Covid-19: camscéimeanna agus trádchleachtais éagóracha ar líne
De réir mar a scaipeann Covid-19 ar fud na hEorpa, tá camscéimeanna ar bun ag roinnt díoltóirí ar líne. Tuilleadh faisnéise anseo faoi bhearta an Aontais chun dul i ngleic leis an bhfadhb.
Agus srianta taistil agus orduithe dianghlasála i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh, tá borradh tagtha faoin tsiopadóireacht ar líne. Tá roinnt trádálaithe ag teacht i dtír ar imní faoin gcoróinvíreas chun cóireálacha bréagacha nó táirgí amhail maisc chosanta, drugaí nó díghalráin lámh a cheannach ar phraghas ró-ard, táirgí a mhaítear a chuireann cosc ar ionfhabhtú nó a leigheasann é.
Seo thíos roinnt leideanna chun camscéimeanna nó trádchleachtais éagóracha ar líne a aithint:
- Nuair a mhaítear – go hintuigthe nó go follasach – gur féidir le táirge ionfhabhtú Covid-19 a chosc nó a leigheas.
- Tagairt do dhochtúirí, do ghairmithe sláinte, do shaineolaithe féindearbhaithe nó d’fhoinsí neamhoifigiúla eile a mhaíonn gur féidir le táirge ar leith ionfhabhtú ón gcoróinvíreas a chosc nó a leigheas.
- Tagairt, agus ainm nó lógó á lua, d’údaráis náisiúnta, do shaineolaithe oifigiúla nó d’institiúidí idirnáisiúnta a mhol, más fíor dóibh, gach a maíodh faoin gcosaint nó faoin leigheas atá sa táirge agus gan naisc ná tagairtí do dhoiciméid oifigiúla a thabhairt.
- Maíomh go bhfuil easpa mhór ann agus gur “inniu agus inniu amháin a bheidh sé le fáil”, nó go mbeidh “deireadh díolta go luath” nó a leithéidí.
- Eolas a thabhairt faoi na dálaí margaidh agus rudaí den chineál seo a leanas a mhaíomh: “an praghas is ísle ar an margadh” agus “an t-aon táirge a bhfuil leigheas Covid-19 ann”.
- Praghsanna a úsáid atá i bhfad os cionn an ghnáthphraghais atá ar tháirgí den chineál céanna toisc go maítear gur féidir leo Covid-19 a chosc nó a leigheas.
I gcás ina dtagann tomhaltóirí ar eolas gan bhunús nó ar eolas míthreorach a bheith á mhaíomh ar ardáin ar líne, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as na huirlisí tuairiscithe a chuireann an t-oibreoir ardáin ar fáil chun eolas a thabhairt faoi ábhar míchuí.
Maidir le conas tú féin a chosaint ar an gcoróinvíreas, is féidir súil a chaitheamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Sláinte in Éirinn, na hEagraíochta Domhanda Sláinte nó an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú.
Bearta an Aontais Eorpaigh chun camscéimeanna a chosc
Chun dul i ngleic le camscéimeana agus le cleachtais éagóracha ar líne mar gheall ar an ráig den choróinvíreas, le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach, d’eisigh údaráis cosanta tomhaltóirí na mballstát comhsheasamh maidir leis na cleachtais is mó a tuairiscíodh i gcomhthéacs Covid-19. Is é is cuspóir dó iarraidh ar oibreoirí ardáin ar líne cleachtais neamhdhleathacha a shainaithint ar bhealach níos fearr, na cleachtais sin a bhaint anuas agus cosc a chur ar chleachtais den chineál céanna a bheith á gcleachtadh arís eile.
An 23 Márta, scríobh Didier Reynders, an Coimisinéir um Cheartas agus Tomhaltóirí, chuig roinnt ardán, innill chuardaigh agus margaí agus chuig na meáin shóisialta freisin chun a gcomhar a iarraidh i dtaca le camscéimeanna a bhaint anuas dá n-ardáin.
Leis an treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha cuirtear cosc ar chleachtais tráchtála a chuireann dallamullóg ar thomhaltóirí faoi na sochair nó faoi na torthaí ar féidir a bheith ag súil leo ach táirge ar leith a úsáid; nó nuair a mhaíonn trádálaí gur féidir le táirge tinneas a leigheas nó nach bhfuil an táirge le fáil ach ar feadh tréimhse an-teoranta nuair nach fíor sin. I gcás ina maíonn trádálaí gur féidir lena tháirge tinneas a leigheas, ní mór dó a bheith ullamh chun an fhianaise chuí a thabhairt ar chruinneas an mhéid a mhaígh sé.
Ba cheart d’oibreoirí ardáin atá gníomhach san Aontas bearta ceartaitheacha cuí a dhéanamh nuair is eol dóibh aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a bheith ar siúl ar a suíomhanna gréasáin.
Acht um Sheirbhísí Digiteacha
D’fhógair an Coimisiún Eorpach i mí Eanáir 2020 go raibh sé chun Acht um Sheirbhísí Digiteacha nua a mholadh roimh dheireadh na bliana, agus go raibh sé mar aidhm aige ‘Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach’ a chruthú. Tá moltaí maidir le gnéithe éagsúla den acht nua ullmhaithe ag na coistí parlaiminteacha um an margadh inmheánach, um ghnóthaí dlíthiúla agus um shaoirsí sibhialta. Thug feisirí na Parlaiminte ar fad a gceadú leis na tuarascálacha seo an 20 Deireadh Fómhair 2020. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo.
I rún a glacadh i mí na Samhna 2020, d’éiligh feisirí arís go gcuirfí le sábháilteacht táirge – tá siad ag iarraidh bearta breise chun a áirithiú go bhfuil gach táirge a dhíoltar in AE sábháilte, is cuma más ar líne nó as líne a díoladh iad nó más déantóir Eorpach nó neamh-Eorpach a rinne é.