Schengen: leathnú amach ar limistéar neamhtheorann an Aontais

Ní gá pas a bheith agat agus tú ag i mbun taistil laistigh de limistéar Schengen, áit ina bhfuil 29 tír faoi láthair. Ach conas go díreach a fheidhmíonn sé? Tuilleadh eolais san alt seo.

 Léarscáil de limistéar Schengen, ina léirítear na baill atá aige anois, na ballstáit AE nach bhfuil páirteach ann agus an tír is iarrthóir.
Léarscáil de limistéar Schengen

Tá prionsabal na saorghluaiseachta ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Tá ag gach saoránach den Aontas Eorpach an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse áit ar bith i mballstáit an Aontais. Ó cuireadh limistéar Schengen ar bun siar sa bhliain 1995, tá deireadh tagtha le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha AE.

Cuimsítear  nach mór gach ballstát AE, seachas Éire, a bhfuil rogha déanta aici gan a bheith páirteach. Tá comhlimistéar taistil aici leis an Ríocht Aontaithe, chomh maith leis an Chipir, a bhfuil measúnú á dhéanamh uirthi faoi láthair féachaint an bhfuil sí ullamh teacht isteach sa limistéar.

 

Tá ceithre thír neamh-AE tagtha isteach i limistéar Schengen chomh maith - an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin.

Leathnú amach Schengen

 

Ar an 10 Samhain 2022, thug Parlaimint a cuid tacaíochta do theacht isteach na Cróite i limistéar Schengen roimh dheireadh 2022. Tháinig an tír isteach mar bhall an 1 Eanáir 2023.


I mí Iúil 2023, d'éiligh Parlaimint ar an gComhairle faomhadh a thabhairt do theacht isteach na Rómáine agus na Bulgáire i limistéar Schengen roimh dheireadh 2023. Leagadh béim ar iarrachtaí na dtíortha na dualgaisí cuí a chomhlíonadh chun teacht isteach.

D'aontaigh tíortha AE d'aon ghuth cead a thabhairt fáil réidh leis an rialú ag teorainneacha leis an mBulgáir agus an Rómáin ón 31 Márta 2024 ar aghaidh. Is ag teorainneacha aeir agus farraige amháin ina gcuirfear na hathruithe seo i bhfeidhm. Táthar ag ceapadh go leanfaidh idirbheartaíochtaí maidir leis na teoreainneacha ag leibhéal na talún ar aghaidh le linn na bliana.

Coinníollacha Schengen

  • Glacann ballstáit freagracht as teorainneacha seachtracha an limistéir a rialú.
  • Cuirtear comhrialacha Schengen i bhfeidhm, mar shampla rialuithe teorann in aerfoirt, i gcalafoirt agus ag teorainneacha talún, chomh maith le córas aonfhoirmeach chun víosaí a eisiúint.
  • Déantar rialú níos géire ag an teorainn choiteann sheachtrach ar bhonn rialacha Schengen chun slándáil laistigh den limistéar a áirithiú.
  • Ní mór do bhallstáit comhoibriú le gníomhaireachtaí an dlí i dtíortha eile an limistéir agus an Córas Faisnéise Schengen (SIS) a chur i bhfeidhm.

Rialuithe sealadacha ag teorainneacha inmheánacha  

Déantar níos mó ná 1.25 billiún turas trasteorann laistigh de limistéar Schengen gach bliain. Tá deireadh tagtha le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha Schengen, ach tá sé fós de cheart ag na ballstáit rialuithe sealadacha a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach i gcás bhagairtí dáiríre.


Ó 2015, de bharr ghéarchéim na ndídeanaithe agus an borradh atá tagtha faoi bhagairt na sceimhlitheoireachta, tá rialuithe sealadacha tugtha isteach ag roinnt tíortha. Ina theannta sin, is de bharr na paindéime a bhfuil rialuithe ag teorainneacha tagtha isteach arís i dtíortha áirithe san Aontas.


I mí na Nollag 2021, mhol an Coimisiún uasdátú a dhéanamh ar na rialacha maidir le limistéar Schengen. Theastaigh uaidh deis a thabhairt do na ballstáit rialuithe sealadacha a chur i bhfeidhm ag teorainneacha inmheánacha  nuair nach bhfuil an dara rogha acu. Tar éis di obair a dhéanamh ar an togra, ghlac Parlaimint na hEorpa lena seasamh an 20 Meán Fómhair 2023 agus tháinig tús le hidirbheartaíochtaí leis an gComhairle. Tá feisirí áirithe tar éis argóint a dhéanamh ina gcoinne toisc go gcuireann siad bac le saorghluaiseacht daoine fud fad an Aontais.

Rinneadh an t-alt seo a fhoilsiú don chéad uair i mí na Feabhra 2018, ach táimid tar éis uasdátú a dhéanamh air arís is arís eile. Is i mí Eanáir 2024 a ndearnadh uasdátú air don uair dheireanach.