Covid-19: ní mór do bhearta aeráide a bheith i gcroílár aon phacáiste téarnaimh

Tá sé de rún ag an bplean téarnaimh Eoraip aeráidneodrach agus inbhuanaithe a thógáil.

GA
D’fhógair Parlaimint na hEorpa éigeandáil aeráide agus chomhshaoil i Samhain 2019

Is é tosaíocht an Aontais Eorpaigh i láthair na huaire ná sláinte phoiblí a chosaint agus iarmhairtí eacnamaíocha an choróinvíris a chomhrac.


Le feisirí ag éileamh pacáiste téarnaimh agus atógála ollmhór le Comhaontú Glas ag a croílár chun borradh a chur faoi gheilleagar AE agus athrú aeráide a chomhrac, mhol an Coimisiún plean téarnaimh dar luach €750 billiún chomh maith le buiséad fadtéarmach athbhreithnithe don tréimhse 2021-2027.


Tá sé de rún ag an gCoimisiún tionchar na paindéime a mhaolú agus todhchaí inbhuanaithe a chothú trí Iontstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh. Tá molta ag an gCoimisiún go gcaithfí an ceathrú cuid de bhuiséad 2021-2027 ar ghníomhú ar son na haeráide.


Tháinig foireann idirbheartaíochta na Parlaiminte agus uachtaránacht na Comhairle ar chomhaontú réitigh i mí na Samhna 2020 maidir leis an mbuiséad fadtéarmach agus an plean téarnaimh, agus é socraithe acu go gcaithfí 30% ar a laghad den mhéid iomlán chun cuspóirí aeráide a bhaint amach. Socraíodh freisin go gcuirfí 7.5% den mhéid bliantúil i dtreo na bithéagsúltachta i 2024 agus 2025, agus 10% de ó 2026 ar aghaidh.

 

Tuilleadh léitheoireachta maidir le cuspóirí aeráide AE.


Aeráidneodracht atá ceangailteach de réir dlí


D’fhógair Parlaimint na hEorpa éigeandáil aeráide agus chomhshaoil an 28 Samhain 2019, agus chuir feisirí in iúl gur cheart an sprioc i dtaca leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda a theorannú go 1.5°C a chur chun cinn i mbeartais uile an Aontais. D'fhógair an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip i Nollaig 2019, agus an Dlí Aeráide i Márta 2020 leis an aidhm go mbeidh an tAontas in ann neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050. Beidh an togra ceangailteach de réir dlí nuair a thabharfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle a gceadú dó.


I mí Dheireadh Fómhair 2020, ghlac feisirí lena seasamh idirbheartaíochta maidir leis an Dlí Aeráide. Chomh maith le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, tá siad ag iarraidh sprioc an Aontais i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhéanamh níos uaillmhianaí agus astaíochtaí a laghdú 60% – seachas 55% mar a bhí molta ag an gCoimisiún –  faoi 2030.


Beidh ar an bParlaimint agus ar an gComhairle an Dlí Aeráide a fhaomhadh sular féidir leis teacht i bhfeidhm. Tá feisirí ag iarraidh go nglacfar spriocanna nua an Aontais tamall maith roimh COP26, comhdháil aeráide na Náisiún Aontaithe a cuireadh siar go dtí Samhain 2021 de dheasca na paindéime.

City street with empty road and morning light in Europe, Lithuania, Vilnius. ©PavloVakhrushev/AdobeStock
Lár Vilnias na Liotuáine le linn ghéarchéim an choróinvíris ©PavloVakhrushev/AdobeStock

Cúlra


Molta ag an gCoimisiún Eorpach i Samhain 2019, tá sé de rún ag an gComhaontú Glas geilleagar an Aontais a dhéanamh níos inbhuanaithe. Baineann sé le réimsí éagsúla amhail cúrsaí aeráide, talmhaíocht agus soghluaiseacht, chomh maith le cosaint bithéagsúlachta agus truailliú. I measc na moltaí nithiúla atá foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach cheana féin, tá: