Céard atá ar bun ag an Aontas Eorpach chun iarmhairtí na ráige de Covid-19 a mhaolú, muintir agus geilleagar na hEorpa a chosaint, agus an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn?
Céard atá ar bun ag an Aontas Eorpach chun iarmhairtí na ráige de Covid-19 a mhaolú, muintir agus geilleagar na hEorpa a chosaint, agus an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn?
Tá an Pharlaimint réidh chun cuidiú le tíortha an Aontais agus iad ag tabhairt faoin gcoróinvíreas agus ag dul i ngleic leis na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bhaineann leis.
Tá an tAontas ag gníomhú go daingean chun dul i ngleic le ráig an choróinvíris agus leis an drochthionchar a bhaineann léi. Caith súil ar an amlíne seo chun léargas a fháil ar bhearta AE.
Tá pacáiste téarnaimh dar luach €2 thrilliún á éileamh ag feisirí Eorpacha chun dul i ngleic le hiarmhairtí Covid-19. Ba cheart an ciste a mhaoiniú sa bhreis ar bhuiséad fadtéarmach AE.
D’iarr feisirí an 15 Bealtaine ar an gCoimisiún plean téarnaimh ollmhór a thíolacadh chun tacú le hEorpaigh agus le gnólachtaí an ceann is fearr a fháil ar iarmhairtí an choróinvíris.
Agus rialuithe teorann tugtha isteach i limistéar Schengen, tá sé curtha in iúl ag feisirí gur cheart saoirse gluaiseachta a athbhunú chomh luath agus is féidir, agus ar bhonn comhordaithe.
Teachtaireacht Uachtaráin Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle Eorpaí agus an Choimisiúin Eorpaigh ar Lá na hEorpa 2020.
Tá sé tugtha le fios ag feisirí Eorpacha gur cheart go mbeadh Comhaontú Glas i gcroílár an phacáiste atógála chun borradh a chur faoi gheilleagar AE tar éis ghéarchéim an choróinvíris.
Tá ráig an choróinvíris tar éis drochthionchar a bheith aige ar na meáin ag tréimhse a bhfuil faisnéis chruinn ag teastáil níos mó ná riamh.
Agus an Eoraip ag streachailt le lámh in uachtar a fháil ar Covid-19, tá sé curtha i bhfáth ag feisirí go mbaineann tábhacht i gcónaí le daonlathas, smacht reachta agus cearta bunúsacha.
Cén tionchar atá tar éis a bheith ag Covid-19 ar an 170,000 duine óg atá rannpháirteach sa chlár Erasmus+ nó sa Chór Dlúthpháirtíochta? Agus céard is féidir le AE a dhéanamh chun cuidiú leo?
D’fhéadfadh aipeanna móibíleacha ról tábhachtach a bheith acu sa chomhrac i gcoinne Covid-19, ach tá an baol ann go dtiocfaidh ceisteanna príobháideachais agus cosanta sonraí chun cinn.
Mar gheall ar shrianta ar thaisteal, tá tionchar uafásach tar éis a bheith ag an gcoróinvíreas ar thionscal na tuarasóireachta, earnáil ina bhfostaítear 27 milliún duine san Aontas Eorpach.
I vóta an 17 Aibreán, thug feisirí a gceadú le bearta chun €3 bhilliún a chur ar fáil chun cabhrú le córais sláinte dul i ngleic leis an ráig sna réigiúin is mó atá buailte ag Covid-19.
Ag labhairt dó le linn fhíschomhdháil na Comhairle Eorpaí an 23 Aibreán, chuir an tUachtarán Sassoli in iúl go mbeidh gá le haontacht má táthar chun an ceann is fearr a fháil ar Covid-19.
I ndíospóireacht an 16 Aibreán, thug feisirí le fios go bhfuil muintir na hEorpa ag súil le bearta diongbháilte chun deireadh a chur leis an ngéarchéim agus Eoraip níos seasmhaí a bhunú.
Mar gheall ar ráig an choróinvíris Covid-19, tá an Pharlaimint tar éis srian a chur le cruinnithe fisiciúla, ach tá feisirí Eorpacha fós in ann bearta tábhachtacha AE a ghlacadh ó chian.
I vóta an 17 Aibreán, thug feisirí a gceadú le bearta éigeandála chun drochthionchar Covid-19 ar earnálacha an iascaigh agus na talmhaíochta a mhaolú, agus an soláthar bia a chinntiú.
Chun cabhrú leis na saoránaigh AE is leochailí, i vóta an 17 Aibreán, thug feisirí Eorpacha a gceadú le leasú ar rialacha maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí.
Cuirfidh an tAontas Eorpach cúnamh airgeadais breise ar fáil do thíortha an Aontais chun cosaint a thabhairt do phoist agus d’oibrithe atá buailte ag ráig an choróinvíris.
An 8 Aibreán, seoladh pacáiste “Foireann na hEorpa” chun tacú le tíortha comhpháirtíochta sa chomhrac i gcoinne ráig an choróinvíris agus na n-iarmhairtí a bhaineann léi.
Tá an phaindéim Covid-19 tar éis ráig bhréagaisnéise a chothú atá ag cur bac ar iarrachtaí chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas.
Tá drochthionchar tar éis a bheith ag na srianta dianghlasála atá i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh ar an earnáil chultúrtha.
Eitiltí aisdúichithe, othair dhianchúraim ag fáil cóir leighis i dtíortha eile an Aontais, aerálaithe agus maisc á ndeonú do bhallstáit atá i ngátar. Tá an dlúthpháirtíocht Eorpach ar obair.
Agus tíortha ar fud an domhain ag streachailt leis an bpaindéim Covid-19, tá an tAontas Eorpach ag tacú le hiarrachtaí vacsaíní agus cóireálacha a fhorbairt chomh luath agus is féidir.
De réir mar a scaipeann Covid-19 ar fud na hEorpa, tá camscéimeanna ar bun ag roinnt díoltóirí ar líne. Tuilleadh faisnéise anseo faoi bhearta an Aontais chun dul i ngleic leis an bhfadhb.
Rinne feisirí an choiste um shaoirsí sibhialta plé an 2 Aibreán ar an ngá le bearta AE chun scaipeadh an choróinvíris a sheachaint i gcampaí dídeanaithe sa Ghréig.
Ar cuireadh d’eitilt ar ceal mar gheall ar an ráig de Covid-19? Nó ní raibh tú in ann taisteal? Tá tuilleadh faisnéise faoi do chearta mar phaisinéir san Aontas Eorpach ar fáil san alt seo.
Tá borradh tagtha faoin gcibearchoireacht ó bhris an phaindéim Covid-19 amach. Caith súil ar an alt thíos chun tuilleadh a fhoghlaim maidir le conas tú féin a chosaint.
Tá cistí breise á gcur ar fáil ag Parlaimint na hEorpa chun tacú le ballstáit AE atá buailte ag an bpaindéim den choróinvíreas Covid-19.
Caithfidh feisirí Eorpacha vóta an 26 Márta ar thogra an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca le €37 billiún ó chistí struchtúracha an Aontais a chur ar fáil chun an ráig de Covid-19 a chomhrac.
Ag labhairt dó le ceannairí an Aontais trí fhíschomhdháil, dúirt an tUachtarán David Sassoli go gcaithfidh AE bheith ar thús cadhnaíochta agus geilleagar na hEorpa á atosú tar éis Covid-19.