Duais Sakharov na Parlaiminte buaite ag an ngníomhaí Uigiúrach Ilham Tohti 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

D'fhógair stát na Síne gur "scarúnaí" a bhí in Ilham tohti agus gearradh príosún saoil air © Andy Wong/AP images  

D'fhógair an tUachtarán David Sassoli an 24 Deireadh Fómhair go mbronnfar Duais Sakharov 2019 ar Ilham Tohti, eacnamaí a mbíonn an fód á sheasamh aige ar son chearta Uigiúraigh na Síne.

Ag cruinniú a bhí ar siúl in Strasbourg an 24 Deireadh Fómhair, roghnaigh Comhdháil na nUachtarán Ilham Tohti mar bhuaiteoir Dhuais Sakharov na Parlaiminte don bhliain 2019. Tá Comhdháil na nUachtarán comhdhéanta d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus de chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla.


Maidir leis an mbuaiteoir


Cosantóir chearta an duine a bhfuil dea-theist air is ea Ilham Tohti, Uigiúrach, atá ina ollamh le heacnamaíocht agus a bhíonn ag obair chun idirphlé agus tuiscint a chothú idir na hUigiúraigh agus muintir eile na Síne. Siar sa bhliain 2014, i ndiaidh seóthriail a mhair dhá lá, gearradh príosún saoil air de dhroim a ghníomhaíochais. D'ainneoin na héagóra a rinneadh air, is guth ar son na measarthachta agus ar son an athmhuintearais i gcónaí é.


Tá ainm Tohti i mbéal an phobail i ngeall ar é a bheith ina ghuth ar son dlíthe um neamhspleáchas réigiúnach a chur chun feidhme sa tSín. Ó mhí Aibreáin 2017, tá níos ná milliún Uigiúrach neamhchiontach á gcoinneáil go treallach i gcampaí géibhinn.

Agus buaiteoir na bliana seo á fhógairt aige le linn an tseisiúin iomlánaigh in Strasbourg, dúirt Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli: “Cuireann sé áthas orm a fhógairt go bhfuil Parlaimint na hEorpa tar éis Ilham Tohti a roghnú mar bhuaiteoir 2019 Dhuais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta. Tá a shaol tiomanta ag Tohti d’abhcóideacht ar son chearta mhionlach na nUigiúrach sa tSín. Tríd an Duais seo a bhronnadh air, táimid ag iarraidh go láidir ar rialtas na Síne Tohti a scaoileadh saor agus táimid ag éileamh go léireofar meas ar chearta mionlach sa tSín.”


Searmanas bronnta


Sa bhabhta ceannais i mbliana freisin bhí The Restorers, grúpa mac léinn ón gCéinia chomh maith leis na cosantóirí ar chearta an duine Marielle Franco, Raoni Metuktire agus Claudelice Silva dos Santos ón mBrasaíl. Bronnfar an Duais (teastas agus €50,000) ar Ilham Tohti ag searmanas sa Pharlaimint in Strasbourg an 18 Nollaig 2019.


Duais Sakharov

Bunaíodh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta sa bhliain 1988 in onóir Andrei Sakharov, an t-eolaí núicléach Rúiseach agus gníomhaíoch ar son chearta an duine, agus is ionann í agus an comhartha ómóis is mó a bhronnann an tAontas Eorpach d’iarrachtaí ar son chearta an duine. Tugtar aitheantas agus tacaíocht mhorálta léi do na buaiteoirí a ghlacann misneach agus a théann ó neart go neart agus iad ag troid ar son a gcúiseanna. Bronnadh Duais 2018 ar Oleg Sentsov, stiúrthóir scannán Úcránach; gearradh 20 bliain príosúnacht air i gcúisimh a bhain le “gníomhartha sceimhlitheoireachta a bheartú” in aghaidh riail “de facto” na Rúise sa Chrimé. Dámhadh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2017 ar ionadaithe an fhreasúra dhaonlathaigh i Veiniséala.