Lá Idirnáisiúnta na mBan 2020: 25 bliana de Dhearbhú Bhéising
Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan ar siúl an 8 Márta, déanfar ceiliúradh ar 25 bliana de Dhearbhú Bhéising maidir leis an gcomhionannas inscne.
Siar sa bhliain 1995, ag comhdháil dhomhanda na Náisiún Aontaithe a bhí ar siúl i mBéising, glacadh rún maidir le cumhachtú agus dul chun cinn na mban timpeall na cruinne. Leagtar amach sa rún spriocanna straitéiseacha maidir le comhionannas inscne a bhaint amach i réimsí amhail an geilleagar, foréigean i gcoinne na mban, mná i gcumhacht, agus mná agus an comhshaol.
Tuilleadh léitheoireachta: an bhearna phá idir na hinscní
Chun comóradh a dhéanamh ar Dhearbhú Bhéising, tá ócáid á reáchtáil ag an gcoiste um chomhionannas inscne sa Pharlaimint an 5 Márta. Faoin mana Béising 25+, leagfar béim ag an ócáid ar ról na mban sa shaol eacnamaíoch, ar fhiontraíocht na mban agus ar cheisteanna eile amhail an bhearna phá agus phinsin idir na hinscní. Déanfar plé chomh maith ar cheannaireacht na mban sa chomhrac ar son cheartas aeráide.
Tionólfar seimineár d’iriseoirí an 4 Márta le béim ar leith ar chumasú na mban, ar ról na mban sa chomhrac i gcoinne athrú na haeráide, agus ar dhaingniú Choinbhinsiún Iostanbúl maidir le foréigean in aghaidh na mban a chosc.
** Cuireadh na himeachtaí thuas ar ceal mar gheall ar an ráig den choróinvíreas. **
Tuilleadh léitheoireachta:
- Rialacha nua AE chun cothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn
- Grafaic faisnéise: pinsin na mban 40% níos lú ná pinsin na bhfear
- Grafaic faisnéise: ionadaíocht na mban i bParlaimint na hEorpa
- Feisirí: gá le bearta Eorpacha chun dul i ngleic le gnéaschiapadh
- Athrú aeráide: an tionchar ar mhná a mhaolú