Ag cinntiú nach dtagann infheistíocht dhíreach eachtrach salach ar leasa na hEorpa

Tá measúnú á dhéanamh ag feisirí Eorpacha faoi láthair ar thogra an Choimisiúin i dtaca le creatlach dlíthiúil a bhunú chun scagadh a dhéanamh ar infheistíocht dhíreach eachtrach in AE.

Magnifying lens on world map. ©AP Images/European Union-EP
Cruthaíonn infheistíocht ón gcoigríoch thart ar 7.6 milliún post in AE ©AP Images/European Union-EP

Is é an tAontas Eorpach an t-onnmhaireoir agus an t-allmhaireoir is mó ar domhan ó thaobh na hinfheistíochta dírí eachtraí de. Baineann fostaíocht agus fás eacnamaíoch leis sin: gintear 36% den saibhreas iomlán a dhéantar san Aontas Eorpach a bhuí le hinfheistíocht dhíreach eachtrach, agus cruthaíonn infheistíocht ón gcoigríoch thart ar 7.6 milliún post in AE. Sa bhliain 2016, infheistíodh €280 billiún ón iasacht san Aontas Eorpach agus ba iad an Eilvéis (€55 billiún) agus na Stáit Aontaithe (€54 billiún) a bhí sa chéad agus sa dara háit ó thaobh infheistíochtaí díreacha eachtracha de.

 

Bhain tábhacht ar leith le hinfheistíocht dhíreach eachtrach le linn na géarchéime eacnamaíche is déanaí. Ach le deireanas, tar éis do chomhlachtaí stáit ón gcoigríoch seilbh a ghlacadh ar phríomhbhonneagar fuinnimh agus iompair, agus ar chuideachtaí ardteicneolaíochta, tá imní ann i roinnt ballstát go bhfuil bonneagar criticiúil i seilbh thíortha ar nós na Rúise agus na Síne.

 

I roinnt ballstát (an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe) tá meicníochtaí i bhfeidhm chun rioscaí féideartha na hinfheistíochta dírí eachtraí a mheasúnú. Déantar meastóireacht den chineál céanna i dtíortha ar nós na hAstráile, na Rúise, na Seapáine, na Síne agus na Stát Aontaithe.

 

Tar éis éilimh na Parlaiminte agus na mballstát, fógraíodh moladh an Choimisiúin Eorpaigh an 14 Meán Fómhair 2017 i dtaca le creatlach dlíthiúil a bhunú chun mionscagadh a dhéanamh ar infheistíocht dhíreach eachtrach san Aontas Eorpach. Táthar ag iarraidh a chinntiú freisin nach gcuirtear slándáil agus buntáistí teicneolaíochta an Aontais i mbaol.

 

Moltaí an Choimisiúin?

 

  • Ba chóir sásra comhair idir na ballstáit agus an Coimisiún a bhunú lena bhféadfaidh siad a chéile a chur ar an eolas faoi infheistíochtaí díreacha eachtracha a d'fhéadfadh an tslándáil nó an t-ord poiblí a chur i mbaol.
  • Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí má mheasann sé go ndéanfaidh siad difear a fhad a bhaineann le tionscadail nó cláir atá chun leasa an Aontais amhail Galileo nó Fís 2020.
  • Ba cheart tuilleadh trédhearcachta a áirithiú sna próisis tháthcheangail.

36%

Sciar den saibhreas iomlán a dhéantar san Aontas Eorpach a ghintear a bhuí le hinfheistíocht dhíreach eachtrach

Tuairim na bhfeisirí?

 

Tá meastóireacht á déanamh ag feisirí i láthair na huaire ar mholtaí an Choimisiúin agus bhuail feisirí an choiste um thrádáil idirnáisiúnta leis an gCoimisinéir Cecilia Malmström an 23 Eanáir chun an cheist a phlé. Is é an feisire Francach de chuid Pháirtí an Phobail Eorpaigh Franck Proust a chuir tuarascáil an choiste ar an ábhar le chéile. Ag labhairt dó ag an éisteacht an 23 Eanáir, dúirt sé:

 

“De bharr go bhfuilimid ar brath ar a chéile, ní mór an mórphictiúr a thuiscint. Le sealbhú cuideachta i dtír amháin, d’fhéadfadh iarmhairtí slándála a bheith ann ar an taobh eile den Eoraip. Ní mór dúinn faisnéis a mhalartú ar a laghad.” Dúirt sé chomh maith go gcaithfear meicníocht a bhunú atá “stuama, comhréireach agus éifeachtach”.

 

Chuir an chuid is mó d’fheisirí an choiste fáilte roimh mholtaí an Choimisiúin ach chuir siad imní in iúl faoi raon feidhme agus critéir na meicníochta. Bhí imní ann freisin faoi bhonneagar criticiúil a bheith i seilbh na Rúise agus na Síne; dúirt feisirí go gcaithfear cómhalartacht a áirithiú agus go gcaithfear fáil réidh le bacainní roimh infheistíochtaí AE sa dá thír sin.

Tuilleadh faisnéise