Bainistíocht tubaistí: cumas práinnfhreagartha an Aontais a neartú

Cuireann an Sásra um Chosaint Shibhialta le freagairt an Aontais do thubaistí agus do chásanna éigeandála amhail dóiteáin foraoise, tuilte, creathanna talún agus timpistí tionsclaíocha.

Caith súil ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

Ó bunaíodh an Sásra siar sa bhliain 2001, gníomhachtaíodh é níos mó ná 330 uair chun freagairt do thubaistí nádúrtha agus de dhéanamh an duine laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach.


Féadann tubaistí nadúrtha agus tubaistí de dhéanamh an duine araon tarlú am ar bith agus áit ar bith. Sa bhliain 2017, maraíodh 200 duine san Eoraip mar gheall ar thubaistí nadúrtha agus bhain costas de bheagnach €10 billiún leo.


Le dóiteáin foraoise sa Phortaingéil in 2017 agus sa Ghréig in 2018, tháinig sé chun solais go raibh teorainn leis an méid is féidir a dhéanamh go deonach ó thaobh freagairt do thubaistí casta. Chun go mbeidh ballstáit AE in ann deileáil le héigeandálaí agus le tubaistí ar bhonn ní ba sciobtha agus ní b’éifeachtaí, i vóta an 12 Feabhra 2019, thug feisirí Eorpacha a gceadú le huasghrádú ar mheicníocht an Aontais um chosaint sibhialta.


Chun acmhainneacht freagartha an Aontais a neartú, bunaíodh cúltaca comhchoiteann Eorpacha acmhainní, dar teideal rescEU. Leis na rialacha nua, a tháinig i bhfeidhm an 13 Márta 2019, cuirfear eitleáin um chomhrac dóiteáin, caidéil uisce, ospidéil mhachaire agus trealamh leighis ar fáil. Ní úsáidfear rescEU ach mar rogha dheiridh, i gcás ina bhfuil gach cumas náisiúnta ídithe. I gcomhar leis na ballstáit ábhartha, déanfaidh an Coimisiún Eorpach an cinneadh feidhm a bhaint as rescEU.