Duais Sakharov 2018: ‘Is duine diongbháilte é Oleg, is trodaí ó nádúr é’

Dámhadh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2018 ar an stiúrthóir scannán Úcránach Oleg Sentsov ag searmanas sa Pharlaimint in Strasbourg an 12 Nollaig.

Bronnadh Duais Sakharov 2018 ar an Úcránach Oleg Sentsov ag searmanas sa Pharlaimint in Strasbourg an 12 Nollaig

“Ainmníodh é mar gheall ar a agóid shíochánta i gcoinne fhorghabháil mhídhleathach na Crimé, chomh maith lena mhisneach, agus a dhiongbháilteacht ar son dhínit an duine daonna, an daonlathais, fhorlámhas an dlí agus chearta an duine” - b’shin a bhí le rá ag Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani agus Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta á bronnadh aige ar Oleg Sentsov, stiúrthóir agus scríbhneoir scannán Úcránach a labhair amach go neamhbhalbh in aghaidh ionghabháil na Rúise ar an gCrimé.


Roghnaíodh an tUasal Sentsov mar bhuaiteoir Dhuais Sakharov na Parlaiminte an 25 Deireadh Fómhair. Is stiúrthóir scannán as an Úcráin é a rugadh i 1976. Gearradh 20 bliain príosúnacht air i gcúisimh a bhain le “gníomhartha sceimhlitheoireachta a bheartú” in aghaidh riail “de facto” na Rúise sa Chrimé. De réir Amnesty International, “triail éagórach roimh chúirt mhíleata” a bhí i bpróiseas na cúirte.


Bhí Sentsov ar stailc ocrais ó Bhealtaine na bliana seo go dtí an 6 Deireadh Fómhair, agus anois is siombail é dá bhfuil i ndán do thart ar 70 saoránach Úcránach a gabhadh go neamhdhleathach agus ar ghearr fórsaí forghabhála na Rúise sa Chrimé téarmaí fada príosúnachta orthu i ndiaidh a hionghabhála.


Ní raibh sé i láthair ag an searmanas bronnta an 12 Nollaig de bharr go bhfuil sé faoi choinneáil i bpríosún sa tSibéir. Bhí a chol ceathair Natalya Kaplan agus a dhlíodóir Dmitriy Dinze i láthair ar a shon.


Ag labhairt dó ag an searmanas bronnta, dúirt an tUasal Tajani: “Mar gheall ar a stailc ocrais agus an seasamh misniúil poiblí atá aige, tá sé ina shiombail anois ar an streachailt chun príosúnaigh polaitiúla sa Rúis agus timpeall an domhain a scaoileadh.” I bhfianaise an teannais i Muir Mheoid agus i gCaolas Kerch atá ag dul in olcas, d’iarr an tUachtarán ar an Rúis agus ar an Úcráin srian a choimeád orthu féin. D’athdhearbhaigh sé freisin go dtacaíonn an tAontas Eorpach go huile is go hiomlán le hiomláine chríochach na hÚcráine.


D’iarr sé ar an Rúis an tUasal Sentsov a scaoileadh saor láithreach agus gan coinníollacha, chomh maith le saoránaigh eile na hÚcráine atá faoi choinneáil go mídhleathach sa Rúis nó i leithinis na Crimé.


Ag labhairt di i seomra iomlánach na Parlaiminte in Strasbourg, rinne Natalya Kaplan mionchur síos ar shaol Sentsov, ar a ghníomhaíochtaí le linn fhorghabháil na Crimé agus faoi mar a céasadh é nuair a gabhadh é: “Is duine diongbháilte é Oleg. Is trodaí ó nádúr é.”


Labhair sí chomh maith faoin stailc ocrais a rinne sé: “Níor scaoileadh saor príosúnach amháin le linn dó a bheith ar stailc ocrais ar feadh 145 lá ach ní hionann sin is a rá gur chaill sé an troid. Mar gheall ar a rinne sé, chuir sé an domhan mór ar an eolas faoi chos ar bolg na Rúise agus is mór an éacht é seo”.

Parliament awards the 2018 Sakharov Prize to Ukrainian film director Oleg Sentsov
Natalya Kaplan agus Dmitriy Dinze le hUachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani

I mbabhta ceannais Dhuais Sakharov i mbliana freisin bhí eagraíochtaí neamhrialtasacha a chosnaíonn cearta an duine agus a shábhálann beatha imirceach i réigiún na Meánmhara, agus Nasser Zefzafi, ceannaire Hirak, gluaiseacht agóide i réigiún Rif i Maracó. Bhí tuismitheoirí Zefzafi i láthair ag an searmanas bronnta an 12 Nollaig chomh maith le hionadaithe na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha.


Tá Duais Sakharov ar an bhfód ó 1988. Ag labhairt dó faoi 30 bliain Dhuais Sakharov, dúirt an tUachtarán Tajani go dtacaíonn an Duais le “daoine aonair agus le heagraíochtaí timpeall an domhain atá go hiomlán tiomanta don chomhrac ar son an cheartais shóisialta.” Rinne sé trácht freisin ar iarbhuaiteoirí Dhuais Sakharov Denis Mukwege agus Nadia Murad a bhuaigh Duais Nobel na Síochána 2018.


Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta


Bunaíodh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta sa bhliain 1988 in onóir Andrei Sakharov, an t-eolaí núicléach Rúiseach agus gníomhaíoch ar son chearta an duine, agus is ionann í agus an comhartha ómóis is mó a bhronnann an tAontas Eorpach d’iarrachtaí ar son chearta an duine. Tugtar aitheantas agus tacaíocht mhorálta léi do na buaiteoirí a ghlacann misneach agus a théann ó neart go neart agus iad ag troid ar son a gcúiseanna.


Tá níos mó i gceist leis ná díreach onóir a thabhairt do dhaoine ar fud na cruinne a throideann ar son chearta an duine. Féachann sé freisin, le haird a dhíriú ar sháruithe ar chearta an duine agus le tacú le buaiteoirí agus lena gcúis. Ba í Malala Yousafzaï ón bPacastáin a bhuaigh an duais sa bhliain 2013 agus bhí an bua ag Denis Mukwege, gínéiceolaí ó Phoblacht Dhaonlathach an Chongó sa bhliain 2014, bronnadh an duais ar an mblagálaí Raif Badawi ón Araib Shádach in 2015, agus ba iad Nadia Murad Basee agus Lamiya Aji Bashar a bhuaigh Duais 2016. Dámhadh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2017 ar ionadaithe an fhreasúra dhaonlathaigh i Veiniséala.

Tuilleadh faisnéise