Físeán: bearta á lorg ag feisirí chun pailneoirí a chosaint

Mar gheall ar mheath na bhfeithidí pailnithe, tá an-imní ar an bpobal eolaíochta. Tá feisirí ag éileamh ar an gCoimisiún Eorpach níos mó a dhéanamh chun iad a chosaint.

Caith súil ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

I bhfianaise an laghdaithe atá ag teacht ar dhaonra na bpailneoirí san Eoraip agus i gceantair eile timpeall an domhain, tá Parlaimint na hEorpa tar éis iarraidh arís agus arís eile ar an gCoimisiún Eorpach bearta a mholadh chun beacha agus feithidí pailnithe eile san Eoraip a chosaint ar bhealach níos fearr.

I Meitheamh 2018, foilsíodh togra an Choimisiúin maidir le pailneoirí. Cuirtear in iúl i straitéis an Choimisiúin go gcaithfear daoine a chur ar an eolas faoin laghdú atá ag teacht ar líon na bpailneoirí agus go gcaithfear dul i ngleic le bunchúiseanna an laghdaithe sin (an t-athrú aeráide, dianfheirmeoireacht agus caillteanas gnáthóige, cuir i gcás).


I rún an 18 Nollaig 2019, chuir feisirí in iúl go bhfuil moltaí an Choimisiúin “easnamhach” agus d’iarr ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbearta reatha atá ann chun freagairt níos éifeachtaí agus níos comhordaithe a chinntiú ar leibhéal AE chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

Úsáid lotnaidicídí a laghdú


D’fhonn bithéagsúlacht plandaí agus slándáil an tsoláthair bhia a chur chun cinn, tá feisirí den tuairim gur cheart úsáid lotnaidicídí a laghdú agus gur cheart dó sin a bheith ina ardtosaíocht agus an comhbheartas talmhaíochta (CAP) á athchóiriú.


In Aibreán 2018, tháinig an tAontas Eorpach ar chomhaontú maidir le húsáid roinnt neoinicitíonóideach (imíodaclóiprid, clóitiainídin agus tiaimeatocsam) a theorannú mar tháinig sé chun solais go bhfuil siad thar a bheith contúirteach do bheacha. Tá feisirí Eorpacha ag iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a ullmhú chun táirgeadh, díol agus úsáid na neoinicitíonóideach ar fad a chosc san Aontas Eorpach.


‘Ní mór dúinn gníomhú chun beacha fiáine a chosaint’


Ag labhairt dó roimh an vóta an 18 Nollaig, dúirt an feisire Eorpach Martin Häusling: “Ní mór a thuiscint go bhfuil 70% de na beacha fiáine i mbaol díothaithe agus i mbaol mór. Ach is iad na beacha fiáine seo, mar aon le feithidí eile, a dhéanann leath den phailniú san Eoraip. Ní thig neamhaird a dhéanamh de seo, ní mór dúinn gníomhú chun beacha fiáine a chosaint.”


Dúirt an feisire Gearmánach de chuid na nGlasach chomh maith: “Ní foláir dúinn go háirithe plé a dhéanamh ar an nós imeachta chun lotnaidicídí a údarú. Tá easnaimh ollmhóra ann agus is mithid don Choimisiún beart a dhéanamh.”


Tuilleadh taighde agus monatóireacht níos fearr

Tá feisirí den tuairim chomh maith go gcaithfear tuilleadh airgid a chur ar fáil d’fhonn taighde a mhaoiniú maidir le bunchúiseanna an laghdaithe ar bheacha. Ba cheart freisin monatóireacht a dhéanamh ar speicis agus ar dhaonraí pailneoirí san Aontas Eorpach. Chomh maith leis sin, tá feisirí i bhfách le forbairt lotnaidicídí íseal-riosca nach mbeadh contúirteach do phailneoirí.

Tuilleadh faisnéise