Buntáistí an domhandaithe eacnamaíoch san Eoraip: fíricí lárnacha

Méadú ar onnmhairithe, ar phoist agus ar dheiseanna do fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Faigh amach na fíricí lárnacha maidir le buntáistí an domhandaithe don Aontas Eorpach.

View from the height of a crowd of people. ©AP Images/European Union-EP
Is fiontair bheaga agus mheánmhéide iad os cionn 80% d’onnmhaireoirí na hEorpa ©AP Images/EU-EP

Bíonn go leor leasanna agus deiseanna ann mar thoradh ar an domhandú, mar aon le dúshláin. Tá sé d’aidhm ag an Aontas leas a bhaint as an domhandú trí thairbhe a bhaint as a chuid deiseanna agus a chuid éifeachtaí diúltacha a mhaolú.


Méadú ar thrádáil do chuideachtaí Eorpacha


Leis an réim trádála Eorpach agus an iliomad comhaontuithe trádála a rinne an tAontas Eorpach a chaibidliú, is réigiún maith é le gnó a dhéanamh leis. Is é an comhpháirtí trádála is mó atá ann do 80 tír.


Mar thoradh air sin, tá an tAontas Eorpach ar cheann de na príomhghníomhaithe ó thaobh trádáil idirnáisiúnta de, mar aon leis na Stáit Aontaithe agus an tSín: is ionann onnmhairí AE agus os cionn 15 % d’onnmhairí an domhain. Is fiontair bheaga agus mheánmhéide iad os cionn 80% d’onnmhaireoirí na hEorpa.


Tháinig méadú ó thart ar €1,160 billiún in 2000 go dtí €2,900 billiún in 2018 ar onnmhairithe trádála agus seirbhísí AE. In 2017, tháinig méadú os cionn 12% ar onnmhairithe chuig an gCóiré Theas, os cionn 10% chuig an gColóim agus tháinig méadú 7% ar onnmhairithe an Aontais chuig Ceanada.

Trade
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Deiseanna fostaíochta


Soláthraítear poist mar thoradh ar an domhandú. In 2011, bhí onnmhairithe AE ag tacú le hos cionn 36 mhilliún phost (1 as 7 bpost) san Aontas. Le gach billiún a ghintear ó onnmhairithe ón Aontas Eorpach, tacaítear le tuairim is 13,000 post ar an meán san Aontas.


I gcás fhormhór na bpost sin a bhaineann le honnmhairithe, tá tuarastail mhaithe ag gabháil leo. Tá pá 12% níos fearr ar an meán ag gabháil leo i gcomparáid le poist eile.


Buntáistí do thomhaltóirí


Is as allmhairithe a thagann buntáistí móra an domhandaithe agus na trádála do thomhaltóirí. Le comhaontuithe trádála, íocann allmhaireoirí dleachtanna níos ísle. In éineacht le hiomaíochas méadaithe, ciallaíonn sé sin go mbíonn praghsanna níos ísle ar earraí (éadaí, fóin chliste, teilifíseáin, bogearraí, gluaisteáin) agus ar sheirbhísí.


Is féidir le tomhaltóirí leas a bhaint as rogha níos fairsinge freisin, de réir mar a théann éagsúlacht na dtáirgí agus seirbhísí i méid.


Meastar go bhfuil €24 bhilliún in aghaidh na bliana, nó €600 in aghaidh an tomhaltóra sa bhliain, bainte amach ag tomhaltóirí AE mar thoradh ar phraghsanna níos ísle agus rogha níos fairsinge.


Tá méadú ag teacht ar an leibhéal saibhris agus compoird mar aon le caighdeán feabhsaithe maireachtála.


Buntáistí na trádála taobh istigh den Aontas


Taobh istigh den Aontas, tá sé mar aidhm leis an margadh aonair bacainní trádála idir tíortha AE a bhaint.


Is é an margadh aonair Eorpach an limistéar eacnamaíoch is mó ar domhan atá saor ó bhacainní. Sa limistéar sin, tá os cionn leathbhilliún saoránach agus tuairim is €13 thrilliún d’olltáirgeacht intíre.


Meastar go bhfuil 2.8 milliún post cruthaithe mar thoradh ar an margadh aonair.