Duais Sakharov: Parlaimint na hEorpa mar chosantóir ar chearta an duine 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Is gníomhaire lárnach é an Pharlaimint ar son an daonlathais, na saoirse cainte, toghchán cóir agus chearta an lucht fulaingthe. Is cuma cá háit ar domhain a bhfuil na sáruithe ar siúl.

Gach bliain bronnann an Pharlaimint Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta ar dhaoine aonair agus eagraíochtaí a chomhraiceann ar son chearta an duine agus ar son saoirsí bunúsacha. Bronnadh Duais Sakharov 2017 ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala ag searmanas sa Pharlaimint an 13 Nollaig. Bronnadh Duais Sakharov 2016 ar Nadia Murad agus Lamiya Aji Bashar, Iasaídigh ón Iaráic ar éirigh leo éalú ó sclábhaíocht gnéis an Stáit Ioslamaigh. 

 

Bunaíodh an Duais sa bhliain 1988 in onóir Andrei Sakharov, an t-eolaí núicléach Rúiseach agus gníomhaíoch ar son chearta an duine, agus is ionann í agus an comhartha ómóis is mó a bhronnann an tAontas Eorpach d’iarrachtaí ar son chearta an duine. Tugtar aitheantas agus tacaíocht mhorálta léi do na buaiteoirí a ghlacann misneach agus a théann ó neart go neart agus iad ag troid ar son a gcúiseanna.

 

Tá Duais Sakharov 30 bliain ar an bhfód anois agus i measc na mbuaiteoirí eile a bhuaigh an Duais tá Nelson Mandela agus Earrach na nArabach.