Grafaic faisnéise: conas a thoghfar uachtarán nua na Parlaiminte?

Agus an Pharlaimint leath bealaigh tríd an téarma reachtach, ní mór d’fheisirí uachtarán nua a thógadh. Caith súil ar an ngrafaic faisnéise anseo chun tuilleadh a fhoghlaim faoin bpróiseas.

How to elect the EP president
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise

Nuair a thiocfaidh feisirí na Parlaiminte nua le chéile in Strasbourg an 18 Eanáir, beidh orthu uachtarán nua a thoghadh. Tugadh ómós don iaruachtarán, David Sassoli, sa Pharlaimint an lá roimhe sin. Cailleadh é an 11 Eanáir 2022.


Déanfar an tUachtarán a thoghadh le ballóid rúnda. Is féidir le grúpa polaitiúil nó ar a laghad 36 feisirí iarrthóir a ainmniú d’uachtaránacht na Parlaiminte. Más rud é, tar éis trí bhallóid, nach bhfuil tromlach faighte ag aon iarrthóir, ní bheidh sa cheathrú ballóid ach an bheirt fheisirí a fuair an líon is airde vótaí sa tríú ballóid. Toghtar an t-iarrthóir a fhaigheann tromlach glan na vótaí.

Ballot paper of the EP president elections
Toghfar an t-uachtarán nua ag tús mhí Iúil

Ceaptar an t-uachtarán ar feadh dhá bhliain go leith, téarma in-athnuaite atá ann. Stiúrann an tUachtarán obair na Parlaiminte agus a comh-chomhlachtaí mar aon leis na díospóireachtaí sa suí iomlánach agus áirithíonn sé go n-urramaítear na Rialacha Nós Imeachta. Déanann sé nó sí ionadaíocht thar ceann na Parlaiminte le hinstitiúidí eile.


Féadfaidh an tUachtarán aon dualgais, amhail ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte ag searmanais shonracha nó i leith gníomhartha sonracha, a tharmligean chuig na leas- uachtaráin. Toghfar 14 leas-uachtarán ag an gcéad sheisiún iomlánach den bhliain 2022 in Strasbourg.


Faigh neart eolais faoi ról Uachtarán na Parlaiminte.