Díospóireacht ar ról na Tuirce i ngéarchéim na ndídeanaithe

Bhí cruinniú ag ceannairí rialtais AE le Príomh-Aire na Tuirce Ahmet Davutoğlu an tseachtain seo i ndáil le comhar a neartú maidir le géarchéim na himirce. I measc na dtograí nua ar pléadh iad ná plean chun Siriach amháin a athlonnú go dtí an tAontas Eorpach in aghaidh gach Siriach a athghlacann an Tuirc ó oileáin na Gréige. Rinneadh réamhthograí an chruinnithe a phlé ag díospóireacht sa Pharlaimint an 9 Márta; dúirt feisirí go gcaithfear a chinntiú nach sárófar rialacha tearmainn idirnáisiúnta.

A torn Syrian passport seen on the Greek side of the border with the Former Yugoslav Republic of Macedonia, where more than 12000 refugees, mainly from Iraq and Syria, are waiting to cross and continue their journey towards Western Europe.  © UNHCR/Achilleas Zavallis
Pas Siriach in aice le teorainn na Gréige le Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine ©UNHCR/Achilleas Zavallis

Tháinig thart ar 132,000 duine go dtí an Eoraip ar muir i mí Eanáir agus i mí Feabhra; bádh breis is 400 duine sa Mhuir Aeigéach ó thús na bliana. D'fhonn dul i ngleic leis an mbrú imirce seo agus le tionchar daonnúil na coimhlinte sa tSiria, tionóladh cruinniú mullaigh AE-na Tuirce sa Bhruiséil an 7-8 Márta. I measc na dtograí nua chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na himirce ná moladh chun imircigh mídhleathacha a thrasnaíonn ón Tuirc isteach in Oileáin na Gréige a chur ar ais, agus dídeanaithe aitheanta ón tSiria a athlonnú ar bhonn "aon ar aon."


Ó cuireadh tús leis an gcogadh sa tSiria an 15 Márta 2011 easáitíodh 6.5 milliún duine as a gcuid tithe laistigh den tír. Tá thart ar 4.7 milliún dídeanaí ón tSiria cláraithe i dtíortha comharsanachta ar nós na hIordáine, na Liobáine agus na Tuirce. Dar leis an gCoimisiún Eorpach tá cúnamh daonnúil de dhíth ar 13.5 milliún Siriach agus meastar go bhfuil an choimhlint sa tSiria tar éis an ghéarchéim dhaonnúil is mó ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda a thionscnamh.


Ról na Tuirce


Agus thart ar 2.7 milliún dídeanaithe ag cur fúthu sa Tuirc amháin tá ról fíorthábhachtach ag an tír agus aghaidh á tabhairt ar an ngéarchéim. Tháinig níos mó ná milliún dídeanaithe chun na hEorpa anuraidh agus meastar gur tháinig an chuid is mó dóibh tríd an Tuirc.


Agus sreabhadh na n-imirceach atá ag trasnú ón Tuirc go dtí an Ghréig thar a bheith ard i gcónaí tháinig ceannairí rialtais AE ar chomhthuiscint leis an bPríomh-Aire Davutoğlu an 7 Márta maidir le comhar a neartú d'fhonn an ghéarchéim a réiteach.


Chomh maith leis an €3 billiún atá á fháil ag an Tuirc ón Eoraip cheana féin rinneadh plé ar mhaoiniú breise a thabhairt d'údaráis na Tuirce. Táthar ag smaoineamh ar dhlús a chur freisin le cur chun feidhme an treochláir maidir le léirscaoileadh víosaí do shaoránaigh na Tuirce. Déanfar cinneadh go luath chomh maith i ndáil leis an mbóthar a réiteach chun caibidlí nua a oscailt san idirbheartaíocht i leith aontachas na Tuirce leis an Aontas Eorpach. Tiocfaidh ceannairí rialtais na mballstát ar chinneadh críochnaitheach maidir leis na tograí seo ag cruinniú mullaigh a bheidh ar siúl sa Bhruiséil an 17-18 Márta.


Díospóireacht sa Pharlaimint


Chuir feisirí Eorpacha a dtuairimí in iúl maidir le conclúidí an chruinnithe le linn díospóireachta sa Pharlaimint an 9 Márta. Bhí an tAire Jeanine Hennis-Plasschaert i láthair ar son uachtaránacht na hÍsiltíre ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh chomh maith le Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Valdis Dombrovskis. Chaith feisirí súil chun tosaigh sa díospóireacht ar chruinniú mullaigh na seachtaine seo chugainn agus dúirt siad go gcaithfear a chinntiú nach sárófar rialacha tearmainn idirnáisiúnta de bharr comhaontaithe nua leis an Tuirc.


Ag labhairt dó an 7 Márta tar éis cruinnithe le Príomh-Aire na Tuirce Ahmet Davutoğlu agus uachtaráin na Comhairle agus an Choimisiúin Donald Tusk agus Jean-Claude Juncker, dúirt Uachtarán na Parlaiminte Martin Schulz: "Ní caidreamh aontaobhach é seo: ní féidir leis an Tuirc déanamh gan an Aontas Eorpach agus ní féidir leis an Aontas Eorpach déanamh gan an Tuirc. Tá géarchéim imirce agus dídeanaithe gan fasach os comhair na hEorpa. Ach is fíor sin i gcás na Tuirce chomh maith agus tá sé fíorthábhachtach go n-oibrímid as lámha a chéile leis an bhfadhb seo a réiteach."


D'fhreastail an tUachtarán Schulz ar an gcruinniú mullaigh idir AE agus an Tuirc chomh maith. Chuir sé in iúl go raibh imní ar fheisirí na Parlaiminte de bharr na sáruithe ar shaoirse an phreasa sa Tuirc le déanaí. Dúirt sé freisin gur chóir ceist na ndídeanaithe agus aontachas na Tuirce leis an Aontas Eorpach a scaradh óna chéile.


Tá an choimhlint sa tSiria agus an ghéarchéim dhaonnúil a tharla dá barr tar éis a bheith go mór chun tosaigh ar chlár oibre fheisirí na Parlaiminte le fada. Tiomnaíodh Lá Idirnáisiúnta na mBan 2016 do chás dídeanaithe ban agus lucht iarrtha tearmainn san Eoraip. Ag labhairt dó sa Pharlaimint an 8 Márta, chuir Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe Filippo Grandi in iúl gur iad mná thart ar 55% de na dídeanaithe atá ag teacht chun na hEorpa anois. Dúirt sé freisin go bhfuil sé "in am don Aontas Eorpach bunluachanna na hEorpa a athdhearbhú."


De réir na staitisticí is déanaí de chuid na Náisiún Aontaithe, tháinig thart ar 132,000 duine go dtí an Eoraip ar muir i mí Eanáir agus i mí Feabhra, 123,000 dóibh go dtí an Ghréig amháin. Meastar go bhfuil tuairim is 13,000 duine sáinnithe ar theorainn na Gréige le Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine i láthair na huaire freisin.


Thaisteal dhá thoscaireacht ó na coistí parlaiminteacha um shaoirsí sibhialta agus um bhuiséid go dtí an Tuirc an 8-11 Feabhra d'fhonn bualadh le daoine a raibh tionchar ag an gcoimhlint sa tSiria orthu. Thug feisirí cuairt ar ionaid dídeanaithe in Nizip agus in Osmaniye i ndeisceart na Tuirce agus bhuail siad le hionadaithe rialtas na Tuirce sa phríomhchathair Ankara. Thug siad ardmholadh d'údaráis na Tuirce as na hiarrachtaí atá déanta acu bia, dídean, cúram sláinte agus oideachas a chur ar fáil dóibh siúd ón tSiria a bhfuil cónaí orthu sna campaí dídeanaithe. Dúirt siad chomh maith áfach gur é fírinne an scéil ná go bhfuil cónaí ar thart ar 90% den 2.5 mhilliún Siriach sa Tuirc lasmuigh de na campaí seo.


Cliceáil anseo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi fhreagairt na hEorpa ar ghéarchéim na ndídeanaithe.

Ráiteas Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Martin Schulz ag cruinniú mullaigh AE-na Tuirce sa Bhruiséil an 7 Márta 2016
(R-L) European Parliament President Martin Schulz and Turkish Prime Minister Ahmet Davutoğlu
An tUachtarán Martin Schulz ag cur fáilte roimh Phríomh-Aire na Tuirce Ahmet Davutoğlu sa Pharlaimint sa Bhruiséil an 7 Márta

Tuilleadh faisnéise

Jeanine HENNIS-PLASSCHAERT (Council) and Valdis Dombrovskis (Commission) on the Preparation of the European Council meeting of 17 and 18 March 2016 and outcome of the EU-Turkey summit
Jeanine Hennis-Plasschaert, uachtaránacht na hÍsiltíre ar an gComhairle, agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Valdis Dombrovskis sa Pharlaimint an 9 Márta