Uisce óil san Aontas Eorpach: rochtain níos fearr ar uisce d’ardchaighdeán

Chun caighdeán an uisce óil a fheabhsú agus rochtain ar uisce a chinntiú do gach uile Eorpach, thug feisirí an choiste comhshaoil a gceadú le rialacha nua AE an 17 Nollaig 2020.

Tá rochtain mhaith ar uisce óil ardchaighdeáin ag formhór na ndaoine san Aontas Eorpach.


Chun uisce óil na hEorpa a dhéanamh níos sábháilte fós, tá an tAontas ag uasdátú na Treorach um Uisce Óil, a leagann amach íoschaighdeáin cáilíochta i gcomhair uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. Thug feisirí a gceadú an 15 Nollaig 2020 do chomhaontú idir an Pharlaimint agus an Chomhairle lena dtugtar caighdeáin cháilíochta maidir le huisce óil cothrom le dáta.

“Ar phraghas buidéal uisce mianraí, gheofá beagnach 500 lítear uisce as an sconna.”
Christophe Hansen (Páirtí an Phobail Eorpaigh, Lucsamburg), Rapóirtéir maidir leis an Treoir um Uisce Óil

Caighdeán cáilíochta agus rochtain

Faoin reachtaíocht nua, tugtar isteach cur chuige rioscabhunaithe costéifeachtach maidir le faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an uisce, a dhéanann na huasteoireannacha do thruailleáin amhail luaidhe agus baictéir díobhálacha níos doichte. Leagtar amach sna rialacha nuashonraithe íoscheanglais shláinteacha maidir le hábhair a bhaineann le huisce óil, amhail píopaí.


Leis na rialacha nua, tugtar aghaidh ar na hábhair imní atá ag dul i méid maidir leis na héifeachtaí a bhíonn ag suaiteoirí inchríneacha, ag cógais agus ag micreaphlaistigh ar shláinte an duine trí shásra a thabhairt isteach maidir le liosta faire. Éilítear chomh maith ar bhallstáit an Aontais rochtain ar uisce glan do chách a chur chun cinn, go mór mór i gcás daoine nach bhfuil lánrochtain ar uisce acu agus daoine atá faoi mhíbhuntáiste.

Drinking water
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Leis na rialacha nua seo, beidh rochtain níos fearr ag tomhaltóirí ar fhaisnéis maidir lena dtomhaltas féin agus maidir le caighdeán agus praghsáil an uisce óil, mar shampla ar a sonrasc nó trí fheidhmchláir ghutháin.

Uisce óil éiceabhách


De réir an Choimisiúin Eorpaigh, le rochtain ar uisce de chaighdeán níos fearr, d’fhéadfaí tomhaltas uisce buidéil a laghdú 17%. Bheadh Eorpaigh in ann airgead a choigilt agus bheadh deathionchar aige ar an gcomhshaol mar laghdófaí astaíochtaí CO2 agus dramhaíl phlaisteach.

Drinking water
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Uisce glan faoi 2027

Cé go bhfuil riachtanais maidir le caighdeán na n-abhann, locha agus screamhuisce leagtha síos leis an Chreat-treoir Uisce, tá drochbhail fós ar leathchuid de na 110,000 limistéar uisce san Eoraip.


I rún eile, d’éiligh feisirí go gcuirfeadh na ballstáit na forálacha seo i bhfeidhm faoi 2027 ar a dhéanaí, ionas gur féidir le gach limistéar uisce “stádas maith” a bhaint amach.



Na hEorpaigh agus Uisce

Léiríonn rath Thionscnamh Eorpach na Saoránach “Right2Water”, a bhailigh níos mó ná 1.8 milliún síniú, tuairimí láidre na nEorpach i dtaobh uisce óil.


Tá sé soiléir ó chomhairliúcháin phoiblí nach bhfuil saoránaigh na hEorpa ar a suaimhneas faoi chaighdeán uisce as an sconna nuair a bhíonn siad thar lear i dtíortha eile an Aontais, cé go gcomhlíontar caighdeáin uisce den chuid is mó.

Drinking water
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

An chéad chéim eile


Cuirfear an treoir nua maidir le huisce óil i bhfeidhm fiche lá tar éis dó bheith foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tá tuilleadh eolais maidir le bearta sláinte poiblí AE le fáil anseo.

Water fontaine
Tá an-tábhacht le huisce óil ar ardchaighdeán