Vacsaíní Covid-19: gá le tuilleadh dlúthpháirtíochta agus trédhearcachta

I ndíospóireacht maidir le dáileadh vacsaíní Covid-19 an 19 Eanáir, d’fháiltigh feisirí roimh chur chuige comhchoiteann an Aontais ach d’éiligh siad tuilleadh aontachta agus soiléireachta.

Tá níos mó trédhearcachta maidir le vacsaíní Covid-19 éilithe ag feisirí

Sa díospóireacht iomlánach maidir le straitéis AE um vacsaíní in aghaidh an choróinvíris, chuir formhór na bhfeisirí a dtacaíocht in iúl do chur chuige comhchoiteann an Aontais, a chinntigh gur forbraíodh vacsaíní sábháilte go tapa agus gur cuireadh tús leis an chlár vacsaínithe gan mhoill. Mar sin féin, d’éiligh siad tuilleadh dlúthpháirtíochta chomh maith le trédhearcacht ó thaobh conarthaí le comhlachtaí cógaisíochta de.


‘Is féidir linn beatha daoine a shábháil’


Dúirt Esther de Lange (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an Ísiltír): “Trédhearcacht mhéadaithe amháin a athróidh an bhraistint fhorleathan – bíodh údar léi nó ná bíodh – gur túisce brabús ná daoine sa tionscal cógaisíochta.” Mhol sí comhcheannach vacsaíní an Aontais: “Is ionann sin agus níos mó vacsaíní ar phraghas níos fearr agus faoi chúinsí níos fearr. Léiríonn sé a bhfuil an Eoraip in ann a bhaint amach agus muid aontaithe. Is féidir linn beatha daoine a shábháil.”


Thug cathaoirleach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe Iratxe García Pérez (an Spáinn) foláireamh maidir le “náisiúnachas sláinte” agus an dochar a d’fhéadfadh sé a dhéanamh do chomhoibriú Eorpach maidir le vacsaíní: “Má éiríonn linn bheith aontaithe agus na vacsaíní a dháileadh go cothrom sna ballstáit, tá údar againn a cheapadh go mbeidh 380 milliún Eorpach vacsaínithe faoi theacht an tsamhraidh [...] Labhraímis d’aon ghuth chun go dtabharfar dóchas ar ais dúinn in 2021 a bhuí leis an fheachtas vacsaínithe is mó riamh.”


‘Rás in aghaidh an chloig’


In ainneoin “rás in aghaidh an chloig” a bheith ann, d’iarr cathaoirleach Renew Europe Dacian Cioloș (an Rómáin) ar an Aontas gan dearmad a dhéanamh “go bhfuil freagracht orainn rudaí a dhéanamh ar bhonn iomlán trédhearcach, agus go bhfuil freagracht orainn i leith ár saoránaigh chun a muinín a thuilleamh”.


Ag labhairt di ar son Ghrúpa na Féiniúlachta agus an Daonlathais, dúirt an feisire Francach Joëlle Mélin gur léir go raibh easpa trédhearcachta san idirbheartaíocht maidir leis na conarthaí vacsaíne: “Tá muid anois sa tréimhse dáileacháin agus faighimid amach go bhfuil ganntanais ann agus nár comhlíonadh gealltanais na gcomhlachtaí cógaisíochta.”

Plenary debate on the EU global strategy on Covid-19 vaccinations
Tionóladh an díospóireacht iomlánach an 19 Eanáir 2021

‘Doiléireacht’


Labhair comhchathaoirleach na nGlasach Philippe Lamberts (an Bheilg) faoin ghá le trédhearcacht agus cháin sé an rúndacht a bhain leis na conarthaí idir an Coimisiún agus na saotharlanna: “Masla don daonlathas atá sa doiléireacht seo.” Maidir leis na ceisteanna dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann, dúirt sé: “Tá sé ríthábhachtach go mbeadh a fhios againn cé a bheadh faoi dhliteanas i gcás fo-iarmhairtí diúltacha.”


Dúirt an feisire Polannach Joanna Kopcińska de chuid Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa gurbh é an cinneadh ceart comhstraitéis vacsaínithe a shocrú: “Tá straitéis uileghabhálach de dhíth orainn, agus ar ndóigh tá baint idir sceipteachas agus imní faoin vacsaíniú a bheith ar siúl go mall, cuireadh moill b’fhéidir ar an dáileadh, agus níl na conarthaí tar éis a bheith trédhearcach”.


Rochtain neamhionann ar vacsaíní


Cháin Marc Botenga (Grúpa na Clé, an Bheilg) an rochtain neamhionann ar vacsaíní ar fud an domhain agus tharraing sé aird ar na deacrachtaí a bhíonn ag réigiúin bhochta teacht ar go leor vacsaíní: “Ní chaithfear aon bhrabús a dhéanamh as an phaindéim seo, agus is cinnte nach bhfuil leithscaradh uainn ó thaobh vacsaíní de.”


Dheimhnigh an Coimisinéir um Shláinte Stella Kyriakides go bhfuiltear ag éisteacht le héileamh na bhfeisirí maidir le trédhearcacht. D’fháiltigh sí roimh an chomhaontú le soláthróir vacsaín amháin chun téacs a chonartha a chur ar fáil, agus thug sí le fios go bhfuil an Coimisiún ag obair chun go ndéanfaí comhaontú dá leithéid le táirgeoirí eile.

A nurse administers a dose of the Pfizer/BioNTech Covid-19 vaccine to a woman in Ajaccio, on the French Mediterranean island of Corsica, on January 7, 2021, as part of France's national vaccination campaign to fight against the spread of the novel coronavirus. ©AFP_Pascal POCHARD-CASABIANCA
Bean á vacsaíniú sa Chorsaic an 7 Eanáir 2021 ©AFP_Pascal POCHARD-CASABIANCA

1.3 billiún vacsaín do thíortha i mbéal forbartha


Chuir an Coimisinéir in iúl freisin go bhfuil sí ag súil le tuilleadh iarratas ar údarú le haghaidh vacsaíní sna míonna atá amach romhainn. Leag sí béim ar a thábhachtaí atá cur chuige domhanda: “Ní bheidh aon tír slán ná haon geilleagar téarnaithe mura mbeidh an víreas faoi smacht ar na hilchríocha ar fad.” Luaigh sí an tsaoráid COVAX chun rochtain chothrom ar vacsaíní inacmhainne in aghaidh Covid-19 a áirithiú, a bhfuil sé mar aidhm aici 1.3 billiún vacsaín a chur ar fáil do thíortha ísealioncaim agus meánioncaim roimh dheireadh na bliana seo.


Ag labhairt di ar son uachtaránacht na Portaingéile ar an Chomhairle, dúirt Ana Paula Zacarias go raibh cúpla ceist le réiteach fós, lena n-áirítear formáid agus feidhm an dheimhnithe vacsaíne, cur chuige comhchoiteann maidir le húsáid agus le deimhniú na mearthástálacha antaiginí, agus aitheantas frithpháirteach ó thaobh thorthaí tástála Covid-19 de.


Straitéis vacsaíní AE

Ó thús na ráige den choróinvíreas, tá súil ghéar coimeádta ag feisirí na Parlaiminte ar an phróiseas i dtaca le vacsaíní a fhorbairt. Chomhordaigh an tAontas comhiarracht chun na vacsaíní a dháileadh go tapa, trí na céadta milliún euro a chur ar fáil do thionscadail taighde agus trí nósanna imeachta níos solúbtha a áirithiú. Thug feisirí a gceadú do mhaolú sealadach ó rialacha áirithe maidir le trialacha cliniciúla ionas go bhféadfaí vacsaíní a fhorbairt níos gasta.


Tharraing feisirí an choiste um shláinte phoiblí aird arís agus arís eile ar an ghá atá le muinín an phobail sna vacsaíní agus ar a thábhachtaí atá sé bréagaisnéis a chomhrac. D’éiligh siad tuilleadh trédhearcachta maidir le conarthaí, údarú agus dáileadh na vacsaíní in AE.


Vacsaíní a údarú


Faoin straitéis AE um vacsaíniú a seoladh i Meitheamh 2020, tháinig an Coimisiún ar chomhaontuithe réamhcheannaigh le forbróirí vacsaíne ar son na mballstát. Go dtí seo, tá sé chonradh curtha i gcrích ag an Aontas le comhlachtaí cógaisíochta.


An 21 Nollaig 2020, thug an Coimisiún Eorpach údarú margaíochta coinníollach don chéad vacsaín in aghaidh Covid-19, a d’fhorbair BioNTech agus Pfizer. Rinneadh an cinneadh sin mar gheall ar mholadh eolaíoch dearfach (bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach) a rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach. An 27 Nollaig, cuireadh tús le vacsaíniú ar fud an Aontais. An 6 Eanáir 2021, tugadh údarú margaíochta coinníollach do vacsaín Moderna. Táthar ag súil leis go n-údarófar an vacsaín a d’fhorbair AstraZeneca faoi dheireadh mhí Eanáir.