
Cad é beartas trádála AE? Cén fáth a bhfuil tábhacht leis i ngeilleagar domhandaithe? Cén chaoi a bhfeidhmíonn sé? Faigh tuilleadh eolais faoi cheann de na beartais is casta de chuid AE.
Cad é beartas trádála AE? Cén fáth a bhfuil tábhacht leis i ngeilleagar domhandaithe? Cén chaoi a bhfeidhmíonn sé? Faigh tuilleadh eolais faoi cheann de na beartais is casta de chuid AE.
Méadú ar onnmhairithe, ar phoist agus ar dheiseanna do fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Faigh amach na fíricí lárnacha maidir le buntáistí an domhandaithe don Aontas Eorpach.
Is féidir leis an domhandú agus trádáil idirnáisiúnta difear a dhéanamh do chearta an duine. Tá uirlisí mar chuid de bheartas trádála AE, mar sin, chun iad a chosaint.
Conas is féidir leis an Aontas Eorpach an leas is fearr a bhaint as an domhandú agus dul i ngleic ag an am céanna leis an drochthionchar a bhaineann leis? An scéal ar fad san alt seo.
Tá neart eolais inár ngrafaic faisnéise faoin trádáil a dhéanann an tAontas Eorpach leis an domhan mór: easpórtálacha, iompórtálacha, líon na bpost a bhraitheann ar thrádáil, agus tuilleadh.
Tá an tAontas Eorpach agus Meiriceá chun dul i mbun idirbheartaíochta d’fhonn easaontas idir an dá thaobh maidir le cúrsaí trádála a réiteach. Tuilleadh anseo faoi ról na bhfeisirí.
Cuirfear feabhas ar an gcaidreamh idir AE agus an tSeapáin a bhuí le comhaontú trádála nua agus comhaontú comhpháirtíochta straitéisí idir an dá pháirtí.
Tá comhaontuithe trádála ag AE le tíortha ar fud an domhain ach conas go díreach a fheidhmíonn siad agus céard é ról na Parlaiminte? Caith súil ar an bhfíseán le tuilleadh a fhoghlaim.
Bíonn drochthionchar ag an dumpáil ar chuideachtaí agus ar oibrithe na hEorpa. Céard is féidir leis an Aontas Eorpach a dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb? Tuilleadh san alt thíos.
Is éard atá i gceist le reachtaíocht frithdhumpála ná ionstraim cosanta trádála chun táirgeoirí an Aontais Eorpaigh a chosaint ar chleachtais trádála éagóracha.
Tá réimse leathan ionstraimí cosanta trádála ar fáil ag an Aontas Eorpach chun gnólachtaí Eorpacha a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála. Tuilleadh eolais san alt seo.
Thug feisirí Eorpacha a gceadú an 30 Bealtaine le reachtaíocht nua chun dul i ngleic le dumpáil shóisialta agus allmhairí mífhéaráilte ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach.
Tá measúnú á dhéanamh ag feisirí Eorpacha faoi láthair ar thogra an Choimisiúin i dtaca le creatlach dlíthiúil a bhunú chun scagadh a dhéanamh ar infheistíocht dhíreach eachtrach in AE.
Tá sé mar aidhm ag comhaontuithe trádála deiseanna trádála níos fearr a chruthú agus bacainní ar an trádáil a shárú. Tuilleadh san alt seo faoi na comhaontuithe trádála AE atá ar na bacáin.
Baineann deiseanna ollmhóra leis an domhandú i dtaca le rachmas agus fostaíocht a chruthú. Baineann míbhuntaistí leis chomh maith áfach agus cé go ndéanann an tAontas Eorpach iarracht lántairbhe a bhaint as deiseanna an domhandaithe, caithfear an drochthionchar a laghdú freisin trí rialacha a leagan síos agus oibriú le tíortha eile. Le linn an tseisiúin iomlánaigh an 16 Bealtaine, pléadh páipéar an Choimisiúin Eorpaigh maidir le conas déileáil leis an domhandú amach anseo.