Lá Idirnáisiúnta na mBan 2021: mná na hEorpa sa líne thosaigh sa fhreagairt ar an bpaindéim

Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan ar siúl an 8 Márta, tá feisirí Eorpacha ag iarraidh béim a leagan ar ról ríthábhachtach na mban sa chomhrac i gcoinne na paindéime.

Is mná iad 76% d’oibrithe cúraim sláinte san Eoraip
Is mná iad 76% d’oibrithe cúraim sláinte san Eoraip

Tá mná i mbaol níos mó an coróinvíreas a tholgadh mar gheall ar a n-ionadaíocht díréireach ard i measc oibrithe túslíne in earnálacha riachtanacha. San Eoraip is mná iad 76% d’oibrithe cúraim sláinte (dochtúirí, altraí, cnáimhseacha, baill foirne i dtithe cúraim chónaithe), 82% d’airgeadóirí, 93% d’oibrithe cúraim leanaí agus de mhúinteoirí agus 95% d’oibrithe tí, de ghlantóirí agus cúntóirí.


De bhrí gur dóichí go mbíonn mná i bpoist shealadacha, pháirtaimseartha agus neamhbhuana ná fir (26.5% i gcomparáid le 15.1 % de na fir), tá tionchar níos measa tar éis a bheith ag caillteanais post ar mhná mar thoradh ar an ngéarchéim. Chomh maith leis sin, tá sé léirithe ag tuarascálacha agus figiúirí ó roinnt ballstát le linn na tréimhse dianghlasála go bhfuil méadú imníoch tagtha ar fhoréigean teaghlaigh agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean fisiciúil, foréigean síceolaíoch, rialú comhéigneach agus cibearfhoréigean.


Tá feisirí Eorpacha ag iarraidh ar na ballstáit agus ar institiúidí an Aontais aghaidh a thabhairt ar na míchothromaíochtaí seo ina bhfreagairt ar an bpaindéim. Déanfar plé air seo ar fad ag seisiún iomlánach na Parlaiminte an 8 Márta. Beidh fístheachtaireachtaí ó Jacinda Ardern, Príomh-Aire na Nua-Shéalainne, agus ó Kamala Harris, Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe, ann chomh maith.


Cruinniú idirpharlaiminteach


Chun daoine a chur ar an eolas faoi iarmhairtí na paindéime ar mhná agus ar a ról sa chomhrac i gcoinne an víris, cuirfidh an coiste um chomhionannas inscne cruinniú idirpharlaiminteach ar siúl an 4 Márta. Osclóidh Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli agus Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen an ócáid agus déanfaidh cathaoirleach an choiste um chomhionannas inscne Evelyn Regner cathaoirleacht uirthi. Glacfaidh Helena Dalli, an Coimisinéir um Chomhionannas Inscne, agus Uachtarán na Gréige Ekaterini Sakelaropoulou páirt sa chruinniú chomh maith.


I láthair freisin beidh ceannairí polaitiúla eile, oibrithe sláinte agus saineolaithe ar réimse an chomhionannais inscne chun plé a dhéanamh ar dhea-chleachtais agus ar a dtaithí féin ar chumasú na mban i rith géarchéimeanna. Cuirfear tús leis an gcruinniú an 4 Márta ag 09.00 CET agus craolfar é beo ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.


Seimineár


An 3 Márta, tionólfar seimineár maidir le ról na mban sna heolaíochtaí agus mar chúramóirí. Beidh taighdeoirí ón tionscal cógaisíochta, saineolaithe ar réimse an chomhionannais inscne, oibrithe sláinte agus sóisialta, agus feisirí Eorpacha i láthair. Craolfar an seimineár beo ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte ó 09.30 CET.


Glac páirt in #IWD2021 ar na meáin shóisialta


Beidh cathaoirleach an choiste um chomhionannas inscne Evelyn Regner beo ar Facebook an 8 Márta chun bhur gceisteanna maidir le gné na hinscne i ngéarchéim Covid-19 agus sa tréimhse iar-ghéarchéime a fhreagairt. Cuirfear tús leis an agallamh beo ag 11.00 CET. Glacfaidh Regner páirt i gcomhrá beo ar Instagram chomh maith.


Seasann an Pharlaimint – agus an tAontas Eorpach i gcoitinne – an fód chun cearta na mban agus comhionannas inscne a chur chun cinn san ionad oibre, sa pholaitíocht agus in earnálacha eile. Cliceáil anseo chun tuilleadh a fhoghlaim.