Parlaimint na hEorpa mar chosantóir ar chearta an duine

Agus Lá Chearta an Duine á cheiliúradh an 10 Nollaig, faigh amach faoi obair na Parlaiminte chun cearta daonna a chur chun cinn timpeall na cruinne.

Caith súil ar an bhfíseán thuas chun tuilleadh a fhoghlaim

Déantar daingniú Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine siar sa bhliain 1948 a cheiliúradh an 10 Nollaig gach bliain. Ag labhairt dó roimh Lá Chearta an Duine 2017, dúirt cathaoirleach an fhochoiste um chearta an duine Pier Antonio Panzeri: “Ceapaim gurb é ról cinntitheach an Aontais Eorpaigh leanúint orthu ag comhrac, an dlúthpháirtíocht a léiriú atá riachtanach chun an dúshlán seo a shárú trí chearta an duine a thíolacadh gach áit.”

 

Dar le torthaí an tsuirbhé is déanaí ó Eorabharaiméadar, tá muintir na hEorpa ag iarraidh go mbeadh AE níos gníomhaí i gcur chun cinn na síochána agus an daonlathais timpeall na cruinne. Thug torthaí an tsuirbhé le fios go bhfuil triúr Eorpach as ceathrar den tuairim gur chóir don Aontas Eorpach tuilleadh a dhéanamh chun síocháin agus daonlathas a chur chun tosaigh.

 

I suirbhé eile, chuir tromlach mór na bhfreagróirí (57%) in iúl gur chóir don Pharlaimint tús áite a thabhairt do chosaint chearta an duine. Mheas beagnach gach Eorpach as beirt gur iad an tsíocháin (46%) agus cearta an duine (43%) na luachanna is tábhachtaí.

 

Díospóireachtaí iomlánacha

 

Is cosantóir fíochmhar é an Pharlaimint ar chearta an duine agus is ar thráthnóna Déardaoin le linn gach páirtseisiúin i Strasbourg a dhíríonn feisirí a n-aird ar sháruithe scannalacha chearta an duine ar fud an domhain. 

 

Is féidir le coiste, toscaireacht idirpharlaiminteach, grúpa polaitiúil nó 40 feisire ar a laghad a iarraidh ar an uachtarán díospóireacht a sheoladh faoi chás práinneach a bhaineann le sárú ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar fhorlámhas an dlí. Cuireann Comhdháil na nUachtarán liosta ábhar le chéile a bheidh le plé le linn an tseisiúin iomlánaigh. Músclaíonn na díospóireachtaí seo feasacht faoi sháruithe ar chearta an duine.

 

Le linn an tseisiúin iomlánaigh an 14 Nollaig, pléifear cás na Róihinsí sa Bhanglaidéis, agus ionchúiseamh ban sa tSalvadóir de bharr go raibh breith anabaí acu.

 

Caithfidh feisirí Eorpacha vóta an 13 Nollaig ar sheasamh na Parlaiminte ar thuarascáil bhliantúil an Aontais Eorpaigh maidir le cearta an duine. Meastar go gcuirfidh feisirí a n-imní in iúl faoi sháruithe ar chearta an duine, ar fhorlámhas an dlí agus ar an daonlathas ar fud na cruinne.

 

Gníomhaire lárnach ar son an daonlathais

 

Ar ndóigh, is gníomhaire lárnach é an Pharlaimint ar son an daonlathais, na saoirse cainte, toghchán cóir agus chearta an lucht fulaingthe. Is cuma cá háit ar domhain a bhfuil na sáruithe ar siúl. 

 

Gach bliain bronnann an Pharlaimint an Duais um Shaoirse Smaointeoireachta ar dhaoine aonair agus eagraíochtaí a chomhraiceann ar son chearta an duine agus ar son saoirsí bunúsacha. Bronnfar Duais Sakharov 2017 ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala ag searmanas sa Pharlaimint an 13 Nollaig. Bronnadh Duais Sakharov 2016 ar Nadia Murad agus Lamiya Aji Bashar, Iasaídigh ón Iaráic ar éirigh leo éalú ó sclábhaíocht gnéis an Stáit Ioslamaigh. 

 

Nuair a bhíonn AE i mbun idirbheartaíochta ar chomhaontú eacnamaíoch nó trádála le tíortha lasmuigh den Aontas déanann an Pharlaimint cinnte de go dtugtar meas ar chearta an duine. Tá an Pharlaimint tiomanta do thacaíocht a thabhairt do thoghcháin shaora agus chóra i dtíortha lasmuigh den Eoraip chomh maith.

 

Tionólfar an seisiún iomlánach in Strasbourg an 11-14 Nollaig.

Tuilleadh faisnéise