Amlíne maidir le bearta AE chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas (2020)
Tá an tAontas ag gníomhú go daingean chun dul i ngleic le ráig an choróinvíris agus leis an drochthionchar a bhaineann léi. Caith súil ar an amlíne seo chun léargas a fháil ar bhearta AE.
Céard atá ar bun ag an Aontas Eorpach chun iarmhairtí na ráige Covid-19 a mhaolú, muintir agus geilleagar na hEorpa a chosaint, agus an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn? Tá an fhaisnéis is déanaí ar fáil san amlíne thíos.
Is féidir leat amharc ar amlíne 2021 agus ar amlíne 2022 don nuacht is deireanaí.
Cúram sláinte
Tacú le hearnálacha sláinte poiblí agus cinntiú go bhfuil trealamh leighis ar fáil
-
Riachtanais nua d’fheistí leighis curtha siar
17 Aibreán 2020
Chun ganntanas feistí leighis nó moill i dtabhairt feistí leighis tábhachtacha ar an margadh a chosc, d'aontaigh an Pharlaimint go gcuirfear siar an Rialachán nua maidir le Feistí Leighis.
-
Tacaíocht éigeandála a chur ar fáil do na hearnálacha sláinte
17 Aibreán 2020
Chuir an tAontas os cionn €3 bhilliún ar fáil óna bhuiséad chun soláthairtí leighis a dháileadh, iompar trealaimh agus othar a chomhordú agus tacú le tógáil ospidéal machaire. Go fadtéarmach, úsáidfear na cistí chun tacú le hacmhainneachtaí tástála agus taighde.
-
Allmhairí trealaimh leighis a éascú
3 Aibreán 2020
Chun trealamh leighis a fháil ó thíortha neamh-AE ar bhealach níos éasca, rinneadh dleachtanna custaim agus cáin bhreisluacha ar allmhairí a tharscaoileadh go sealadach.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
-
Stoc comhchoiteann AE de threalamh leighis a chruthú
20 Márta 2020
Chruthaigh an tAontas stoc-charn straitéiseach d’aerálaithe, maisc ath-inúsáidte, soláthairtí saotharlainne agus táirgí teiripice (‘rescEU') chun cuidiú le tíortha AE a bhfuil ganntanais iontu.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
-
Borradh a chur faoin acmhainneacht táirgeachta
20 Márta 2020
Cuireadh caighdeáin chomhchuibithe Eorpacha do sholáthairtí leighis (maisc, cultacha cosanta, feistí cosanta agus riospráide) ar fáil go forleathan chun méadú ar an táirgeadh a éascú.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
-
Foireann saineolaithe Eorpach a chur ar bun
17 Márta 2020
Soláthraíonn painéal seachtar eipidéimeolaithe agus víreolaithe ó bhallstáit éagsúla treoirlínte maidir le freagairt an Aontais, atá bunaithe ar an eolaíocht agus comhordaíonn siad na bearta bainistithe riosca.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
-
Infhaighteacht trealaimh cosanta phearsanta a dhaingniú
15 Márta 2020
Tá údarú ag teastáil chun trealamh cosanta pearsanta (maisc, aghaidhsciatha, éadaí cosanta) a onnmhairiú chuig tíortha lasmuigh den Aontas.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
-
Trealamh leighis a cheannach le chéile
28 Feabhra 2020
Tháinig na ballstáit le chéile faoin gComhaontú um Sholáthar Comhpháirteach chun trealamh cosanta pearsanta (lámhainní, maisc, cultacha) aerálaithe agus trealamh tástála a cheannach.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
Taighde
Ag tacú le taighde agus nuálaíocht le haghaidh cóireálacha agus vacsainí éifeachtacha
-
€90 milliún do thionscadail taighde chun dul i ngleic le víreas Covid-19
31 Márta 2020
Suas le €90 milliún le cur ar fáil faoi chuimsiú an Tionscnaimh um Míochaine Nuálaíoch, comhpháirtíocht idir an tAontas agus tionscal na cógaisíochta, chun tacú le tionscadail atá ag forbairt cóireálacha leighis agus diagnóisice (suas le €45 mhilliún ó bhuiséad AE).
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
-
€164 mhilliún do ghnólachtaí nuathionscanta agus nuálaíochtaí
20 Márta 2020
Leithdháileadh €164 mhilliún ar an gclár píolótach Accelerator ón gComhairle Nuálaíochta Eorpach chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí beaga teicneolaíocht a fhorbairt le cuidiú dul i ngleic leis an bpaindéim.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
-
€80 milliún d'fhorbróir vacsaíne CureVac
16 Márta 2020
Chuir an tAontas suas le €80 milliún ar fáil do CureVac, forbróir vacsaíne nuálaíoch sa Ghearmáin, chun tacú le forbairt agus táirgeadh vacsaín i gcoinne an choróinvíris.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
-
€48.25 milliún do 18 dtionscadal taighde ina bhfuil 151 fhoireann taighde páirteach
6 Márta 2020
Rinne an tAontas €48.25 milliún a leithdháileadh ar 18 dtionscadal taighde a bhfuil 151 fhoireann páirteach iontu, faoi Fís 2020, chun vacsainí, cóireálacha nua agus mearthástálacha diagnóiseacha a fhorbairt agus ullmhacht agus freagairt do ráigeanna a fheabhsú.
Geilleagar
Tacú leis an earnáil airgeadais agus gnólachtaí
-
Solúbthacht uasta chun cistí struchtúrtha an Aontais a chur ar fáil
23 Aibreán 2020
Le bearta nua, ceadaítear do na ballstáit acmhainní a aistriú idir na trí phíomhchiste comhtháthaithe (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe), idir na catagóirí réigiún éagsúla agus idir réimsí tosaíochta sonracha na gcistí.
-
An Pharlaimint ag iarraidh pacáiste téarnaimh ollmhór
17 Aibreán 2020
I rún uatha, d’iarr feisirí na Parlaiminte pacáiste téarnaimh ollmhór chun tacú le geilleagar na hEorpa tar éis ghéarchéim Covid-19, lena n-áirítear bannaí téarnaimh a bheidh ráthaithe ag buiséad AE, agus Ciste Dlúthpháirtíochta Eorpach um an gCoróinvíreas arbh fhiú €50 billiún ar a laghad é.
-
Tacaíocht €65 bhilliún ón mBanc Eorpach Infheistíochta don gheilleagar
16 Aibreán 2020
Chruthaigh an Banc Eorpach Infheistíochta ciste ráthaíochta de €25 bhilliún a chur suas le €200 billiún ar fáil chun cuidiú le geilleagar na hEorpa, anuas ar an €40 billiún a cuireadh ar fáil cheana féin.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
-
Treochlár Eorpach chun deireadh a chur de réir a chéile le bearta srianta
15 Aibreán 2020
Chuir an Coimisiún Eorpach agus an Chomhairle treoir agus moltaí ar fáil do bhallstáit agus iad i mbun deireadh a chur le bearta srianta.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
- (oscail i gclib nua) Leathanach an Choimisiúin
-
Cúnamh láithreach d’ar a laghad 100,000 gnólachtaí beaga agus meánmhéide
6 Aibreán 2020
Agus aird á tabhairt aige ar thionchar na géarchéime ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide, chuir an tAontas thart ar €8 mbilliún i maoiniú ar fáil do ghnólachtaí na hEorpa.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
-
Cistí struchtúrtha AE d’infheistíochtaí agus acmhainní riachtanacha (€37 mbilliún)
27 Márta 2020
Cuireadh €37 mbilliún ó chistí struchtúrtha AE ar fáil don Tionscnamh Infheistíochta um Fhreagairt ar an gCoróinvíreas chun tacú le córáis sláinte, gnólachtaí beaga agus meánmhéide agus margaí saothair.
-
Níos mó solúbthachta fioscaí
23 Márta 2020
Chun cur ar chumas na mballstát tabhairt faoi chaiteachas eisceachtúil le dul i ngleic leis an ngéarchéim, thug an tAontas níos mó solúbthachta isteach maidir lena rialacha buiséadacha.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
-
Rialacha athbhreithnithe maidir le státchabhair
19 Márta 2020
Féadfaidh na ballstáit na rialacha maidir le státchabhair a chur i bhfeidhm go solúbtha lena chinntiú go mbeidh dóthain leachtachta ar fáil do ghnólachtaí de gach cineál agus chun leanúnachas gníomhaíochta eacnamaíche a chaomhnú.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
-
Clár Ceannaithe Éigeandála Paindéime an Bhainc Ceannais Eorpaigh (€750 billiún)
18 Márta 2020
Sheol an Banc Ceannais Eorpach clár ceannaithe sócmhainní sealadach, ar fiú €750 billiún é, chun urrúis earnála príobháidí agus poiblí a cheannach, i dteannta an €120 billiún a cuireadh ar fáil do ghéarchéim na paindéime cheana.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
Fostaíocht agus an tsochaí
Ag tacú le hioncaim teaghlaigh agus poist le linn na géarchéime
-
Daoine a choinneáil i bpoist agus gnólachtaí a choinneáil ag imeacht (€100 billiún)
23 Aibreán 2020
Cuireadh iasachtaí de suas le €100 billiún ar fáil do na ballstáit ar théarmaí fabhracha, chun cur ar chumas cuideachtaí a bhfostaithe a choinneáil agus uaireanta oibre a laghdú agus tacaíocht ioncaim á cur ar fáil ag an am céanna.
-
Aire a thabhairt do na daoine ís díothaí
23 Aibreán 2020
Chun an riosca ionfhabhtaithe a laghdú, cuirfear cúnamh bia agus bunearraí ar fáil tríd an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí le dearbháin pháipéir nó leictreonacha, agus cuirfear trealamh pearsanta ar fáil do na hoibrithe agus na hoibrithe deonacha.
-
Ag cuidiú le feirmeoirí agus iascairí
23 Aibreán 2020
Thug an tAontas níos mó solúbthachta isteach maidir le maoiniú don talmhaíocht, iascach agus dobharchultúr chun cuidiú leis na tionscail aghaidh a thabhairt ar thionchar Covid-19.
-
Cúnamh airgeadais tríd an gCiste Dlúthpháirtíochta (€800 milliún)
26 Márta 2020
Rinneadh raon Chiste Dlúthpháirtíochta AE a leathnú chun éigeandálaí sláinte poiblí a chumhdach, agus mar sin cuireadh €800 milliún ar fáil in 2020 do na ballstáit is mó atá thíos leis na bpaindéim.
-
Plódú líonra a sheachaint
19 Márta 2020
D’iarr an tAontas ar Netflix, Facebook agus YouTube an caighdeán sruthaithe a laghdú chun plódú líonra ar an idirlíon a sheachaint.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
Taisteal agus iompar
Taisteal a shrianú agus seachadadh seirbhísí ríthábhachtacha a chinntiú
-
Deireadh a chur le heitiltí folmha
26 Márta 2020
Cuireadh rialacha AE maidir le hamanna eitilte sna haerfoirt a chur iallach ar aerlínte na hamanna eitilte teacht agus imeachta a bhí beartaithe acu a úsáid chun iad a choinneáil an chéad séasúr eile ar fionraí go sealadach.
-
Sreabhadh leantach earraí agus seirbhísí a chinntiú
18 Márta 2020
Chur an tAontas ‘lánaí glasa’ ar bun ag trasnuithe teorann chun soláthar earraí riachtanacha agus trealamh leighis agus cosanta ríthábhachtach a chinntiú laistigh den mhargadh aonair.
-
Taisteal a shrianú chun scaipeadh an víris a stop
17 Márta 2020
Chun srian a chur le scaipeadh Covid-19, dhún an tAontas a theorainneacha do thaisteal neamhriachtanach.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
-
Saoránaigh AE a aisdúichiú
Ó Eanáir 2020 ar aghaidh
Tugadh na mílte saoránach AE abhaile ó thíortha neamh-AE a bhuíochas don Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta.
- (oscail i gclib nua) Tuilleadh faisnéise
Tá an phaindéim Covid-19 tar éis ráig bhréagaisnéise a chothú atá ag cur bac ar iarrachtaí chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas. Cuidíonn an tAontas Eorpach le bréagaisnéis a bhrath, a nochtadh agus a chomhrac trí eolas atá cruinn a chur ar fáil. Oibríonn an tAontas freisin le hardáin ar líne chun foinsí iontaofa a chur chun cinn, bréagnuacht a dhíbirt agus camscéimeanna a chosc.
Tugann leathanach speisialta ón gCoimisiún míniú ar conas dul i ngleic le bréagaisnéis agus cuireann sé ábhar ar fáil do sheiceáil fíricí agus chun scéalta gan bhunús a bhaineann le Covid-19 a cheartú.
Tuilleadh eolais: freagairt an Aontais Eorpaigh ar an gcoróinvíreas