Feisirí tar éis glacadh le rialacha cibearshlándála uile-Eorpacha

Ar chuir víreas ríomhaireachta isteach ort riamh? Ní tú an t-aon duine, ná baol ort. Bíonn tionchar ag an cibearchoireacht ar níos mó ná milliún duine gach lá, agus baineann costas bliantúil de €260-340 billiún leis. Is féidir le cibear-ionsaithe dochar nach beag a dhéanamh don sholáthar leictreachais nó do rialú srutha aerthráchta cuir i gcás. D'fhonn deireadh a chur leis na hionsaithe seo, thug feisirí a gceadú an 6 Iúil leis an gcéad threoir Eorpach a bhaineann leis an cibearshlándáil.

CYBER-SECURITY_GA.jpg
Grafaic faisnéise: na cibearbhagairtí is mó

Is furasta do choirpigh na cibearchoireachta greim a fháil ort, mar a fhaigheann an-chuid Eorpach amach gach bliain. Leis an treoir maidir le slándáil líonra agus faisnéise (NIS) táthar ag iarraidh rialacha cibearshlándála a chomhoiriúnú ar fud na hEorpa agus comhoibriú na mballstát ar cheisteanna cibearshlándála a fheabhsú.


Thug feisirí na Parlaiminte a gceadú an 6 Iúil leis an treoir. Faoi na rialacha nua seo bheadh ar chuideachtaí a chuireann seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil (in earnálacha amhail fuinneamh, iompar, sláinte agus baincéireacht) a chinntiú go bhfuil siad in ann cibear-ionsaithe a sheasamh. Bheadh orthu údaráis náisiúnta a chur ar an eolas chomh maith faoi sháruithe slándála tromchúiseacha. Chuirfí freisin le comhar na mballstát a mhéid a bhaineann leis an cibear-shlándáil.


I ré seo an digitithe tá ár spleáchas ar na líonraí leictreonacha agus ar chórais fhaisnéise ag dul i méid. De bharr seo áfach tá fadhbanna na calaoise agus an bhrionnaithe ag dul i méid ar líne chomh maith. De réir shuirbhé Eorabharaiméadair ó mhí Feabhra 2015 bíonn go leor Eorpach ar an airdeall a mhéid a bhaineann leis an cibearshlándáil. Ní ligeann 89% na bhfreagróirí a gcuid sonraí pearsanta agus iad ar líne, agus bhí 85% d'fhreagróirí an tsuirbhé den tuairim go bhfuil bagairt na cibearshlándála ag dul in olcas. Gach uile lá bíonn thart ar 150,000 víreas (nó cóid mhailíseacha eile) ag scaipeadh ar líne.


Agus a gceadú tugtha ag feisirí Eorpacha leis an treoir anois, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh í. Beidh 22 mhí ag na ballstáit leis an treoir a thrasuí ina ndlíthe náisiúnta.


Caith súil ar an ngrafaic faisnéise thuas chun tuilleadh a fhoghlaim faoi fhadhb na cibearchoireachta.

€260-340 billiún

An costas bliantúil a bhaineann leis an cibearchoireacht

Tuilleadh eolais