Géarchéim thithíochta: gníomh éilithe ag feisirí

Tá fadhb an easpa tithíochta inacmhainne ag dul in olcas in AE, le méadú seasta tagtha ar phraghasanna tithíochta agus ar chíosanna i gcomparáid le hioncam le blianta beaga anuas.

Buncheart daonna a chothaíonn comhtháthú sóisialta atá sa tithíocht inacmhainne. ©AdobeStock_Mulderphoto
Buncheart daonna a chothaíonn comhtháthú sóisialta atá sa tithíocht inacmhainne. ©AdobeStock_Mulderphoto

An 21 Eanáir, ghlac feisirí Eorpacha rún a d’éiligh go dtabharfadh na ballstáit aitheantas do thithíocht shásúil mar bhuncheart daonna a bheadh ceangailteach de réir dlí. Ba chóir go mbeadh rochtain chothrom ar thithíocht chuibhiúil ‘shláintiúil, atá nasctha le huisce óil ar ardchaighdeán, sláintíocht chuí, camras agus fuinneamh.


Géarchéim thithíochta - fadhb do chách


Tá an scéal imithe in olcas d’úinéirí agus cíosóirí ar ioncam íseal go háirithe – ach tá ró-ualach ar dhaoine ar mheánioncam chomh maith maidir le costais thithíochta agus chothabhála. Bíonn tuismitheoirí aonair, teaghlaigh móra agus daoine óga ag tús a slí bheatha go háirithe ag bráth ar ioncam atá ró-íseal i gcomparáid le cíos an mhargaidh, ach ró-ard chun go mbeidh siad incháilithe do thithíocht shóisialta.


Tá aird dírithe ar an ghéarchéim tithíochta ag paindéim Covid-19, leis an tréimhse dianghlasála á caitheamh ag an iomarca daoine i dtithíocht ar chaighdeán íseal. Sa mheántéarma, táthar ag súil le go rachaidh líon na ndaoine gan dídean in olcas. 


Cad is cúis le fadhb na tithíochta?


Príomhchúis amháin taobh thiar de mhéadú na gcostas ná airgeadrú an mhargaidh tithíochta, ina gcaitheann infheisteoirí le tithe mar shócmhainní intrádála nó mar thráchtearraí. Ceannaíonn daoine tithe breise chun ioncam breise a ghiniúint agus chun cur lena bpinsean.


Ina theannta seo ar fad, tá neamhréir shuntasach idir beartas na mballstát ó thaobh tithíocht shóisialta de.


Na réitigh atá á moladh ag feisirí


Is féidir leis an Aontas dul i bhfeidhm go hindíreach ar an mhargadh tithíochta trí rialacha maidir le cúnamh stáit, dlí fioscach agus na hiomaíochta, agus trí threoirlínte agus moltaí a ghlacadh. Mar shampla, d’fhéadfadh athruithe sna rialacha maidir le cúnaimh stáit ligean d’údarais phoiblí tacú leis na grúpaí ar fad nach bhfuil an margadh ag freastal ar a riachtanais thithíochta.


Sa rún a glacadh, d'éiligh feisirí:

  • sprioc ar leibhéal AE chun deireadh a chur le heaspa dídine faoi 2030;
  • go dtabharfadh an Coimisiún agus na ballstáit tosaíocht do laghdú astaíochtaí agus d’éifeachtúlacht fuinnimh trí athchóiriú tithíochta, de réir an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;
  • go n-oibreodh na ballstáit i gcomhar le chéile i ndáil le hinfheistíochtaí sóisialta a mhaoiniú leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí sibhialta agus leis an earnáil phríobháideach;
  • go rachadh na ballstáit i ngleic le hidirdhealú in aghaidh grúpaí leochaileacha ar an mhargadh tithíochta;
  • go gcuirfeadh an Coimisiún togra reachtach chun cinn faoi lár 2021 chun dul i ngleic le hinfheisteoirí a chaitheann leis an tithíocht mar shócmhainn intrádála seachas mar cheart de chuid an duine;
  • go ndéanfaidh an Coimisiún agus na ballstáit breis méadaithe ar an infheistíocht a dhéantar san Aontas i dtithíocht shóisialta, phoiblí, atá tíosach ar fhuinneamh, leormhaith agus inacmhainne;

Tuilleadh maidir le hobair na bhfeisirí ar bheartas sóisialta