Vóta iomlánach: moltaí an choiste um choireanna airgeadais agus imghabháil cánach

Thug feisirí Eorpacha a gceadú an 26 Márta 2019 le tuarascáil deiridh an choiste speisialta um choireanna airgeadais agus imghabháil cánach.

Caith súil ar an bhfíseán le tuilleadh a fhoghlaim

Cuireadh coiste speisialta ar bun sa Pharlaimint i Márta 2018 chun coireanna airgeadais, seachaint cánach agus imghabháil cánach a fhiosrú. Bunaíodh an coiste tar éis na scannal a bhí ann maidir le LuxLeaks agus Páipéir Phanama chomh maith le cásanna faoi sciúradh airgid a bheith ar siúl i mbainc san Eoraip.


I dtuarascáil deiridh an choiste a cuireadh chun vóta le linn an tseisiúin iomlánaigh an 26 Márta, moltar gur cheart fórsa póilíneachta Eorpach a bhunú faoi scáth Europol le cumhachtaí chun coireanna airgeadais agus cánach a fhiosrú ar bhonn trasteorann.


Dar le feisirí an choiste, ba chóir freisin eagraíocht mhaoirseachta AE a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta san Aontas. San Aontas Eorpach meastar go saothraítear thart ar €110 billiún gach bliain mar gheall ar sciúradh airgid, is ionann sin agus 1% d’olltáirgeacht intíre an Aontais. Go minic baintear úsáid as fáltais ó choireacht nó sciúradh airgid chun sceimhlitheoireacht a mhaoiniú.


Is iad na feisirí Luděk Niedermayer (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an tSeicia) agus Jeppe Kofod (Sóisialaithe agus Daonlathaithe, an Danmhairg) a chuir tuarascáil deiridh an choiste le chéile. Déantar cáineadh sa tuarascáil ar scéimeanna “víosaí órga” atá ann i 18 mballstát AE, meastar go mbaintear leas as na scéimeanna seo chun rochtain ar an Eoraip a thabhairt do choirpigh shaibhre ón gcoigríoch.


€110 billiún

Airgead a shaothraítear san Aontas Eorpach gach bliain mar gheall ar sciúradh airgid

Le deich mbliana anuas, mar chúiteamh ar infheistíocht san Aontas Eorpach meastar gur bronnadh níos mó ná 100,000 víosaí agus 6,000 pas, go mór mór ar shaoránaigh ón Rúis agus ó thíortha faoi thionchar na Rúise. Baineann pribhléidí cánach leis na scéimeanna seo, agus cuireann siad saorghluaiseacht ar fáil, rud a d’fhéadfaí leas a bhaint aisti chun airgead a sciúradh agus cáin a sheachaint.


Ag labhairt dó roimh an vóta iomlánach an 26 Márta, dúirt an tUasal Kofod: “An fhírinne shearbh ná go bhfuil fadhb chórasach ann san Eoraip a mhéid a bhaineann le sciúradh airgid, imghabháil cánach agus seachaint cánach.” Dúirt sé go bhfuil saorghluaiseacht caipitil agus seirbhísí ann san Aontas Eorpach ach go bhfuil “easpa comhar éifeachtach fós ann i dtaca le maoirseacht, imscrúdú agus forfheidhmiú trasteorann”.


Dar leis an Uasal Niedermeyer, de bharr an easpa comhair idir údaráis sna ballstáit éagsúla níor cuireadh cosc le cásanna ar nós LuxLeaks agus níor fiosraíodh iad i gceart: “Go minic ní léir cé ba cheart bheith ar thús cadhnaíochta.”

Tuilleadh faisnéise