Tionchar na dumpála ar tháirgeoirí agus ar fhostaithe na hEorpa

Bíonn drochthionchar ag an dumpáil ar chuideachtaí agus ar oibrithe na hEorpa. Céard is féidir leis an Aontas Eorpach a dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb? Tuilleadh san alt thíos.

A ship with containers
Tá AE ar son saorthrádála mar déanann sé margaí nua a oscailt d’earraí agus do sheirbhísí an Aontais ©BELGA/BELPRESS/L.VIDAL

Tarlaíonn dumpáil nuair a dhíolann cuideachtaí eachtrannacha tairgí ar phraghas a íslíodh go saorga é mar gheall ar idirghabháil an stáit, nó má tháirgtear an iomarca de tháirge áirithe chun é a dhíol ar phraghas íseal ar an gcoigríoch.

Caith súil ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

Is cleachtas éagórach trádála é dumpáil mar díoltar na táirgí ar phraghas nach bhfuil bunaithe ar a bhfíorluach. Chun cuideachtaí (agus fostaithe) na hEorpa a chosaint ó dhamáiste mar gheall ar iomaíocht éagórach, uaireanta bíonn ar an Aontas dul i muinín ionstraimí frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais.

Ceann de na huirlisí atá ag an Aontas Eorpach ná taraifí frithdhumpála a ghearradh ar iompórtálacha éagóracha. Tá tuilleadh eolais faoi bheartas frithdhumpála an Aontais Eorpaigh ar fáil trí chliceáil anseo.