Frithsceimhlitheoireacht: a gceadú tugtha ag feisirí le cumhachtaí nua do Europol

Ní stopann mórfhadhbanna na coiriúlachta agus na sceimhlitheoireachta ag teorainneacha AE. Sin an fáth go bhfuil an Oifig Eorpach Póilíní ann, nó Europol mar is fearr aithne air. Tháinig feisirí ar chomhaontú le hionadaithe na Comhairle ag deireadh 2015 i ndáil le cumas frithsceimhlitheoireachta Europol a neartú. Thug tromlach na bhfeisirí a gceadú leis na rialacha seo i vóta sa Pharlaimint an 11 Bealtaine. Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim.

Europol_GA.jpg
Europol: an fód á sheasamh i gcoinne na coiriúlachta agus na sceimhlitheoireachta

Bunaíodh Europol chun cuidiú le ballstáit AE sábháilteacht a chur chun cinn san Eoraip, agus de réir mar a thagann éabhlóid ar na bagairtí atá os comhair phóilíní na hEorpa - mar atá feicthe againn go gairid - táthar ag iarraidh cumas frithsceimhlitheoireachta na gníomhaireachta a fheabhsú.


Cabhraíonn Europol le húdaráis forfheidhmithe dlí náisiúnta tabhairt faoin gcoiriúlacht agus faoin sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta. Tá sé mar aidhm ag an ngníomhaireacht a chinntiú go bhfuil comhoibriú éifeachtach ann idir ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí ar fud an Aontais. Comhoibríonn oifigigh Europol go dlúth le seirbhísí póilíneachta i dtíortha eile freisin - an Astráil, Ceanada, an Iorua agus na Stáit Aontaithe san áireamh.


Is é príomhchúram Europol ná dul i ngleic le:


  • gáinneáil idirnáisiúnta ar dhrugaí
  • smuigleáil inimirceach neamhdhleathach
  • gáinneáil ar dhaoine
  • pornagrafaíocht leanaí
  • gadaíocht feithiclí ar bhonn trasteorann
  • cibearchoireacht
  • sciúradh airgid
  • agus brionnú an euro.

Bunaíodh Europol sa bhliain 1999, tá sé ina ghníomhaireacht lánoifigiúil de chuid AE ó 2010. Tá níos mó ná 900 duine fostaithe le Europol atá lonnaithe san Háig agus is é stiúrthóir reatha na gníomhaireachta ná Rob Wainwright. Tá cuid d'fhoireann Europol fostaithe le húdaráis forfheidhmithe dlí na mballstát: gnáthphóilíní, póilíní teorann, oifigigh custaim agus seirbhísí slándála. Níl cumhachtaí gabhála ag oifigigh Europol agus níl sé de cheart acu fiosrúcháin a chur ar bun sna ballstáit.


Cuireann Europol réimse leathan seirbhísí ar fáil, lena n-áirítear malartú faisnéise agus measúnachtaí ar bhagairtí. Tá thart ar 100 anailísí coiriúla fostaithe ag Europol agus cuireann siad anailís fhadtéarmach maidir le coiriúlacht agus sceimhlitheoireacht ar fáil. Braitheann seirbhísí póilíneachta ar fud na hEorpa ar chabhair Europol chun níos mó ná 18,000 fiosrúchán idirnáisiúnta a dhéanamh gach bliain.


Cumhachtaí nua


Cuireadh rún chun vóta sa Pharlaimint an tseachtain seo i ndáil le cumhachtaí Europol a neartú. Tar éis d'fheisirí Eorpacha a gceadú a thabhairt leis an rún beidh sé níos éasca don ghníomhaireacht sainaonaid a bhunú d'fhonn dul i ngleic le bagairtí atá ag teacht chun cinn.


Leis na rialacha nua seo bheadh rialacha soiléire ann i gcomhair aonaid Europol, mar shampla an Lárionad Frithsceimhlitheoireachta a bunaíodh ag tús na bliana seo. I gcásanna áirithe bheadh Europol in ann faisnéis a mhalartú le cuideachtaí príobháideacha. Bheadh sé de cheart ag an ngníomhaireacht iarraidh ar Facebook leathanaigh de chuid an Stáit Ioslámaigh a dhúnadh mar shampla.


An chéad chéim eile


Tháinig foireann idirbheartaíochta na Parlaiminte ar chomhaontú an 26 Samhain le hionadaithe na Comhairle maidir leis na cumhachtaí nua seo. Ansin i vóta a bhí ar siúl sa Pharlaimint an 11 Bealtaine thug feisirí a gceadú leo. Agus deireadh tagtha leis an bpróiseas reachtach tiocfaidh an rialachán i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2017. Agus na cumhachtaí nua seo á dtabhairt do Europol gabhfaidh cosaintí sonraí an-láidir agus rialacha maoirseachta daonlathaí leo.


Cliceáil anseo chun an nuacht is déanaí ó sheirbhís preasa na Parlaiminte a fháil.

Tuilleadh faisnéise

Feisirí tar éis vóta a chaitheamh ar rún i ndáil le cumhachtaí Europol a neartú