Seachaint cánach: ‘Tá na córais reatha as dáta agus tá saoránaigh agus gnólachtaí beaga níos measa as’

I vóta an 15 Márta, thug feisirí Eorpacha a gceadú le pleananna i dtaca le comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide a bhunú san Aontas Eorpach.

Tax avoidance: multinationals to pay tax where profits are made ©AP Images/European Union-EP
Cuirfear coiste speisialta nua ar bun sa Pharlaimint chun coir airgeadais a fhiosrú ©AP Images/EU-EP

Thug feisirí Eorpacha a gceadú an 15 Márta le dá phíosa reachtaíochta chun cosc a chur ar aistriú brabúis go ballstáit AE a bhfuil rátaí cánach corparáide níos ísle acu. Ag labhairt dó roimh an vóta iomlánach, chuir an feisire Francach Alain Lamassoure (Páirtí an Phobail Eorpaigh) fáilte roimh fhógra an Choimisiúin Eorpaigh le déanaí faoi roinnt ballstát AE a bhfuil pleanáil ionsaitheach chánach ar bun acu. Dhírigh an Coimisiún cáineadh ar na tíortha seo a leanas go príomha: an Bheilg, an Chipir, Éire, an Ísiltír, Lucsamburg, Málta agus an Ungáir.

 

Scéimeanna pleanála ionsaithí cánach

 

Tá an reachtaíocht maidir le comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide (CCCTB) á cur le chéile ag an Uasal Lamassoure. Chuir sé in iúl go mbaineann fíorthábhacht leis an togra reachtach: “A bhuí leis, cuirfear as feidhm aon iarracht scéimeanna pleanála ionsaithí cánach a bhunú agus ioncaim fhioscacha a tharraingt go roinnt ballstát ar dhóigh mhínádúrtha, agus chun aimhleasa ballstát eile.”

 

Is é an feisire Ísiltíreach Paul Tang (Sóisialaithe agus Daonlathaithe) atá freagrach as an reachtaíocht maidir le comhbhonn don cháin chorparáide (CCTB) a bhunú. Dúirt seisean: “Tá ceannairí na mballstát agus an Aontais Eorpaigh ag tosú ar thuiscint a fháil go bhfuil na córais reatha as dáta agus go bhfuil saoránaigh agus gnólachtaí beaga níos measa as. Tá rith an rása linn, táimid ag leanúint orainn de bheith ag cur brú.”

 

Tá an Coimisiún Eorpach ag moladh go gcuirfear an dá thogra i bhfeidhm ar bhonn céimnithe:

  • An chéad chéim - comhbhonn don cháin chorparáide: Is éard atá ann ná treoir chun tacar amháin rialacha a bhunú lena ríomhfaí bonn don cháin chorparáide ar fud an Aontais Eorpaigh. I láthair na huaire tá cóid chánachais éagsúla ann sna ballstáit, ach leis an reachtaíocht seo ríomhfaí brabúis incháinithe gnólachtaí ar bhealach aonfhoirmeach i ngach tír san Aontas.
  • An dara céim: comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide: Leagtar amach leis na rialacha teicniúla maidir le brabúis a chomhdhlúthú agus an chionroinnt den bhonn comhdhlúite a bhaineann leis na ballstáit incháilithe. Bheadh gach ballstát in ann cáin a ghearradh ar an sciar cionroinnte ag an ráta náisiúnta cánach.

 

D’úsáidfí foirmle chun na brabúis a roinnt; chuirfí san áireamh na foirgnimh, an t-innealra agus líon na bhfostaithe atá ag an ngnólacht sa bhallstát ábhartha.

Léiríodh ón taighde a rinneamar gur cailleadh €5.1 billiún in ioncam cánach ó Google agus Facebook thar thréimhse trí bliana. Tá sé thar am mar sin na rialacha a athrú agus cothrom na Féinne a áirithiú an athuair
Paul Tang, feisire Eorpach
Foinse "Léiríodh ón taighde a rinneamar gur cailleadh €5.1 billiún in ioncam cánach ó Google agus Facebook thar thréimhse trí bliana. Tá sé thar am mar sin na rialacha a athrú agus cothrom na Féinne a áirithiú an athuair" osclaítear i bhfuinneog nua é

Níl sé mar aidhm leis na tograí seo rátaí cánach in AE a chomhchuibhiú. Is ceart flaithiúnta de chuid na mballstát é rátaí cánach corparáide a shocrú.

 

Cáin dhigiteach

 

Ag labhairt dó roimh an vóta iomlánach an 15 Márta, dúirt an tUasal Lamassoure: “San fhoirmle a shocraíonn conas ioncaim fhioscacha gnólachtaí a dháileadh thar na ballstáit, thug an Pharlaimint fachtóir eile isteach atá bunaithe ar bhailiú sonraí.”

 

Chuir an tUasal Tang in iúl go bhfuil gá le cáin dhigiteach a thúisce is féidir: “Léiríodh ón taighde a rinneamar gur cailleadh €5.1 billiún in ioncam cánach ó Google agus Facebook thar thréimhse trí bliana. Tá sé thar am mar sin na rialacha a athrú agus cothrom na Féinne a áirithiú an athuair.”

 

Sócmhainn dholáimhsithe ach thar a bheith luachmhar atá i sonraí pearsanta, agus úsáideann leithéidí Amazon, Facebook agus Google iad chun a gcuid maoine a chruthú. Ní chuirtear san áireamh iad agus dliteanais chánacha á ríomh áfach.

 

Ról na Parlaiminte

 

Ó thaobh cánachais de, is ról comhairleach atá ag an bParlaimint. Mar sin, glacfar an dá threoir le vóta d’aon toil i gComhairle an Aontais Eorpaigh, tar éis di dul i gcomhairle leis an bParlaimint.

 

Dar le torthaí shuirbhé Eorabharaiméadair ón mbliain 2016, tá triúr Eorpach as ceathrar den tuairim gur chóir don Aontas Eorpach tuilleadh a dhéanamh chun dul i ngleic le calaois cánach. Baineann costas bliantúil de €160-190 billiún le himghabháil cánach in earnáil chorparáideach an Aontais Eorpaigh, agus tá an comhrac ar son chothrom na Féinne agus trédhearcachta sa chóras cánach tar éis a bheith mar thosaíocht d’fheisirí na Parlaiminte le fada an lá.

 

I vóta an 1 Márta 2018, chuir feisirí coiste speisialta nua ar bun chun coir airgeadais, imghabháil cánach agus seachaint cánach a fhiosrú. Beidh sainordú 12 mhí ag an gcoiste speisialta agus toghfar an cathaoirleach agus na leaschathaoirligh ag cruinniú an 22 Márta.

 

Cliceáil anseo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi obair na Parlaiminte ó thaobh cánachais de.