Duais Sakharov na Parlaiminte buaite ag an stiúrthóir scannán Úcránach Oleg Sentsov 

An leagan is deireanaí: 
 
Cruthaithe:   
 

Roinn an leathanach seo: 

D'fhógair an tUachtarán Antonio Tajani an 25 Deireadh Fómhair go mbronnfar Duais Sakharov 2018 ar Oleg Sentsov, stiúrthóir scannán ón Úcráin. Tionólfar an searmanas bronnta an 12 Nollaig.

Ag cruinniú a bhí ar siúl in Strasbourg an 25 Deireadh Fómhair, roghnaigh Comhdháil na nUachtarán an tUcránach Oleg Sentsov mar bhuaiteoir Dhuais Sakharov na Parlaiminte don bhliain 2018. Tá Comhdháil na nUachtarán comhdhéanta d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus de chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla.


Is stiúrthóir scannán as an Úcráin é an tUasal Sentsov a rugadh i 1976. Gearradh 20 bliain príosúnacht air i gcúisimh a bhain le “gníomhartha sceimhlitheoireachta a bheartú” in aghaidh riail “de facto” na Rúise sa Chrimé. De réir Amnesty International, “triail éagórach roimh chúirt mhíleata” a bhí i bpróiseas na cúirte. Bhí Sentsov ar stailc ocrais ó Bhealtaine na bliana seo go dtí an 6 Deireadh Fómhair, agus anois is siombail é dá bhfuil i ndán do thart ar 70 saoránach Úcránach a gabhadh go neamhdhleathach agus ar ghearr fórsaí forghabhála na Rúise sa Chrimé téarmaí fada príosúnachta orthu i ndiaidh a hionghabhála.


Agus buaiteoir na bliana seo á fhógairt aige le linn an tseisiúin iomlánaigh in Strasbourg, dúirt Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani: “Trí Dhuais Sakharov a bhronnadh air, tá Parlaimint na hEorpa ag cur a dlúthpháirtíocht le hOleg Sentsov agus lena chúis in iúl. Táimid ag éileamh go ndéanfaí é a scaoileadh láithreach. Cuireann streachtailt Oleg Sentsov i gcuimhne dúinn go bhfuil sé de dhualgas orainn cearta daonna a chosaint ar fud an domhain.”


Sa bhabhta ceannais i mbliana freisin bhí eagraíochtaí neamhrialtasacha a chosnaíonn cearta an duine agus a shábhálann beatha imirceach i réigiún na Meánmhara, agus Nasser Zefzafi, ceannaire Hirak, gluaiseacht agóide i réigiún Rif i Maracó. Bronnfar an Duais (teastas agus €50,000) ag searmanas sa Pharlaimint in Strasbourg an 12 Nollaig.

Cuireann streachtailt Oleg Sentsov i gcuimhne dúinn go bhfuil sé de dhualgas orainn cearta daonna a chosaint ar fud an domhain

Antonio Tajani, Uachtarán na Parlaiminte 
Roinn an t-athlua seo: 

Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta


Bunaíodh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta sa bhliain 1988 in onóir Andrei Sakharov, an t-eolaí núicléach Rúiseach agus gníomhaíoch ar son chearta an duine, agus is ionann í agus an comhartha ómóis is mó a bhronnann an tAontas Eorpach d’iarrachtaí ar son chearta an duine. Tugtar aitheantas agus tacaíocht mhorálta léi do na buaiteoirí a ghlacann misneach agus a théann ó neart go neart agus iad ag troid ar son a gcúiseanna.


Tá níos mó i gceist leis ná díreach onóir a thabhairt do dhaoine ar fud na cruinne a throideann ar son chearta an duine. Féachann sé freisin, le haird a dhíriú ar sháruithe ar chearta an duine agus le tacú le buaiteoirí agus lena gcúis. Ba í Malala Yousafzaï ón bPacastáin a bhuaigh an duais sa bhliain 2013 agus bhí an bua ag Denis Mukwege, gínéiceolaí ó Phoblacht Dhaonlathach an Chongó sa bhliain 2014, bronnadh an duais ar an mblagálaí Raif Badawi ón Araib Shádach in 2015, agus ba iad Nadia Murad Basee agus Lamiya Aji Bashar a bhuaigh Duais 2016. Dámhadh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2017 ar ionadaithe an fhreasúra dhaonlathaigh i Veiniséala.

Saoradh Oleg Sentsov


Scaoileadh Oleg Sentsov saor an 7 Meán Fómhair 2019. Ag labhairt dó tar éis shaoradh Sentsov, dúirt Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli: “Cuireann sé faoiseamh agus lúcháir an domhain orm gur scaoileadh an scannánóir Úcránach Oleg Sentsov saor inniu. Táim ag tnúth go mór le Duais Sakharov na Parlaiminte a bhronnadh air sula i bhfad.”