Toghcháin AE: cé mhéid suíocháin a gheobhaidh gach ballstát i 2024?
Tiocfaidh méadú ar líon na bhfeisirí i 2024. Foghlaim cé mhéid a bheidh ag gach tír i ndiaidh na toghcháin Eorpacha.
I mí Mheán Fómhair 2023, thacaigh feisirí le cinneadh na Comhairle Eorpaí líon na suíochán i bParlaimint na hEorpa a mhéadú go 720 (15 shuíochán bhreise) do théarma reachtach 2024-2029.
Bhí togra na Comhairle bunaithe ar thuairisc ón bParlaimint ag moladh 11 suíochán sa bhreis.
Líon na suíochán in aghaidh na tíre do thoghcháin Eorpacha 2024
Dáileadh na suíochán i bParlaimint na hEorpa
Suíocháin in aghaidh na tíre do thoghcháin 2024
Tíortha
|
Líon reatha na bhFeisirí
|
Líon na bhFeisirí in 2024
|
Comparáid idir an dá cholún
|
---|---|---|---|
DE
|
96
|
96
|
Gan athrú
|
FR
|
79
|
81
|
+2
|
IT
|
76
|
76
|
Gan athrú
|
ES
|
59
|
61
|
+2
|
PL
|
52
|
53
|
+1
|
RO
|
33
|
33
|
Gan athrú
|
NL
|
29
|
31
|
+2
|
BE
|
21
|
22
|
+1
|
EL
|
21
|
21
|
Gan athrú
|
CZ
|
21
|
21
|
Gan athrú
|
SE
|
21
|
21
|
Gan athrú
|
PT
|
21
|
21
|
Gan athrú
|
HU
|
21
|
21
|
Gan athrú
|
AT
|
19
|
20
|
+1
|
BG
|
17
|
17
|
Gan athrú
|
DK
|
14
|
15
|
+1
|
FI
|
14
|
15
|
+1
|
SK
|
14
|
15
|
+1
|
IE
|
13
|
14
|
+1
|
HR
|
12
|
12
|
Gan athrú
|
LT
|
11
|
11
|
Gan athrú
|
SI
|
8
|
9
|
+1
|
LV
|
8
|
9
|
+1
|
EE
|
7
|
7
|
Gan athrú
|
CY
|
6
|
6
|
Gan athrú
|
LU
|
6
|
6
|
Gan athrú
|
MT
|
6
|
6
|
Gan athrú
|
Iomlán
|
705
|
720
|
|
Conas a roghnaítear líon na bhfeisirí a bhíonn ag gach tír?
Cuireann dlí AE srian ar líon na bhfeisirí a thoghtar - ní féidir níos mó ná 750 a bheith ann. Bíonn tionchar ag an dlí seo ar cé a roghnaítear mar Uachtarán chomh maith. Déantar cinneadh maidir le líon na suíochán in aghaidh na tíre roimh thús na toghcháin Eorpacha.
Agus na suíocháin á ndáileadh i measc na dtíortha éagsúla, cuirtear daonra na mballstát san áireamh. Chomh maith leis sin, bíonn sé de dhualgas ag AE éisteacht le saoránaigh arbh as tíortha níos lú dóibh. Ciallaíonn "comhréir chéimlaghdaitheach", atá cumhdaithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, gur cuma má bhíonn níos lú feisirí ag tíortha beaga ná mar atá ag tíortha níos mó - seo toisc go ndéanann feisirí ó thíortha móra ionadaíocht ar níos mó daoine ná mar a dhéanann a leithéidí i dtíortha beaga.
Is é 6 an líon is lú suíocháin ar féidir a bheith ag tír agus 96 an líon is mó.
Tuilleodh eolais maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn na toghcháin Eorpacha.