Ganntanas cógas san Aontas Eorpach: cúiseanna agus réitigh

Tá fadhb ann le fada an lá maidir le ganntanas cógas in AE agus tá sé imithe in olcas de dheasca phaindéim Covid-19. Tá tuilleadh eolais faoi bhearta na Parlaiminte le fáil san alt seo.

Caith súil ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

Tá léirithe ag an ghéarchéim Covid-19 go bhfuil easpa cógas agus trealamh leighis ag cur othar i mbaol agus go bhfuil córais sláinte na mballstát á gcur faoi bhrú.


In Aibreán 2020, thug Comhghuaillíocht Eorpach na nOspidéal Ollscoile le fios go bhfuil baol ann – mar gheall ar an ráchairt atá ar dhrugaí ainéistéiseacha agus antaibheathacha, ar ligeáin mhatánacha agus ar chógais eile mar chóireáil in aghaidh Covid-19 – go dtiocfadh deireadh leis na stoic seo. Tá an baol seo méadaithe mar gheall ar tháirgeacht laghdaithe, fadhbanna lóistíochtúla, coscanna easpórtála agus an stoc-charnadh a tharla de dheasca na paindéime.


I rún an 17 Meán Fómhair, d’éiligh feisirí Eorpacha go ndéanfaí an tAontas neamhthuilleamhaíoch ó thaobh cúrsaí sláinte de trí sholáthairtí a chinntiú, táirgeadh áitiúil cógaisíochta a athbhunú agus comhordú tras-Eorpach a chinntiú a mhéid a bhaineann le straitéisí sláinte.


Cad is cúis leis an ghanntanas cógas?


Tháinig méadú faoi 20 ar ghanntanas cógas san Aontas sa tréimhse 2000-2018, agus de réir an Choimisiúin Eorpaigh, tá an fhadhb ag dul in olcas i gcás táirgí bunriachtanacha (cógais a úsáidtear in aghaidh galar amhail ailse, titimeas agus galar Parkinson mar shampla).


Tá an Eoraip ag brath níos mó ar thíortha neamh-AE – an India agus an tSín go háirithe – chun amhábhair chógaisíochta a tháirgeadh. Tagann 40% de tháirgí deiridh íocshláinte a bhíonn á margú in AE ón tSín agus ón India, agus táirgtear 60% de pharaicéiteamól, 90% de pheinicillin agus 50% d’iobúpróifein an domhain sna tíortha sin.


Cad iad na réitigh atá á moladh ag an bParlaimint?


Sa rún an 17 Meán Fómhair, chuir feisirí fáilte roimh chlár nua sláinte an Aontais, “EU4Health”, a bhfuil sé mar aidhm leis soláthairtí cógas agus trealamh leighis a mhéadú. Chuir feisirí in iúl chomh maith go gcaithfear borradh a chur faoi tháirgeadh cógaisíochta laistigh de AE agus íoschaighdeáin a leagadh síos do chórais cúraim sláinte. Cuireadh imní in iúl chomh maith maidir leis an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar sholáthar cógas, go háirithe in Éirinn.


Tá feisirí ag iarraidh chomh maith :

  • bearta a thabhairt isteach mar aon le dreasachtaí chun an tionscal cógaisíochta a spreagadh a chuid oibríochtaí a lonnú in AE,
  • cúlchiste teagmhasach Eorpach a chruthú le haghaidh táirgí íocshláinte a bhfuil tábhacht sláinte agus straitéiseach leo agus a bhfuil baol mór ganntanais ag baint leo,
  • malartú dea-chleachtas a chur chun cinn i mbainistíocht stoic,
  • soláthar comhpháirteach cógas a neartú,
  • agus gluaiseacht cógas laistigh den mhargadh aonair a éascú.

Straitéis chógaisíochta Eorpach

 

Táthar ag súil go molfaidh an Coimisiún an reachtaíocht cógaisíochta a uasdátú in 2022. I Samhain 2021, leag an Pharlaimint roinnt moltaí amach. Tá Feisirí ag iarraidh go gceadaíonn gníomhaireachtaí náisiúnta drugaí nua ar bhonn níos sciobtha agus go mbeadh siad ag teacht leis an nGLE chun go mbeidh cothrom na Féinne ann maidir le fáil ar chógais ar fud an AE.

 

D'iarr siad ar an gCoimisiún dul i ngleic le bunchúiseanna na nganntanas agus réitigh inbhuanaithe a chur ar aghaidh, lena n-áirítear drugaí cineálacha a chur ar fáil ar an margadh go pras. Chuir an Pharlaimint béim ar an ngá le monaraíocht AE a neartú agus le trédhearcacht maidir le praghsanna agus maoiniú poiblí i gcomhair taighde agus forbairt.