Físeán: súil siar ar an díospóireacht le hiarrthóirí d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Ghlac príomhiarrthóirí d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh páirt i ndíospóireacht bheo sa Pharlaimint sa Bhruiséil an 15 Bealtaine. Súil siar san fhíseán thíos.

Leis an díospóireacht uachtaránachta an 15 Bealtaine, bhí deis ag toghthóirí an Aontais léargas a fháil ar sheasamh na bpríomhiarrthóirí d’uachtaránacht an Choimisiúin maidir le réimse leathan ceisteanna. Craoladh an díospóireacht uachtaránachta ar níos mó ná 35 chainéal agus thart ar 60 ardán ar líne.


Bhí an díospóireacht ar siúl i seomra iomlánach na Parlaiminte sa Bhruiséil agus rinne triúr láithreoirí teilifíse modhnóireacht ar na himeachtaí. Bhí crannchur ann an 4 Aibreán chun ord na gcainteoirí a shocrú.


Próiseas na bpríomhiarrthóirí


Roimh na toghcháin Eorpacha, is féidir le páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach príomhiarrthóirí a ainmniú chun a bhfeachtas toghcháin ar fud an Aontais Eorpaigh a threorú agus chun bheith ina n-iarrthóirí oifigiúla d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh. Tar éis na dtoghchán, toghfar an príomhiarrthóir arna ainmniú ag an gComhairle, ar féidir leis tromlach sa Pharlaimint a fháil, ina uachtarán ar an gCoimisiúin Eorpach trí vóta Pharlaimint na hEorpa.


Baineadh úsáid as próiseas na spitzenkandidaten don chéad uair sa bhliain 2014. Nuair a d'ainmnigh ballstáit an Aontais Jean-Claude Juncker d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh, bhí torthaí thoghcháin na hEorpa á gcur i gcuntas acu - don chéad uair. Sa Ghearmáinis is éard atá i gceist le spitzenkandidaten ná príomhiarrthóirí, na daoine a chuireann páirtithe chun cinn do sheansailéireacht na Gearmáine.


Tá roinnt páirtithe polaitiúla tar éis níos mó ná príomhiarrthóir amháin a ainmniú, ach duine de na príomhiarrthóirí a bhí i láthair don díospóireacht an 15 Bealtaine.


Déanann Parlaimint na hEorpa cinntí móra: conas borradh a chur faoin ngeilleagar, conas srian a chur le húsáid fuinnimh, conas a chinntiú go mbeidh an bia a ithimid sábháilte. Nuair a vótálann tú, cinneann tú cé a dhéanfaidh na cinntí sin. Beidh na toghcháin Eorpacha ar siúl in Éirinn an 24 Bealtaine 2019.