ar chomhaontú, comhaontú a mbeidh parlaimint agus muintir na Breataine in ann glacadh leis, in ionad aon seanchomhaontú.” D’éiligh sé “tuilleadh dea-thola agus solúbthachta” ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe araon, agus chuir sé in iúl go raibh amhras air faoi bhunchúiseanna na ndaoine atá ag iarraidh síneadh breise a chur le ballraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach.


Chuir Marco Zanni (Féiniúlacht agus Daonlathas, an Iodáil) in iúl nár cheart d’institiúidí an Aontais Eorpaigh “seanmóirí a thabhairt” do pharlaimint Westminster maidir le cúrsaí daonlathais: “Tá imní orm mar is léir nach nglacfar riamh le cinntí toilteanacha na dtoghthóirí muna sásaíonn siad institiúidí an Aontais Eorpaigh.”


Dúirt Martin Schirdewan, cathaoirleach ghrúpa na heite clé GUE/NGL: “An t-aon ní atá bainte amach ag lucht na Breatimeachta ná an Ríocht Aontaithe a chur sa ghéarchéim pholaitiúil is tromchúisí dá raibh ann le fada an lá, agus is iad an lucht oibre agus na pinsinéirí is mó a bheidh thíos leis an ngéarchéim sin. Ní dhéanfaidh an beartas seo maitheas do mhuintir na Breataine ná do mhuintir na hEorpa.”