Rialacha nua AE chun dálaí oibre tiománaithe leoraí a fheabhsú
Thug feisirí Eorpacha a gceadú an 8 Iúil 2020 le hathchóiriú mór ar earnáil an iompair de bhóthar san Aontas Eorpach, ar a dtugtar an pacáiste soghluaisteachta.
Ceadaíodh na rialacha nua tar éis don choiste parlaiminteach um iompar iad a cheadú i vóta an 8 Meitheamh. Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh an pacáiste soghluaisteachta an 7 Aibreán. Tá forálacha sa phacáiste nua i dtaca le rialacha reatha cabatáiste a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr, postú do thiománaithe, agus íos-sosanna agus tréimhsí scíthe i gcomhair tiománaithe.
Cé go ndéanann an tAontas Eorpach na gnéithe seo ar fad a rialú cheana féin, tá lúba ar lár ann, agus mar gheall ar dheacrachtaí feidhmithe a bhí ann, bhí ar bhallstáit an Aontais na rialacha a chur i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla. A bhuí leis an bpacáiste nua, beidh creatlach shoiléir, thras-AE ann a mhéid a bhaineann le hiompar de bhóthar, agus cuirfear deireadh le cur i bhfeidhm míchothrom na rialacha reatha idir na ballstáit.
Uastréimhsí oibre agus íostréimhsí scíthe do thiománaithe
Faoin treoir nua, beidh coinníollacha scíthe níos fearr ag tiománaithe agus beidh siad in ann níos mó ama a chaitheamh sa bhaile. Dearbhaítear leis na rialacha nua nach mór an tréimhse rialta scíthe seachtainiúla (45 uair an chloig ar a laghad) a chaitheamh lasmuigh den fheithicil. Má ghlactar an tréimhse scíthe sin as baile, ní mór don fhostóir íoc as an lóistín.
Le go bhféadfar feabhas a chur ar fhorfheidhmiú na rialacha, tabharfar tacagraif chliste isteach. Is feiste í an tacagraf a thaifeadann an uastréimhse tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe, chomh maith le tréimhsí feidhme agus obair eile a dhéanann an tiománaí. Is í aidhm an tacagraif ná iomaíocht chothrom agus sábháilteacht bóithre a áirithiú.
Rialacha soiléire maidir le postú tiománaithe
Soiléirítear leis na rialacha maidir le postú tiománaithe conas mar a bheidh tiománaithe gairmiúla in iompar paisinéirí agus earraí in ann tairbhe a bhaint as prionsabal an phá chomhionainn as an obair chéanna san áit chéanna. Leis na rialacha athchóirithe, táthar ag iarraidh a áirithiú nach mbeidh nósanna imeachta éagsúla sna ballstáit agus a chinntiú go bhfaigheann tiománaithe íocaíocht fhéaráilte.
Cabatáiste
Leis na rialacha nua maidir le cabatáiste, tabharfar isteach seiceálacha comhpháirteacha agus éascófar comhar agus malartú faisnéise idir na ballstáit. Is éard atá i gceist le cabatáiste ná seirbhísí iompair earraí de bhóthar laistigh de bhallstát a bheith á soláthar ag iompróir atá bunaithe i dtír AE eile. I gcleachtas, thagair sé seo d’iompróirí neamhchónaitheacha a bhíodh ag piocadh suas agus ag seachadadh ualach eile sa tír óstach sula bhfillfidís ar an teorainn, seachas iad a bheith ag filleadh folamh i ndiaidh turas idirnáisiúnta.
Faoin gcóras atá ann faoi láthair ceadaítear uasmhéid de thrí oibríocht cabatáiste laistigh de sheachtain. Chun nach ndéanfaí cabatáiste ar bhonn córasach, tabharfar tréimhse mharana ceithre lá isteach sular féidir níos mó oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh sa tír chéanna san fheithicil chéanna.
Feiniméan na gcuideachtaí caocha
Chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na gcuideachtaí caocha, daingnítear leis an athchóiriú an nasc idir áit bhunaíochta an oibreora iompair agus a chuid gníomhaíochtaí. D'fhonn a chinntiú go bhfuil fíornasc i gceist, beidh ar thrucailí in iompar idirnáisiúnta filleadh ar lárionad oibríochtúil na cuideachta uair amháin gach dhá mhí ar a laghad.
Beidh feidhm ag na rialacha nua i gcás feithiclí tráchtála éadroma os cionn 2.5 tona chomh maith, agus beidh ar oibreoirí veaineanna a fheistiú le tacagraf.
Tuilleadh léitheoireachta
- An bealach ina gcuireann AE feabhas ar chearta oibrithe agus ar dhálaí oibre
- Rialacha nua AE chun cothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn
- Feisirí tar éis a gceadú a thabhairt le rialacha nua maidir le hoibrithe ar phostú
- Dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach
- Cosaint oibrithe ar rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí san ionad oibre